Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

5:20 pm

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Is mise bainisteoir stáisiúin Raidió na Life. Mar is eol don choiste, stáisiún raidió pobail do phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath is ea Raidió na Life atá ag craoladh go leanúnach ó 1993. Tá ceadúnas craolacháin deich mbliana, a mhairfidh go dtí 2027, díreach bainte amach againn le hÚdarás Craolacháin na hÉireann. Beimid ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer in 2018. Ba é Raidió na Life an chéad eagraíocht chraolacháin lán-Ghaeilge a thosaigh ag craoladh ar na haerthonnta go lánaimseartha i ndiaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta. Thosaigh an stáisiún ag craoladh go lánaimseartha in 1993, trí bliana sular thosaigh Teilifís na Gaeilge, nó TG4, in 1996.

Tugadh cuireadh dúinn bheith anseo chun labhairt faoi na dúshláin a bhaineann le craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge. Curtha go simplí, an dúshlán is mó dúinn ná maoiniú agus easpa acmhainní daonna. Tá tacaíocht airgeadais faighte againn, mar atá ag Raidió Fáilte, go leanúnach ó Fhoras na Gaeilge agus, inár gcás féin, ó Bhord na Gaeilge roimhe, ón uair gur thosaigh Raidió na Life. Ba ionann deontas Fhoras na Gaeilge do Raidió na Life agus €240,000 i mbliana. Ba ionann é agus an tsuim chéanna sin in 2016 agus sin an deontas céanna atá geallta dúinn le haghaidh 2018 freisin. Buiséad beag bídeach is ea é seo i gcomhthéacs na mbuiséad atá ag craoltóirí móra na Gaeilge ar nós TG4 agus Raidió na Gaeltachta.

Íocann an maoiniú seo ó Fhoras na Gaeilge as fhostú na foirne lánaimseartha de thriúr agus beirt fhostaí pháirtaimseartha mar aon lenár bpríomhchostais reatha agus oifige, cé nach gclúdaíonn an deontas sin na costais sin go léir fiú. Bíonn thart ar 100 láithreoir deonach agus uaireanta níos mó ná sin ag craoladh leis an stáisiún ag aon am amháin. Tá bord stiúrtha deonach i bhfeidhm freisin.

Cuireann deontas an Fhorais ar ár gcumas feidhmiú mar atáimid i láthair na huaire ach le brú mór ar an bhfoireann reatha. Táimid an-bhuíoch den Fhoras, mar a dúirt Raidió Fáilte, as ucht a chuid tacaíochta dúinn i gcónaí. Is cinnte nach mbeadh ann do Raidió na Life murach an tacaíocht sin, ach ní leor é. Déanaimid ár ndícheall ar ndóigh agus creidimid go ndéanaimid jab an-mhaith leis an méid atá againn, ach tá géarghá ag an bpointe seo le tuilleadh infheistíochta i Raidió na Life. Tá foireann againn atá paiseanta, tiomanta agus lán de thalann agus de chumas, ach tá brú leanúnach orthu.

Tá fís againn Raidió na Life a fhorbairt ní hamháin mar stáisiún raidió comhaimseartha Gaeilge den chéad scoth a sholáthraíonn seirbhís raidió leathan don phobal Gaeilge, idir chláracha cainte a chlúdaíonn réimse leathan ábhair ó chúrsaí reatha go cúrsaí siamsaíochta agus cláir ceoil de gach uile shaghas stíle faoin spéir, ach chomh maith leis sin mar lárionad cruthaitheach, nó creative hub, do an meáin Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, ag obair go háirithe leis an nua-theicneolaíocht.

Le cur le cumas Raidió na Life an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí fós, ar cheann de na moltaí atá á ndéanamh againn, táimid ag moladh gurbh fhiú iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le hinfheistíocht dhíreach a dhéanamh sa stáisiún ar bhonn bliantúil, ag baint leas as céatadán den táille ceadúnais teilifíse faoi mar a dhéantar le RTÉ. An moladh atá á dhéanamh againn ná infheistiú de 0.3% den táille iomlán ceadúnais teilifíse a infheistiú i Raidió na Life gach bliain. Mholfadh muid chomh maith, agus iniúchadh á dhéanamh air seo, go mbreathnofaí ar na stáisiúin eile chomh maith agus stáisiúin phobail i gcoitinne. Chuirfeadh a leithéid seo d'infheistíocht buiséad thart ar €1 milliún ar fáil dúinn. Dá nglacfaí le moladh dá leithéid, bheadh muid ag moladh go ndéanfaí é ar bhonn céimnitheach thar cúpla bliain. Mar shampla, go dtosnófaí le céatadán níos ísle i mbliain a haon - fiú 0.05%. Bheadh sé sin thart ar €150,000 agus d'fhéadfaí é sin a ardú bliain i ndiaidh a chéile go dtí 0.3% thar, abair, thréimhse cúig bliana.

