Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Léigh sé amach liosta mór fada de na gníomhartha atá idir lámha aige féin agus ag a Roinn. Is rudaí maithe an chuid is mó dóibh atá á ndéanamh acu, ach caithfimid bheith ionraic freisin. Tháinig an daonáireamh amach cúpla seachtain ó shin agus bhí sé úafásach mar gheall ar an titim atá tar éis teacht ar an méid daoine atá ag labhairt an Gaeilge istigh sa Ghaeltacht, agus taobh amuigh di freisin. Go dtí an daonáireamh sin, bhí fás ó na 1940í suas go dtí an bhliain sin mar gheall ar an méid daoine le Gaeilge sa tír. Stop an trend sin sa daonáireamh seo agus is rud úafásach é sin.

Sa Ghaeltacht féin bhí titim sa chuid is mó de na Gaeltachtaí thart timpeall na tíre. Bhí Gaeltacht amháin le dul chun cinn - An Rinn i gContae Phort Láirge. Bhí teacht maith ar na huimreacha sin. Caithfimid bheith oscailte leis an fhírinne, agus is í an fhírinne nach bhfuil rudaí ag obair i gceart sa tír seo. Baineann sé sin lena lán rudaí. Tá an ceart ag an Aire Stáit go bhfuil titim tar éis teacht ar an daonra ginearálta sa Ghaeltacht agus sna contaetha iargúlta in iarthar na tíre. Ciallaíonn sé sin gur bhog daoine ón Ghaeltacht amach uaithi go dtí Baile Átha Cliath nó thar lear, mar shampla, ag an am sin. Ba chúis é sin don titim, ach caithfimid díriú freisin go bhfuil giota beag de na Gaeltachtaí atá ag feidhmiú le comhréir daoine a bhfuil Gaeilge acu níos mó ná 63%. De réir na saineolaithe, is teorann tábhachtach é sin. Má thiteann an comhréir síos faoin uimhir sin, de ghnáth bíonn language shift ann. Bogann na daoine de réir a chéile go dtí Béarla. Chun bheith sonrach faoin rud seo, tá an Rialtas ag dul ar aghaidh agus ag cur pleananna teanga i bhfeidhm thart timpeall na Gaeltachtaí. Ar an gcéad dul síos, nach bhfuil sé fíor go bhfuil an próiseas sin úafásach mall?

Ar an dara dul síos, nach bhfuil sé fíor nach bhfuil go leor airgid ann chun é sin a dhéanamh? Bhí deis íontach againn taisteal go dtí Inis Mór cúpla seachtain ó shin. Bhíomar i dteagmháil leis an chomharchumann amuigh ar Inis Mór. Dar leo, tá an comharchumann ag fáil níos lú airgid ná na húdaráis atá i gceannas ar na hoileáin agus na háiteanna galltachta thart timpeall na tíre. Dar leo, tá oileáin galltachta ag fáil níos mó airgid ón Rialtas mar gheall ar dul chun cinn an sochaí amuigh ansin ná na hoileáin Gaeltachta. Tá i bhfad níos mó cúraimí ag na hoileáin Gaeltachta. Tá rudaí beaga ann freisin. Bhí siad ag caint faoi scoláirí ag dul ón mórthír go dtí na hoileáin chun a gcuid scolaíocht a dhéanamh sa mheánscoil ar Inis Mór, agus go bhfuil sé sin íontach le haghaidh na páistí agus le haghaidh an méid oideachais atá le fáil ar na hoileáin freisin. Ní raibh siad ag iarraidh ach, b'fhéidir, €150,000 sa bhliain chun é sin a dhéanamh i bhfad níos forleithne. Bheadh sé sin mar thairbhe iontach ar na hoileáin.

Ar an pleanáil teanga, an bhfuil aon saghas slat tomhais ar an méid oibre atá á dhéanamh? Conas is féidir linn a rá ag an pointe seo? Mar a deireann na bainisteoirí, ní thuigtear rud muna bhfuiltear in ann é a thomhais. Conas is féidir linn a fháil amach an bhfuil na pleananna teanga atá á gcur i bhfeidhm ag an Stát ag obair?

An bhfuil siad ag treisiú an méid Gaeilge sna háiteanna sin? Luaigh an tAire Stáit an pacáiste tacaíochta teaghlaigh cúpla nóimead ó shin. Caithfear smaoineamh faoi Dinny McGinley, a bhí i gcathaoir an Aire Stáit sa Dháil is deireanaí a bhí ann. Rinne sé ciorrú mór ar an airgead a bhí á chur do na teaghlaigh le Gaeilge go léir le haghaidh na bliana. In ionad an airgid sin, chruthaigh sé pacáiste tacaíochta do na teaghlaigh sin. Cad atá i gceist sna pacáistí sin? Ceapaim go bhfuil scata beag leabhar i gceist den chuid is mó, agus b'fhéidir cúpla dlúthdhiosca. Ní hionann é sin agus tacaíocht chuí le haghaidh teaghlaigh thart timpeall na tíre. Bhí mise i dteagmháil le heagraíocht atá i mbun tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh atá taobh amuigh den Ghaeltacht chun a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Tá an eagraíocht sin ag fáil €30,000 sa bhliain chun an obair sin a dhéanamh. Is é sin - an teanga ag dul ó ghlúin go glúin - an uirlis nó próiseas transmission is fearr a bheadh ann. Nach bhfuil sé fíor nach bhfuil go leor airgid agus go leor fuinnimh á chur isteach ann ag an Rialtas ag an bhomaite?

An bhfuil go leor ama fágtha agam? An bhfuil deich nóiméad eile agam?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.