Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

5:30 pm

Mr. Fergus Ó hÍr:

Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go n-amharcaimid air seo. Mar a dúirt gach duine, is bealach an-mhaith é ó thaobh costas de. Tá muidne ábalta seirbhís iomlán a sholáthar ag céatadán den chostas atá ag dul chuig na háiteanna eile.

Níor mhaith liom an coiste a bhuaireamh le figiúirí. Má amharcann muid ar Radio nan Gàidheal in Alban, tá sé ag obair le thart ar £6 milliún sa bhliain. Tá Radio Cymru ag obair le £18 milliún sa bhliain. Táimidne ag déanamh an méid céanna ar níos lú ná £250,000. Tá caighdeán ard ann agus táimid ag tabhairt rudaí breise sa mhéid is go bhfuilimid ag ligean don phobal teacht isteach. Is stáisiún pobail muid sa fíorchiall. Is féidir bualadh ar an doras. Tarlaíonn sé go minic go dtagann daoine isteach, tugann muid traenáil dóibh agus ansin déanann siad craoladh. Bogann cuid mhaith de na daoine sin ar aghaidh isteach sna meáin cumarsáide eile. Tá liosta mór fada de dhaoine a thosaigh linn atá anois ag obair leis an BBC, Raidió na Gaeltachta, NÓS agus áiteanna eile ar fad. Is bealach isteach sna meáin cumarsáide é do chuid mhaith daoine. Tá luach breise mór ansin. Is rud tábhachtach é sin. Leis an gcomhoibriú, táimid ábalta an taithí atá ag Raidió na Life a thabhairt isteach agus ár dtaithí féin a chur thart.

Táimid ar an Idirlíon ar www.raidiofailte.com. Tiúnáil isteach. Táimid ag caint le Ofcom faoi láthair faoi dul ar ardán digiteach. Go dtí seo, bhí sé an-chostasach le dul ar cheann de na h-ardáin digiteacha seo le bheith ar stáisiún teilifíse, raidió trádálach agus araile. Tá Ofcom ag obair ar ardán úr atá i bhfad níos saoire fá choinne raidió pobail, agus táimid ag caint leis fá dtaobh de sin ag an bpointe seo. Níl Ofcom soiléir faoin toradh a bheidh ar na cainteanna atá ag dul ar aghaidh nó fiú an teicneolaíocht a bhaineann leis, ach táimid ag amharc ar sin. Idir an dá linn, táimid ag sruthú ar an Idirlíon.

Maidir le tallann a fhorbairt, mar a luaigh mé, déanann muid traenáil leis an IBF. Tá an IBF ag íoc as cúrsaí traenála agus déanann muidne cúrsaí traenála go rialta. Tá ceann ag dul ar aghaidh faoi láthair. Tagann daoine isteach, déanann siad an cúrsa linn agus téann cuid acu ar aghaidh ag craoladh. Tá sé an-mhaith mar bhealach le daoine le Gaeilge a tharraingt isteach i gcomhluadar Gaelach agus le bheith ábalta obair ar an nGaeilge agus rudaí a dhéanamh trí Ghaeilge. Táimid ag ofráil na rudaí sin. Táimid ag obair leis na scoileanna áitiúla, na grúpaí óige áitiúla agus na ranganna atá ag dul ar aghaidh ar fud Bhéal Feirste. Bíonn daoine istigh agus ag tabhairt amach eolais fá dtaobh de. Tagann daoine isteach agus déanann siad traenáil. Arís, níl siad uilig ag dul ar aghaidh le bheith ag obair le RTE, BBC, Raidió na Gaeltachta nó cibé rud. Déanann cuid acu é fá choinne an craic. Táimid ag freastal ar gach aoisghrúpa. Tá an duine is óige 16 bliana d'aois. Tá an duine is sine 86 bliana d'aois agus ní chailleann sí lá. Tagann sí isteach agus déanann sí seó gach seachtain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.