Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:00 pm

Mr. Fergus Ó hÍr:

Chuir muid plean leithéid í sin os comhair Ofcom. Ní thiocfadh linn sin a dhéanamh, mar tá sé ag iarraidh go dtabharfadh stáisiún pobail guth do phobal áitiúil, rud atá ciallmhar go leor. Caithfidh grúpa áitiúil é sin a dhéanamh. Ba sin an smaoineamh a bhí ar chúl an áit úr atáimid ag tógáil. Is é an t-ainm atá ar an áit úr ná Líonra Uladh, mar bhí muidne ag iarraidh go mbeidh líonra de stáisiúin pobail Gaeilge ann ar fud na Sé Chontae, nó níos faide más féidir.

Is é ár dtaithí gur bealach iontach é raidió pobail le pobal a spreagadh, leis an Gaeilge a spreagadh agus araile. Bhí muidne ag iarraidh go mbeadh seans ag grúpaí taobh amuigh de Bhéal Feirste an rud céanna a dhéanamh. An chéad bhealach chun an seans seo a thógáil dóibh ná go mbeadh muidne ag craoladh níos faide sa dóigh agus go mbeadh na pobail sin ábalta muid a chluinsint agus ionchur a bheith acu sa rud. Sin an rud is simplí. Is é an bealach eile ná go gcaithfidh gach grúpa cur isteach faoi choinne ceadúnais dóibh féin. Beadh siad cineál neamhspleách ach is féidir linn a bheith ag comhoibriú leo. Tá sé casta.

Faoin chóras atá ag Ofcom, níl cead ag grúpaí i gceantair áirithe cur isteach faoi choinne ceadúnais gach babhta. B'fhéidir go mbeadh cead ag Londain cur isteach i dtréimhse amháin, bheadh cead ag tuaisceart Sasana cur isteach an céad tréimhse eile, agus go mbeadh cead ag Tuaisceart na hÉireann cur isteach ina dhiadh sin. B'fhéidir go gcaithfear fanacht trí bliana go dtí go dtagann sé ar ais go dtí an ceantar, má thagann. Tá an cineál rud a mholann Ofcom an-chasta.

Ó thaobh an airgeadais, Foras na Gaeilge agus an pointe a luaigh Mr. Ó Fiannachta, tá an sceim raidió pobail an-mhaith agus táimid an-bhuíoch de. Tá muidne agus Raidió na Life istigh sa chóras. Ceann de na rudaí a bhí muidne a dhéanamh ná bhí muidne ag iarraidh grúpaí taobh amuigh de Bhéal Feirste a spreagadh agus cuidiú a thabhairt dóibh staisiúin ina gceantair féin a bhunú. Is é an mhíbhuntáiste leis sin, má éiríonn linn stáisiún a thógáil in áit éigin, ansin, go tobann, tá an stáisiún nua i gcomórtas linn faoi choinne airgid. Níl ach grúpa amháin sa Tuaisceart agus grúpa amháin sa Deisceart. Fiú go bhfuil muid an-bhuíoch as an rud, sílim go gcaithfidh siad athamharc ar sin. Ba chóir go gcinnteofar, má tá stáisiún eile i nGaillimh, nó áit éicint eile, atá ag iarraidh rudaí, go mbeadh airgead ar fáil dá leithéid agus nach mbeadh níos lú airgid ag Raidió na Life nó ag Raidió Fáilte mar gheall air. Is é an pointe céanna a rinne Mr. Ó Néill. Caithfear níos mó airgid a chur isteach sa phota sa dóigh agus go mbeimid ábalta na stáisiúin eile agus na pobail sna ceantair eile a spreagadh, mar is uirlis iontach raidió pobail le grúpa pobail a spreagadh.

Tá an fhadhb céanna ag dul ar aghaidh faoi na chultúrlainn faoi láthair. Tá siad ag iarraidh cultúrlainn úra a oscailt, rud atá fíor-mhaith, ach tá siad ag bagairt go mbeadh airgead tugtha ó chultúrlainn i mBéal Feirste agus i nDoire. Níl mórán céille leis sin. Teastaíonn níos mó airgid sa phota leis na rudaí a spreagadh sna ceantair eile. Gabh mo leithscéal, tá mé giota beag as an ábhar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.