Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ó thaobh an dhaonáirimh, bhí díomá ar chuile duine maidir leis na torthaí. Bhíomar ag súil go mbeadh na torthaí ag leanúint ar aghaidh nó ag ardú. Ag an am céanna, caithfimid breathnú ar na rudaí dearfacha, go raibh ardú ar an líon daoine óga atá in ann an Ghaeilge a labhairt agus a labhraíonn í chuile lá. Is rud dearfach é go bhfuil an t-ardú sin ar an méid daoine óga. Caithfimid breathnú freisin ar an tionchar a bhí ag an imirce ar na torthaí. Tá a fhios ag chuile duine go raibh droch-gheilleagar sa tír ar feadh na blianta idir an daonáireamh i 2011 agus an daonáireamh i 2016. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ag teacht ar ais agus gur imigh daoine thar lear roimh 2011, idir 2008 agus 2011, ach tá sé soiléir gur imigh daoine óga ón tír seo i rith an tréimhse sin agus bhí Gaeilge líofa ag cuid acu. Dá raibh siad sa tír, bheadh siad ag cur ar an fhoirm daonáirimh go mbíonn siad ag labhairt Gaeilge chuile lá. Tá sé soiléir go raibh tionchar ag an imirce. Nílim ag rá gurb é sin an freagra ar fad ach is páirt é.

Nílim cinnte gur creidim é, ach tá daoine ag rá liom b'fhéidir go bhfuil daoine níos firínní agus iad ag líonadh na foirmeacha. Caithfidh mé a rá nach creidim é, ach tá sé ráite liom maidir leis na rudaí seo. Mar a dúirt mé, má breathnaítear ar na figiúir idir 2011 agus 2016, bhí ardú ar an líon daoine óga agus bhí laghdú ar an líon daoine idir 25 agus 35 a bhfuil an Ghaeilge acu. Ar stop na daoine sin ag labhairt an Ghaeilge nó ar imigh siad ón tír? Ní raibh athrú suntasach ar an líon cainteoirí ina 50í agus níos sine.

Ó thaobh na pleananna teanga, leagadh síos i reachtaíocht go mbeadh tréimhse thart ar dhá bhliain chun na pleananna sin a ullmhú. Mar a dúirt mé agus mé ag freagairt ceist an Chathaoirligh sa Dáil cúpla seachtain ó shin, níl an figiúr agam ach sílim gur iarr an chuid is mó de na heagraíochtaí ormsa ar bhreis ama chun na pleananna a ullmhú. D'iarr siad orm le bliain, sé mhí, nó naoi mí sa bhreis. Bhí mé sásta glacadh le sin do chuile eagraíocht a bhí á iarraidh. Sílim go raibh an chuid is mó de na grúpaí ag iarraidh breis ama. Níl aon plean faighte agam go fóill. Tá a fhios agam go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag déanamh athbhreithniú ar chuid acu atá faighte aige faoi láthair, ach níor tháinig aon cheann os mo chomhair go fóill. Mar a dúirt mé, leagadh tréimhse síos don ullmhúcháin agus táimid ag súil go mbeadh thart ar 13 plean foilsithe i rith na mbliana. Mar is eol don choiste, cuireadh thart ar €850,000 ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun tacú leis na heagraíochtaí chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm agus chun oifigigh Gaeilge a earcú i rith na mbliana. Bheadh airgead ar fáil sna blianta amach romhainn freisin chun tacú leis na pleananna sin agus chun iad a chur i bhfeidhm.

