Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

5:10 pm

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Ar an gcéad dul síos gabhaim buíochas leis an gcoiste thar ceann choiste Raidió na dTreabh agus thar ceann na n-éisteoirí as an deis seo a thabhairt dúinn teacht ina láthair le cur síos ar an dúshlán is mó atá romhainne mar chraoltórí pobail Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Is mór an pribhléid dúinn an obair mhaith atá ar bun againn sa gcathair le breis agus bliain a chur ina láthair. Ní hionann an scéal atá againne agus scéal Raidió na Life nó Raidió Fáilte go beacht, ó tharla nach stáisiúin iomlán FM muidne fós agus nach bhfuilimid ach bliain ar an bhfód le hais Raidió na Life, atá 20 bliain ar an bhfód, agus Ráidió Fáilte, atá 18 bliain ar an bhfód anois.

Bunaíodh Raidió na dTreabh os cionn bliain ó shin. Reáchtáil muid cruinniú poiblí in Áras na nGael agus bhí tuairim is scór duine i láthair aige sin, idir chraoltóirí, iriseoirí, mhic léinn agus pholaiteoirí as Gaillimh. Ba í an sprioc a bhí againn ná stáisiúin pobail FM a fhorbairt a bheadh in ann sceideal iomlán a chur ar fáil do phobal Gaeilge na Gaillimhe, macasamhail Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Féirste. Táimid múnlaithe ar an dá stáisiún eile sin.

Coicís ina dhiaidh an chruinnithe tosaigh sin, thosaigh ceathrar ag craoladh agus bhí dhá phodchraoladh in aghaidh na seachtaine ar fáil ar-líne. Tá 30 duine anois ag craoladh dhá uair a chloig in aghaidh an lae, cúig lá sa tseachtain, agus tá na céadta duine ó fud fad na tíre ag éisteacht leis na cláir atá á gcur ar fáil ar líne againn.

Chothaigh muid dea-chaidreamh le Flirt FM, stáisiún na mic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ón chéad lá riamh a thacaigh linn trí stiúideo a chur ar fáil cúpla uair a chloig in aghaidh na seachtaine, a lig dúinn tús a chur lenar gcraoladh. Ba ghá dúinn feachtas tiomsaithe airgid ar líne a thosú an samhradh seo caite mar gheall ar an fhás sciobtha ar a tháinig ar ár sceideal agus ar ár bhfoireann, go mbeadh muid in ann stiúideo dár gcuid féin a thógáil. Thacaigh os cionn 200 duine leis an bhfeachtas sin inar tiomsaíodh os cionn €8,000. Tá stiúideo sealadach tógtha againn in Áras na nGael i lár na cathrach leis an airgead sin.

Is é an sprioc atá againn na stáisiún FM a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i nGaillimh. Chuige sin, táimid ag feidhmiú faoi láthair de réir rialacha Údarás Craolacháin na hÉireann, cé nach bhfuilimid ar FM go fóill. Tá ardán cruthaithe againn do ghlórtha spéisiúla na cathrach agus do chraoltóirí a bhfuil sainspéiseanna faoi leith acu, chomh maith le cúrsaí reatha agus nuacht áitiúil a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá spéis againn freisin an pobal teanga a fhorbairt, ar bhealach fisiceach, le stáisiúin agus stiúideo a mbaileoidh craoltóirí agus cainteoirí le chéile ann, agus seirbhís a chur ar fáil do lucht éisteachta i nGaillimh agus níos faide i gcéin ar líne.

Ba mhaith linn deis fostaíochta agus taithí oibre a chur ar fáil i nGaillimh freisin. Tá naisc láidre againn le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le Flirt FM féin. Tá traenáil á thairiscint againn do chraoltóirí óga agus nua.

Ó thaobh cainteoirí Gaeilge i nGaillimh agus an pobal atá timpeall orainn, de réir Daonáiramh 2011, tá os cionn 30,000 cainteoir Gaeilge sa chathair agus cainteoirí laethúla tuairim is aon trian acu sin. Tá a fhios againn gur tháinig fás ar an uimhir sin i nDaonáireamh 2016, cé nach bhfuil figiúr cruinn againn fós, ach tháinig fás i nGaillimh.

Taobh amuigh den chathair, tá an Ghaeltacht is mó daonra agus is láidre ar leic an dorais againn, de réir Daonáireamh 2011 agus an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007-2015. Is iomaí cainteoirí Gaeilge ón gcathair atá imithe ar imirce. Creideann muid i Raidió na dTreabh gur féidir linn freastal orthu siúd tríd an stáisiún ar líne. Tá an cathair ina baile seirbhíse Gaeltachta freisin, agus bronnadh stádas dátheangach air i mí Márta seo caite. Anuas air sin uilig is í Gaillimh Phríomchathair Chultúir na hEorpa 2020 agus tá "teanga" ar cheann de thrí phríomhthéamaí ar chlár na bliana sin. Creidimid go gcuirfidh Raidió na dTreabh go mór leis an mbliain thábhachtach sin don chathair. Táimid den tuairim go bhfuil sé tábhachtach seirbhís áitiúil craoltóireachta a chur ar fáil do mhuintir na cathrach agus ardán a thabhairt do ghnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla a gcuid seirbhísí a thariscint agus a fhógairt trí mheán na Gaeilge. Táimid ag déanamh é sin.

