Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:40 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

40%, beagnach leath na marcanna. Má rachfaidh é seo tríd, cuirfidh sé go leor de na coláistí samhraidh i mbaol. Níl aon dabht faoi sin. Bíonn na scoláirí a fhreastlaíonn ar na coláistí Gaeilge idir naoi nó deich mbliana d'aois agus, b'fhéidir, 15 nó 16. Tá sé seo chun deacrachtaí móra a chruthú. Is í an cheist mhór ná an bhfuil sé rómhall rud ar bith a dhéanamh faoi seo anois. Bheinnse den tuairim gur chóir don choiste seo moladh a dhéanamh ag an Aire ar a laghad an cinneadh a chur siar bliain, más féidir é sin a dhéanamh, chun níos mó plé a bheith ann ar an ábhar seo. Tá an cinneadh seo chun teacht salach ar spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus ar obair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Ba cheist mhaith í don Aire Oideachais agus Scileanna cén leibhéal plé a bhí aige leis an Aire Stáit le freagracht as an Ghaeltacht. Bheadh sé suimiúil freagra na ceiste sin a fháil amach. Measaim nach bhfuil ciall ar bith leis seo. Cá bhfuil an Roinn ag teacht as ar an ábhár seo? An mbeidh na ceardchumainn ag cur brú anseo? An bhfuil aon réasún ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaca leis an chinneadh seo ach amháin streamlining a dhéanamh air leis na hábhair eile?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.