Ó thaobh na hoileáin Gaeltachta agus na hoileáin taobh amuigh don Ghaeltacht, tá a fhios agam gur phlé an choiste an rud seo agus gur phléadh é ag cruinniú cinn bhliana Chomhdáil Oileáin na hÉireann ar Inis Bó Finne trí seachtaine ó shin freisin. Tá súil agam nach bhfuil an Teachta ag iarraidh orm an méid a chuirtear ar fáil d'oileáin taobh amuigh den Ghaeltacht a laghdú. Sílim nach bhfuil sé ag iarraidh orm é sin a dhéanamh. Tá an difríocht sin ann agus bhí mé sásta breis airgid a chur ar fáil do na comharchumainn trasna na Gaeltachta, ar na hoileáin agus ar an mhórthír freisin, i mbliana. Cuireadh €250,000 breise ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun tacú leis na comharchumainn sin agus bhí sé sásta leis. Bunaíodh comharchumainn nua ar Inis Meáin agus ar Thoraigh le cuid beag den airgead, €4,000 nó €5,000. Is dea-scéal é sin. Bheadh airgead acu anois chun duine a earcú chun rudaí a chur ar siúl ar na hoileáin. Is rud maith é. Déanann siad an-obair. Tá a fhios agam go bhfuil siad faoi bhrú ó thaobh na billí atá ag teacht isteach maidir le árachas agus araile. Bhí mé sásta tacú leis. Tá a fhios agam go bhfuil siad fós faoi bhrú agus go bhfuil bearna idir an méid atá na húdaráis ag fáil ar oileáin Gaeltachta agus ar na hoileáin taobh amuigh di. Tháinig an t-airgead seo ó Roinn eile. Ní raibh muid freagrach as na hoileáin atá taobh amuigh den Ghaeltacht go dtí, b'fheidir, trí bhliain ó shin. Bhí na hoileáin ag fáil an t-airgead sin ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Bhí an difríocht sin leagtha síos. Lean muid ar aghaidh leis an méid airgid a bhí á fháil acu anuraidh. Mar a dúirt mé, beimid in ann breis airgid a thabhairt do na hoileáin Gaeltachta.

Ó thaobh na scoláirí, tá scéim mhaith ansin ar na hoileáin. Tá torthaí maith ag an scéim sin agus tacaíonn sí leis na huimhreacha sna scoileanna. Mar shampla, bhíomar in ann cúig scoláire breise a cheadú d'Inis Mór i mbliana agus cuideoidh sin leis na huimhreacha sa scoil. Leis an tacaíocht sin, tá an scoil in ann na múinteoirí atá aici faoi láthair a choimeád don chéad bhliain scoile eile. Is dea-scéal é sin. Tá an ceart ag an Teachta go ndéanann sé difríocht do na huimhreacha, ach ag an am céanna caithfimid bheith cúramach ó thaobh an líon daoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu a tugaimid isteach sa chóras oideachais ar na hoileáin, mar tá seans ann go mbeadh tionchar acu ar na daoine áitiúla a bhfuil in ann Gaeilge a labhairt. B'fhéidir go mbeadh drochtionchar acu ar an chaighdeán Gaeilge sa scoil agus ar an oileán. Tá faitíos orm maidir leis sin, ach tá an ceart ag an Teachta gur scéim mhaith í. Bhíomar sásta tacú leis agus táimid sásta tacú leis.

Maidir leis an bpacáiste do na teaghlaigh sa Ghaeltacht, tá níos mó ná sin ann. Mar shampla, tá pacáiste tacaíochta do na naíonraí. Cheadaíomar €110,000 chun cabhair a thabhairt do 15 naíonra trasna na Gaeltachta. Is rud tábhachtach é sin. Tá sé ráite liomsa gur rudaí maithe iad na pacáistí. Bíonn daoine sásta leo. Tá a fhios agam blianta ó shin go raibh an Roinn ag íoc as páistí a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt. Níl a fhios agam an raibh sé ró-fhéaráilte na páistí a chur faoin mbrú sin ó thaobh scrúduithe béil agus rudaí mar sin. Níl an scéim sin againn i láthair, ach tá scéimeanna eile ann chun tacú leis an nGaeilge.

Freisin, maidir leis na Cultúrlanna sa Tuaisceart, tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi láthair. Tá sé seo ag tarlú mar go gcaithfidh Foras na Gaeilge breathnú ar bhealaí chun na hionaid atá á fhorbairt timpeall an chuid eile den oileán a mhaoiniú. Ag deireadh an lae, is ceist do Fhoras na Gaeilge í seo. É sin ráite, bím i gcónaí ag troid le haghaidh airgead breise a fháil don fhoras. D’éirigh liom €750,000 a fháil don Fhoras Teanga do 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.