Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

5:00 pm

Mr. Fergus Ó hÍr:

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach. Is mise bainisteoir Raidió Fáilte agus tá Eoghan Ó Néill Uasal, atá ina iriseoir sinsearach linn, agus Máire Nic Fhionnachtaigh Uasal, atá ina hoifigeach forbartha agus leas-bhainisteoir, liom. Táimid an-bhuíoch as bheith anseo. Táimid ag iarraidh a mhíniú don choiste caidé mar atá cúrsaí sa Tuaisceart maidir leis na meáin cumarsáide craolta Gaeilge. Is í an chúis atá leis an rud ar fad ná go bhfuilimid ag iarraidh pobal le Gaeilge a thógail sa cheantar. Go ginearálta, táimid ag éirí go maith le cúrsaí sa Tuaisceart agus i mBéal Féirste. Mar chuid de sin, tá na meáin cumarsáide an-tábhachtach. Amharcaimid orainn féin mar chuid den athbheochan sin agus mar chuid den phobal atá ag fás sa cheantar.

Sa chomhthéacs sin, tá fadhb ann maidir le líon na meán cumarsáide atá ann. Taobh amuigh de na meáin chumarsáide craolta, bhí agus Lá Nuafoilsithe againn ar feadh tamall. Bhí muid féin, Mr. Ó Neill go háirithe, agus daoine eile ag obair air sin le blianta fada. Ansin, tháinig Raidío Fáilte ar an domhan tamall fada ó shin agus fuair muid ceadúnas deich mbliain ó shin. Sa Tuaisceart, is féidir Raidió na Gaeltachta agus TG4 a fháil i bhformhór an réigiúin, ach tá deacrachtaí i gceantair áirithe. Maidir leis na soláthraithe a fhaightear sa Tuaisceart, craolann BBC Raidió Uladh seó amháin i nGaeilge gach lá le linn na seachtaine ar feadh leathuair agus craoltar seó dátheangach ar feadh uair a chloig ar an Satharn agus ar an Domhnach. Tá Raidió Fáilte beagnach taobh amuigh den rud agus is sin an méid. Bíonn clár teilifíse Gaeilge ar an BBC níos lú ná deich n-uair sa bhliain. Ní féidir a rá go bhfuil mórán ann maidir le teilifís a dtagann ón Tuaisceart féin.

Ar bharr air sin tá Raidió Fáilte, a chraolann 24 uair gach lá sa tseachtain. Tá ceadúnas againn ón údarás craoltóireachta Ofcom. Tá rialacha aige a deir nach bhfuil cead againn craoladh níos faide ná cúig chiliméadar. Táimid teoranta go dtí chathair Bhéal Féirste. Ba mhaith liom a rá nach dlí atá ann ach riail de chuid Ofcom agus is féidir leis é a athrú más mian leis. Ciallaíonn sin go bhfuil Raidió Fáilte le cluinsint ar na haertonntaí i mBéal Féirste, ach níl sé le cluinsint taobh amuigh de. Ar ndóigh, bímid ar an idirlíon so is féidir le daoine éisteacht linn ar líne, ach faighimid gearáin go rialta ó daoine a bhíonn ag obair i mBéal Féirste. Bíonn siad ag tiomáint abhaile ag éisteacht le Raidió Fáilte agus ansin nuair a fhágann siad an cathair, cailleann siad an stáisiúin. Táimid maoinithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim raidió pobail, mar atá Raidió na Life. Faighimid airgead ón Irish Language Broadcast Fund, ILBF, an ciste craoltóireacta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Táimid fíor-bhuíoch do Fhoras na Gaeilge agus an ILBF as an maoiniú sin.

Maidir leis an dóigh ina n-oibrímid, tá croífhoireann de thart ar seachtar againn atá fostaithe go lánaimseartha. Tá thart ar cúigear ag obair go páirtaimseartha. Deirim "thart ar" mar oibríonn daoine uaireanta difriúla. Chomh maith leis sin, tá foireann láidir de oibrithe deonacha againn. In aon tréimhse amháin bíonn líon de 40 ag teacht isteach go rialta. Tugaimid traenáil do na daoine sin agus ansin tugaimid foireann daoibh agus tagann siad isteach chun na seónna a dhéanamh. Tá caighdeán an-ard bainte amach ag na craoltóirí agus na craoltóirí deonacha. Tá roinnt duaiseanna bainte againn mar gheall air sin.

Soláthraímid sceideal leathan. Ní stáisiúin faoi choinne daoine óga ná seandaoine amháin muid. Soláthraímid sceideal iomlán a chlúdaíonn cursaí spóirt, cúrsaí nuachta, cúrsaí reatha, na healaíona, cúrsaí litríochta, ceol agus araile. Téimid trasna. Toisc gur muidne an t-aon stáisiúin a chraolann an t-am ar fad, soláthraímid sceideal leathan. Mar a dúirt mé, tá caighdeán maith ar an rud.

