Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá clár tacaíochta teaghlaigh mo Roinne dírithe ar daoine atá ag súil le páiste nua agus a bhfuil gasúir óga acu cheana féin. Tá ionad tacaíochta teaghlaigh ag feidhmiú i gCois Fharraige agus i gCorca Dhuibhne. Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag feidhmiú le tacaíocht ón Stát. Tá scéim na foghlaimeoirí Gaeilge ag tacú le daoine atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Thug mé ardú do na mná tí i mbliana. Mar a bhaineann sé le riaracháin, seirbhísí agus pobail, tá clár cuimsitheach oiliúna Gaeilge á chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí. Tá ionad Gaeilge i dTamhlacht á fhorbairt le tacaíocht mo Roinne. Tacaíonn mo Roinn an údarás agus an foras don earnáil dheonach.

Faoin teanga bheo, bhí páirt lárnach ag an teanga in imeachtaí an chomóraidh ar 1916. Reachtáiltear féile Oireachtais na Shamhna gach bliain. Tá féile Sheachtain na Gaeilge ag tabhairt an teanga do phobal níos leithne faoi stiúradh Chonradh na Gaeilge. Tá Glór na Gael, Cumann na bhFiann agus Gael Linn ag tacú le pobail Gaeilge ar fud na tíre.

Faoi na meáin agus an teicneolaíocht, tá plean Gaeilge agus ghníomhaíochtaí digiteacha RTE á chur i bhfeidhm agus plean digiteach don Ghaeilge á fhorbairt. Tá aip raidió Gaeilge RTE forbartha. Tá seirbhísí d'ardchaighdeán á dtabhairt ag Raidió na Gaeltachta, TG4, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus Raidió Fáilte. Tá tuairisc.ieag feidhmiú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá abair.ieá forbairt ag Coláiste na Tríonóide, agus tá córas aistriúcháin uathoibrithe don Ghaeilge forbartha. Maidir le foclóir, tá an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013 i bhfeidhm, Acht ina chuirtear an caighdeán oifigiúil faoi chúram Thithe an Oireachtais. Tá dhá athbhreithniú déanta air ó shin. Tá an foclóir ar-líne, foclóir.ie, forbartha ag Foras na Gaeilge. Tá LEX, córas a ghineann téarmaíocht don Aontas Eorpach, faoi lánseol. Tá téarma.ieag fáil ar-líne agus foclóir stairiúil na Gaeilge á forbairt ag Acadamh Ríoga na hÉireann.

San tsaol eacnamaíochta, tá Údarás na Gaeltachta ag cruthú níos mó ná 500 post in aghaidh na bliana agus tá Foras na Gaeilge, Gael Taca i gCorcaigh, Gaillimh le Gaeilge agus Gnó Mhaigh Eo ag cur an Ghaeilge chun cinn san earnáil gnó. I measc na tionscnaimh leathana tá suíomh tairsí na Gaeilge, peig.ie, faoi lánseol agus tá bailiúchán na scol, cuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann, ar fáil ar líne mar chuid den chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Is cúis bród don Rialtas go bhfuil an méid seo bainte amach cheana féin faoin straitéis 20 bliain faoi na cuinsí ina raibh muid ag feidhmiú le seacht bliain anuas. Is mian liom a tréaslú nach straitéis seacht mbliana í ach straitéis 20 bliain. Beidh mise agus an foireann atá taobh thiar dom sa Roinn, le tacaíocht go príomhá ón Roinn Oideachais agus Scileanna, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus, dar ndóigh, ceanneagraíochta an Fhorais, ag cur mo chuid fuinnimh uile isteach sa tasc atá romhaim, is e sin, leanúint leis an obair tábhachtach sin sna blianta atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.