Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile
5:40 pm
Ms Orla Ní Cheallaigh:
Ní dhéarfadh an Roinn féin gur streamlining atá i gceist, ach is é an scéal atá faighte ar ais ag Ms Nic Mhathúna ná go bhfuil an Roinn ag iarraidh fáil réidh leis an rud réamh-ullmhaithe. Ach is rud réamh-ullmhaithe atá á chur ina áit so ní dhéanann sé ciall ar bith. Dúirt an Seanadóir dhá rud eile ansin. Maidir leis an scrúdú cainte san ardteist agus an 40%, dúirt mise é sin ag an gcruinniú a bhí againn go deireanach. Níl aon leanúnachas idir seo anois agus an 40% san ardteist. An freagra a fuair mé ná go dtiocfaidh athrú air sin freisin.
No comments