Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 16 May 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Is é a bhí sa straitéis ná straitéis leathan agus cuimsitheach agus ní mionphleananna le cur chun cinn na Gaeilge a chinntiú thar thréimhse 20 bliain. Sin a bhí i gceist taobh istight den mhórstraitéis seo agus is é sin an fáth nach bhfuil mionsonraí socraithe ann nó leagtha síos ann. Bhí i gceist go ndéanfaí an pleanáil ar fad agus is straitéis Rialtais a bhí ceaptha a bheadh i gceist. Bhí sé le bheith stiúrtha ag an Taoiseach agus ag coiste Rialtais agus bhí aonad faoi leith le bheith i Roinn na Gaeltachta le saineolaithe tugtha isteach leis an straitéis a thiomáint. Sin atá ráite sa straitéis. Chomh maith leis sin, bhí céim an bhunaithe ann agus céim feidhmithe a 1. Tá sé spéisiúil breathnú ar chéim feidhmithe a 1. Deir sé, "Le linn blianta tosaigh na Straitéise, bunófar bearta fadtéarmacha le go mbeidh an soláthar de mhúinteoirí cáilithe agus de shaineolaithe eile ar fáil [le] go mbeidh na córais oiliúna cuí i ndáil leis sin bunaithe go luath sa Straitéis."
No comments