Tá sé léirithe againn le bliain anuas go bhfuil spéis ann sa stáisiún agus go bhfuil tóir ar an tseirbhís a chuireann muid ar fáil. D’fhreastail os cionn 40 duine ar an gcruinniú deireanach eolais a bhí againn agus bíonn na céadta ag éisteacht leis na cláir ar líne chuile sheachtain.

Tuigeann gnóthlachtaí agus comhlachtaí na cathracha anois gur féidir an t-ardán a úsáid le seirbhísí agus eile a fhógairt agus scéalta a scaipeadh agus cuirtear glaoch go rialta ar an stáisiún ag lorg tacaíochta, agallaimh agus fógraíochta.

Maidir le dúshláin, níl ach aon dúshlán amháin dáiríre romhainn faoi láthair. Ní féidir linn tacú leis an bhfás leanúnach atá ag teacht ar an stáisiún ceal airgid agus áiseanna agus ceal tacaíochta eile. Níl bainistíocht lánaimseartha againn. Is í Iníon Uí Chearúil a ritheann an stáisiún ina ham saor féin. Dá bharr sin, níl uaireanta rialta oscailte ag an stiúideo mar ní féidir linn duine a fhostú lena bheith i láthair i gcaitheamh na seachtaine. Beidh an dúshlán seo i bhfad níos soiléire fós i gcaitheamh an tsamhraidh nuair nach mbeidh muid in ann ardchaighdeán agus líon na gclár a chur ar fáil mar a bhí le cúpla mí anuas ceal tacaíocht breise, bainistíocht lánaimseartha agus na craoltóirí a bheith ar fáil don stáisiún.

Beidh orainn freisin uasdátú a dhéanamh ar an gcóras craoltóireachta atá in úsáid againn más mian linn cur leis an sceideal atá á chraoladh faoi láthair againn. Tá sé mar aidhm againn ceadúnas FM a bhaint amach an bhliain seo chugainn. Tá an t-iarratas á réiteach faoi láthair. Beidh orainn suíomh nua a aimsiú don stiúideo a bheidh feilteach agus a luífidh leis na coinníollacha atá ag an BAI do stáisiúin phobail FM. Níl a fhios agam faoi láthair ar bhfaca duine ar bith an stiúideo atá ag Raidió na dTreabh. Tá muid thuas staighre uilig san áiléar in Áras na nGael. Caitheann duine dul suas ceithre cinn de staighrí le dul suas ann. An staighre deireadh suas ag an áiléar féin, tá sé chomh caol le rud ar bith. Ní fhéadfadh muid duine atá i gcathaoir rotha nó, fiú, duine atá faoi mhíchumas eile a chur suas ann. Tá sé deacair dul suas sa stiúideo. Mar sin, teastaíonn áit nua uainn agus níl airgead againn chun é sin a aimsiú nó a chur ar fáil. Tá an stáisiún agus an stiúideo forbartha go bunúsach chomh fada agus is féidir linn ag an bpointe seo gan breis airgid. Mar a dúirt mé, bhailigh muid €8,000 anuraidh le Fund it. Tá go leor dó sin imithe anois. Tá tuairim is €1,500 fágtha againn ó Fund it anuraidh. Tá go leor leor airgid caite. Is ónár bpócaí féin atá cuid den airgead ag teacht leis an stáisiún a rith faoi láthair mar níl aon maoiniú againn lena aghaidh.

Le dul chun cinn a dhéanamh le Raidió na dTreabh, lorg muid maoiniú ón Stát trí bhealaí éagsúla le bainisteoir lánaimseartha agus duine amháin eile páirtaimseartha a fhostú leis an stáisiún a rith, chomh maith leis an gcostas láthair mhaith a aimsiú agus stiúideo feilteach a thógáil ionas gur féidir linn an sceideal a fhorbairt agus ár gcláir a chraoladh. Níor éirigh linn maoiniú a fháil go dtí seo, áfach. Chuir muid isteach ar rud an Fhorais. Tá scéim raidió pobail ann ach níl ach dhá dheis ann: an ceann do Bhaile Átha Cliath atá ag Raidió na Life agus an ceann do Bhéal Feirste atá ag Raidió Fáilte. Níl scéim ann d'aon chathair eile sa tír. Cuir i gcás dá mbeadh duine éigin i gCorcaigh, i Sligeach nó i Leitir Ceanainn ag iarraidh stáisiún pobail Gaeilge a chur ar bun, níl scéim ag an bhForas le freastal air sin. Ní mhaith linn cur isteach ar an maoiniú, ar ndóigh, atá ag na stáisiúin eile. Is dóigh linn go mba cheart go mbeadh airgead breise ar fáil do chathracha eile cosúil linne atá ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh.

Is togra fiúntach é Raidió na dTreabh a bhfuil an iliomad buntáistí ag baint leis. Creidimid go láidir sa bpobal atá á chothú againn leis an stáisiún agus ba mhór againn tacaíocht an choiste seo an stáisiún agus an pobal sin a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.