Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is é sin an aidhm. Tá sé ag déanamh an obair sin faoi láthair. Nílim ag rá go bhfuil aon rud mícheart leis an straitéis agus na rudaí atá ann, ach sílim go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh na moltaí atá ann níos soiléire. Ó thaobh scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, mar a dúirt mé is scéim an-mhaith agus fíor-tábhachtach é sin. Déanann sé an-difríocht do na scoileanna ar na hoileáin ó thaobh na huimhreacha. Arís caithfimid bheith cúramach faoin méid daoine atá ag dul isteach nach bhfuil Gaeilge líofa acu. Níl ról ag an Roinn in agallaimh faoi láthair. Fágaimid é sin do na scoileanna. Smaoiním gur cheart go mbeadh an Roinn lárnach sa phróiseas sin go mbeadh muid in ann daoine a thabhairt chuig na hoileáin a bhfuil caighdeán réasúnta acu agus go mbeadh siad ag déanamh feabhais ar an chaighdeán.

Is deis iontach é do dhaoine atá suim acu a bheith ina múinteoirí. Bheadh an ardteist agus chuile rud trí Ghaeilge acu ar na hoileáin agus bheadh siad in ann torthaí maithe a fháil. Déanfaidh sé sin feabhas don saol as sin ar aghaidh. Mar a dúirt mé, bhí mé sásta breis scoláirí a cheadú d'Inis Mór i mbliana. Caithfidh muid a bheith cúramach, áfach, mar bhí daoine ó chuid de na hoileáin ag gearán faoi líon na ndaoine a bhí ag teacht go dtí na scoileanna. Caithfidh muid na smaointe sin a thógáil san áireamh freisin.

Bhí ceist ann maidir leis an daonra sa Ghaeltacht. Mar is eol don Seanadóir, bhí drochthréimhse ann do gheilleagar na tíre. Nuair a tharla sé sin, bhí an Rialtas seo agus an Rialtas roimhe ag troid chun poist a choiméad agus a chruthú agus rudaí a chur i bhfeidhm. Mar shampla, chuir muid a lán béime ar thurasóireacht. In 2011, nuair a tháinig an t-iarratas isteach, bhí pacáiste againn chun cabhrú leis na huimhreacha ó thaobh na turasóireachta de. Bhí smaointe maithe ar nós Slí an Atlantaigh Fhiáin ann agus cruthaídh poist san earnáil turasóireachta. Is dea-scéal é sin. Níl an freagra agam maidir leis an titim i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht i ní hamháin Conamara ach i Maigh Eo agus i nDún na nGall freisin seachas le rá gur cailleadh poist agus nach raibh an obair ann do dhaoine a bhí ag tógáil tithe agus rudaí mar sin. B'fhéidir go raibh orthu imeacht. Bhí a lán daoine ó Chonamara ag obair i gcathair na Gaillimhe agus iad ag tógáil tithe i rith an Celtic Tiger ach, nuair a thit rudaí, bhí siad fágtha gan phostanna.

Cé go bhfuil figiúirí an daonáirimh foilsithe ina n-iomláine, fógrófar na mionsonraí i rith na bliana agus beidh níos mó eolais ansin ann. D'fhoilsigh an Roinn an plean forbartha tuaithe agus tá Údarás na Galetachta ag déanamh an-iarracht chun poist a chruthú. Tá ról an-tábhachtach ag an Údarás faoin tuath agus sa Ghaeltacht go mórmhór. An aidhm atá ag an Údarás ná 500 post a chruthú i rith na bliana seo. Bhí agus tá breis airgid curtha ar fáil ag an Údarás in 2016 agus in 2017. Má bhíonn breis airgid á lorg, beidh muid sásta tacú leis sin freisin. Tá a fhios agam go bhfuil pleananna maithe ag an Údarás ó thaobh post de.

Beidh mé sásta breismhaoiniú a chur ar fáil do na comharchumainn. Aontaím leis Seanadóir go dteastaíonn níos mó do na comharchumainn Ghaeltachta. É sin ráite, tá siad in ann airgead a fháil ó áiteanna eile nach bhfuil comharchumainn atá lasmuigh den Ghaeltacht in ann a fháil. Cabhróidh sé sin leis na comharchumainn san obair atá siad a dhéanamh. Ag an am céanna, tá an Seanadóir ceart go bhfuil siad faoi bhrú agus go bhfuil billí acu. Tá orthu íoc as árachas, teas agus rudaí mar sin. Bhí mé sásta an t-airgead a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta i mbliana agus bhí an tÚdarás sásta cabhrú leo. Chas mé leo roimh buiséad 2016 agus chuir siad cás maith os ár gcomhair. Bhí feidhmeannaigh an Údaráis i láthair ag an gcruinniú sin freisin agus bhí mé sásta go raibh an tÚdarás in ann breis acmhainní a thabhairt do na comharchumainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.