Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit ar ais arís. Bhí an-deifir ann an uair dheireanach agus tá sé go hiontach go bhfuil níos mó ama againn chun rudaí a phlé inniu. Ag an gcruinniú deireanach, bhí fíoracha mar gheall ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus na rudaí a bhí nó nach raibh bainte amach. Cuireadh liosta fada os ár gcomhair de na rudaí a bhí bainte amach. Níl ansin ach leath den phictiúir. Bhíomar ag iarraidh ar an Aire Stáit ag an gcruinniú gur amhlaidh gur theastaigh uainn go mbeadh slat tomhais ann ionas go mbeadh muid ábalta na rudaí a bhí déanta, na rudaí a bhí idir lámha agus na rudaí nach raibh tosnaithe fós a fheiscint i dtreo is go mbeadh slat tomhais ceart againn ar cé mhéad atá déanta agus cad iad na rudaí nach bhfuil déanta. Tá liosta fada anseo - soilse geala nó b’fhéidir coinnle beaga - ach ní hé an pictiúr iomlán. Dá mba rud é go bhféadfaí a leithéid a chur ar fáil arís - táim cinnte go raibh seo le bheith agaibh ón gcruinniú deireanach - b’fhéidir go bhféadfaí é a chur ar fáil roimh dheireadh an chruinnithe chun go bhféadfaimis é a phlé. Bheadh sé úsáideach mar slat tomhais chun íomhá ceart iomlán a fháil den straitéis.

B’fhéidir go bhfuil dearcaí éagsúla ag daoine ar an maoiniú chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Is ceist í atá mé tar éis a chur cúpla uair in áiteanna difriúla. Nuair a thosaigh na pleananna teanga á chur i bhfeidhm nó á chur le chéile, bhí thart ar €40,000 do na céad grúpaí. Bhí sé sin laghdaithe go dtí thart ar €10,000 do na grúpaí níos déanaí. Bhí an sciar is mó imithe. Nuair a thagann sé chun na pleananna a chur i bhfeidhm, bheadh buairt orm go mbeidh an t-airgead, nó an sciar is mó de, imithe ag na grúpaí is luaithe. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil go leor airgid á chur ar fáil chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm nuair a bheidh siad curtha le chéile? Feicim figiúirí faoi leith i gcóir iad a chur le chéile, ach conas gur tháinig an Roinn ar na figiúirí éagsúla? An bhfuil an t-airgead scaipthe amach de réir daonra nó conas a thagann an Roinn ar na figiúirí a chuir an tAire Stáit ar fáil do na grúpaí éagsúla chun an plean a chur le chéile agus, an rud is tábhachtaí, chun é a chur i gcrích?

Luaigh an tAire Stáit go raibh díomá air faoin daonáireamh. Bhí díomá orainn go léir. Ar chuir sé ionadh air go raibh na figiúirí laghdaithe mar sin? Caithfidh mé a admháil gur bhain sé preab asam. Bhíos i gcónaí den tuairim go raibh rudaí ag bogadh chun cinn agus mura bhfuil sé ag tarlú i mBaile Átha Cliath, tá sé ag tarlú i gCorcaigh, i nGaillimh nó sna Gaeltachtaí. Braithim gur baolach an easpa fuinnimhe ó Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil sé tar éis seeping tríd chuig na Gaeltachtaí agus go bhfuil sé le feiscint sna figiúirí ansin. Tá móiminteam á chailliúnt. Ní hamháin go bhfuil na figiúirí laghdaithe, tá an móiminteam a bhí ann le blianta anuas caillte. Is é sin an bhuairt is mó. Conas gur féidir é sin a thabhairt thar n-ais arís, brú ar aghaidh agus forbairt a dhéanamh air? Luaigh an tAire Stáit gur bhraith sé go raibh daoine ag fágáil na tíre. Nach mbeidís sin imithe roimh 2011 agus an tarna daonáireamh deireanach? Bhí brú oibre ann ó 2008, 2009 agus 2010. Bheadh a lán dóibh sin imithe cheana féin.

Maidir leis an maoiniú le haghaidh infreastruchtúr éagsúla sa Ghaeltacht ar nós bhóithre áise, bóithre straitéiseach, leathanbhanda agus mar sin de, nuair a cheistigh mé é seo cheana, an freagra a bhfuair mé ná go raibh an t-airgead ann do bhóithre nó do phleanáil teanga agus scéimeanna teanga. Ní gá go mbeadh sé ceann nó ceann eile. Sa chóras a bhí ann cheana, bhíodh airgead ann don dá rud. Bhíodh airgead ann do scéim labhairt na Gaolainne agus do bhóithre áise. Mar sin, ní gá go mbeadh coimhlint ann anois. Caithfidh go bhféadfaí airgead a chur ar fáil do rudaí cosúil le leathanbhanda, bóithre straitéiseacha, bóithre áise agus infreastruchtúr mar sin agus gan cur isteach ar na scéimeanna teanga. Fillfidh mé arís ar an gcaint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.