Chruthódh an infheistíocht seo an deis do Raidió na Life poist nua ardscileanna a chruthú in earnáil na craoltóireachta Ghaeilge. Le cruthú na bpost breise ardscileanna seo, chuirfí lenár gcumas líon na gclár raidió d’ardchaighdeán a mhéadú; cur leis an obair for-rochtana a dhéanaimid le scoileanna, grúpaí óige agus grúpaí pobail; agus feabhas a chur ar an gcaighdeán Gaeilge a bheadh le cloisteáil ar an stáisiúin trí chéile. Trí chur lenár gcumas níos mó daoine ardoilte a fhostú, d’fhéadfaimís níos mó daoine le hardchaighdeán Gaeilge acu a bheith ag obair ar bhonn íoctha ar chláir an stáisiúin.

Tá muidne an-bhródúil as ár gcuid oibrithe deonacha agus tá ardmholadh ag dul dóibh. Ar ndóigh, dá fheabhas iad ár gcraoltóirí deonacha, tá caighdeán measctha Gaeilge acu, rud atá ina scáthán ar phobal na Gaeilge trí chéile ar fud na tíre. Is é ár dtaithí go minic ná go mbogann na láithreoirí is cumasaí ó thaobh na teanga agus talann craoltóireachta de ar aghaidh go dtí stáisiúin eile tar éis tamaill. Is iad san stáisiúin ina bhfaighidh siad poist íoctha. Bheadh seans níos láidre againn daoine ardchumasacha dá leithéid a choimeád ach tuilleadh poist íoctha a bheith ar fáil sa stáisiún.

Mar chuid den fhís seo atá againn, ba mhaith linn an stáisiún a fhorbairt mar, mar a deirim, lárionad cruthaitheach, nó creative hub, meán Gaeilge do Bhaile Átha Cliath, ag tógáil ar an obair den tsaghas seo atá á déanamh againn cheana féin.

Chuirfeadh an infheistíocht seo freisin lenár gcumas le hinniúchadh a dhéanamh ar chraoladh i gceantar geografach níos leithne, mar atá á dhéanamh ag Raidió Fáilte sa scrúdú atá á dhéanamh acu siúd faoi láthair. Bheadh gá le hinfheistíocht chuí in infreastruchtúr tharchuradóireachta oiriúnach. Tá spéis againn iniúchadh a dhéanamh ar leithne an cheantair chraolacháin a shíniú amach ach tá sé seo ag brath ar mhaoiniú oiriúnach don tionscnamh ina iomláine. Bheadh sé ag brath chomh maith ar bheannacht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Níl aon amhras ach go dtógfadh sé seo an-chuid ó thaobh acmhainní daonna, airgeadais agus ama de. Bheadh orainn scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí ceadúnaithe éagsúla, na costais a bhaineadh lena leithéid agus mianta an phobail. Is é sin an bhfuil éileamh ann do raidió taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. An tuairim atá againne ná go bhfuil, ach caithfimid taighde struchtúrtha a dhéanamh air sin.

Go hachomair, mar cheann de na heagraíochtaí chraolacháin is bisiúla atá ag treabhadh linn i ngort na Gaeilge, ag cur na teanga chun cinn ar shlí bheoga, fhuinniúil agus phaiseanta, ag imirt dea-thionchar go háirithe ar dhaoine óga i dtaca lena meon i leith na teanga agus ag soláthar deiseanna úsáidte Gaeilge don iliomad duine i suíomh sóisialta taitneamhach agus dinimiciúil, molaimid go ndéanfaí infheistiú stuama i Raidió na Life a chuirfidh ar ár gcumas cur leis an méid atá á dhéanamh againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Creidimid sa chomhthéacs sin gur moladh uiríseal is ea an moladh le 0.3% den táille iomlán ceadúnais teilifíse a leithdháileadh ar Raidió na Life. Creidimid go bhfeicfí toradh ollmhór ar infheistíocht réasúnta beag.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.