Déanaimid obair trasphobal agus sa Tuaisceart tá sé sin an-tábhachtach. Táimid ag freastal ar gach duine sa chathair a bhfuil suim aige nó aici sa Ghaeilge. Mar atá fhios ag an choiste, fadhb amháin atá againn ná go raibh an Ghaeilge ceangailte le thaobh amháin den phobal go stairiúil. De réir chuid mhaith duine, ní mar sin atá sé anois. Tá sé ag leathnú amach. Tá muidne ag déanamh obair tábhachtach sa ghné sin. Mar stáisiúin raidió, tá daoine ábalta muid a chluinsint cibé áit sa chathair ina gconaíonn siad. Táimid abálta freastal ar dhaoine ó gach cúlra agus gach aoisghrúpa. Sa chomhthéacs sin, táimid ag obair go leanúnach le baill den phobal Protastúnach nó aontachtach agus leis na pobail eitneacha, go háirithe leis an phobal Pólannaigh, chun iad a mhealladh go dtí an cultúr agus an teanga. Is é sin, go ginearálta, an cineál oibre a dhéanaimid. Tá plean forbartha againn.

Táimid ag tógáil foirgnimh úir faoi láthair. Thosaigh oibreacha tógála mí ó shin. Beidh áit ann. Ag an am seo den bhliain seo chugainn tá súil againn go mbeidh sé críochnaithe. Cuirimid fáilte roimh gach comhalta den choiste teacht agus cuairt a thabhairt air. Is ionad úr Gaeilge saindeartha ina mbeidh roinnt stiúideonna craolacháin, seomraí agus stiúideo traenála, áit faoi choinne an phobail agus na turasóireachta agus araile. Is foirgneamh mór é, le ceithre urlár, congárach do lár Bhéal Féirste. Is ionad úr tábhachtach é. Athraíodh sé saol na Gaeilge i mBéal Féirste agus, cinnte, saol craoltóireachta na cathrach. Tá súil againn go mbeimid ábalta cur leis an méid oibre atáimid a dhéanamh ansin. Táimid an-bhuíoch do Chomhairle Cathrach Bhéal Féirste, an Roinn Pobal sa Tuaisceart agus an Ciste Infheistíochta Gaeilge sa Tuaisceart as an airgead a bhfuair muid chun é sin a thógáil.

Sin an pictiúr mar atá maidir le Raidió Fáilte. Ní choinneoimid an choiste i bhfad eile. Maidir leis na fadhbanna, má tá an coiste ábalta cuidiú linn le tionchar a imirt ar Ofcom nó cibé dream ar an rud seo beimid buíoch. Ceann de na fadhbanna is mó atá againn ná an limistéar cúig chiliméadar craolacháin. Táimid ag caint le hOfcom fadúda sin le tamall fada. Tá an dream áitiúil de chuid Ofcom i mBéal Féirste an-bháúil. Tuigeann siad tábhacht an rud a dhéanaimid. I Londain, ní thuigeann siad é ag an leibhéal céanna. Táimid ag iarraidh brú a chur orthu le go ligfidh Ofcom muid craoladh níos faide ná an limisteár cúig chiliméadar sin. Tá Ofcom ag amharc ar na rialacha agus tá sé ag caint faoi na rialacha a athrú ach tá sé ag rá nach mbeidh athrú suntasach ar an limistéar craolacháin. B'fhéidir go ligfidh sé muid píosa beag níos faide a chraoladh, ach ní ligfidh sé muid dul a fhad le Baile na Manach, Iúr Chinn Trá nó na háiteanna sin ina bhfuil éileamh ann. Rinne muid suirbhé agus tá cuid mhaith daoine ag iarraidh muid a chluinsint - daoine atá ag obair sa chathair, mar a dúirt mé. Sin rud amháin atáimid ag iarraidh agus má tá an choiste ábalta labhairt le hOfcom nó tionchar a imirt air, beimid an-bhuíoch.

An rud eile, agus is dóigh go gcluineann an coiste sin ó gach duine, ná cúrsaí airgid. Mar a dúirt mé, tá mé an-bhuíoch go bhfuilimid ag fáil airgid ó Fhoras na Gaeilge agus ón ILBF agus airgead beag eile ó eintitis eile chomh maith, ach leis an dóigh a bhfuil sé faoi láthair le ciorruithe agus araile, tá neamhchinnteacht ina chúis buairimh i gcónaí. Táimid ag iarraidh go dtabharfaidh an Rialtas Thuaidh agus Theas tuilleadh airgid do Fhoras na Gaeilge, go háirithe sa chás seo maidir leis an scéim raidió phobail, agus don ILBF chomh maith sa dóigh agus go mbeidh cinnteacht ann go rachaidh an maoiniú sin ar aghaidh. Bíonn neamhchinnteacht leis an airgead sin. Caithfidh an ILBF teacht ar ais agus argóint a dhéanamh gach uair nuair a ritheann an t-airgead amach. Táimid ag iarraidh cuidiú leis sin.

Tá Raidió Fáilte ag soláthar seirbhís raidió i nGaeilge atá feidhmiúil agus cost-éifeachtúil. Maidir leis na staitisticí, bhí Ms Ní Fhionnachtaigh ag obair ar na figiúirí seo. Tá Radio nan Gàidheal in Albain ag fáil thart faoi £100 an duine. Tá Radio Cymru ag fáil £32 mar gheall ar líon na gcainteoirí san áit. Faigheann Ráidió Fáilte £6 an duine. Táimid ag déanamh obair an-mhaith ar airgead beag. Táimid ag soláthar seirbhís atá feidhmiúil agus cost-éifeachtúil, ach leis an bhuntaiste is fearr a bhaint as an múnla seo táimid ag iarraidh go mbeadh maoiniú cinnte fádtéarmach agus go mbeadh méadú ar an limistéar craolacháin atá againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.