Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 4 May 2017

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

Acht na Gaeilge: Engagement with Conradh na Gaeilge

2:10 pm

Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin:

Gabhaim mo bhuíochas as an deis seo a bheith os comhair an choiste inniu. Tá mé ag iarraidh cineál achoimre gasta a thabhairt don choiste ar mholtaí seo againne i dtaobh Acht na Gaeilge. Mar phointe beag ag an tús, bhí mise 16 bliana d'aois nuair a síníodh Comhaontú an Aoine Chéasta. Ag an am sin, gealladh ré úr don Ghaeilge. Bhí an Ghaeilge ar an imeall ar fad ón stát ó Thuaidh leis na blianta ar fad roimhe sin. Le Comhaontú Aoine an Chéasta, bhí ré úr geallta. Gealladh go mbeadh gníomh láidir deimhnithe déanta ar son na Gaeilge. In ainneoin na forbairtí atá déanta, go háirithe ó thaobh chúrsaí oideachais de agus ó thaobh an infreastruchtúr uile-oileánda de, tá an spiorad sin caillte. Fiche bliain beagnach i ndiaidh gur síníodh an comhaontú sin, is léir go bhfuilimid go fóill ag fanacht ar na buncheartanna sin agus ar an spiorad den chomhaontú sin a bheith curtha i bhfeidhm. Tháinig an t-éileamh le haghaidh Acht Gaeilge ina dhiaidh an chomhaontaithe. Cuireadh an deimhniú seo i gcomhaontú eile idirnáisiúnta - Comhaontú Chill Rímhinn - in 2006 agus arís eile táimid go fóill ag fanacht air sin a bheith curtha i bhfeidhm.

Nuair a chuireann daoine ceist - is fiú é seo a rá - faoi cén fáth ar chóir go mbeadh Acht Gaeilge ann, is féidir linn tagairt a dhéanamh do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rímhinn, na conarthaí idirnáisiúnta atá sínithe, an tacaíocht forleathan atá ann nó an tacaíocht atá ann anois ó thaobh móramh na mball tofa sa Tionól ó Thuaidh. An pointe is tabhachtaí domsa ná go bhfuil Acht Gaeilge de dhíth ceann is go bhfuil pobal Gaeilge beo bríomhar ó Thuaidh. Tá pobal beo ann atá ag caitheamh a saol trí mheán na Gaeilge, atá ag foghaim faoin domhan trí mheán na Gaeilge agus atá ag tógáil páistí, ag fáil oideachais agus ag baint úsáid as seirbhísí pobalbhunaithe uilig trí mheán na Gaeilge. Tá an pobal sin ann. Níl sé ag dul áit ar bith, ach táimid ag fanacht ar an staid agus ar an aitheantas atá tuillte againn a chur i bhfeidhm trí mheán reachtaíocht ceartbhunaithe.

Luadh an tUasal de Spáinn cúpla pointe tábhachtach ansin chomh maith i dtaca le cúrsaí Breatimeachta agus leis an infreastruchtúr uile-oileánda. B'fhéidir go mbeidh deis againn pilleadh air sin ar ball.

I dtaca le moltaí seo againne ó thaobh na hAchta de, rinneamar iarracht, ar dtús báire, a bheith airdeallach ar na cinntí polaitiúla ar leith atá ann. Aithnímid nach bhfuil tacaíocht forleathan polaitiúil ann. Cé nach leithscéal sin gan na geallúintí a chur i bhfeidhm, tuigimid go bhfuil sé seo measartha casta. Mar sin de, chuirimid pacáiste le chéile a dhéanann, dar linn, ar an chéad dul síos agus an rud is tábhachtaí, freastal ar mhianta an phobail an méid gur féidir Acht a dhéanamh agus, ar an dara dul síos, atá indéanta ar bhonn polaitiúil agus ar bhonn eacnamaíochta de. Mar sin de, choinnimid na costais íseal agus rinneamar iarracht rudaí a bheith ann do leas an phobail. Is fiú a rá nach bhfuil an tAcht ag dul an teanga a chur ar bheola aon duine óg, ach chinnteodh sé go bhfuil creatlach reachtúil ann don stát ó thaobh na dualgais atá air agus narudaí a chaithfidh an stát a dhéanamh. Mar is léir ón taithí, agus luaigh an tUasal de Spáinn cuid de seo cheana féin, sin rud atá géarghá ann dó ó Thuaidh.

Ó thaobh ár moltaí de, ag dul tríothu go gasta anseo, táimid ag caint go mbeadh stádas oifigiúil ann don Ghaeilge ó Thuaidh. Tá an tAcht ar fad bunaithe air sin. Murach an stádas oifigiúil, ní fiú na míreanna eile atá luaite againn anseo. Is é an stádas oifigiúil a thugann cearta don phobal agus tá sé sin i gcroílár achan rud a dhéanaimid. Beimid ag moladh go mbeadh aonad lárnach aistriúchán a bheadh in ann tacaíocht a chur ar fáil le comhlachtaí poiblí. Amharcaimid air seo mar an rud is sábhálaí ar an chostas go fadtéarmach. 'Sé sin, go mbeadh aonad ann a bheadh in ann an tacaíocht sin a chur ar fáil agus a bheadh in ann tacaíocht a chur ar fáil don Tionól chomh maith. Tá an Ghaeilge sa Tionól luaite againn. Molaimid go mbeadh deis ag comhghleacaithe an choiste sa Tionól ó Thuaidh nuair atá siad ag caint ar choistí, díreach mar atáimid ag déanamh anseo anois, é sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Buncheart é agus rud atá ar fáil ní hamháin anseo ach in Albain agus sa Bhreatain Bheag chomh maith.

I dtaca le comhlachtaí poiblí, molaimid go mbeadh teacht ar sheirbhísí tríd na comhlachtaí poiblí. Tá cúpla pointe iontach gasta agus tábhachtach faoi seo. Ar an chéad dul síos, táimid ag moladh go mbeadh iniúchadh déanta ar fhoireann reatha na comhlachtaí poiblí seo. Tá aithne againn ar roinnt daoine atá ag obair sna comhlachtaí a bhfuil Gaeilge acu. Faoi láthair, níl an deis acu a gcuid scileanna teanga a úsáid chun leas an phobail. An chéad chéim leis sin a dhéanamh ná iniúchadh a dhéanamh. Ar mhaithe sin, an rud atáimid ag déanamh ná ag moladh go mbeadh caighdeánú nó rangú déanta ar na comhlachtaí poiblí. 'Sé sin, molaimid go mbeadh níos mó dualgais ar na comhlachtaí a bhfuil an méid is mó plé acu leis an phobal ná mar a bheadh ag comhlachtaí eile nach bhfuil mórán teagmhála acu, abair, leis an phobal. Táimid ag tógáil an múnla seo ón Bhreatain Bheag, áit a bhfuil caighdeán ann seachas scéimeanna teanga. Is léir dúinn ón luath-taighde air sin go bhfuil i bhfad níos mó feidhm agus tairbhe ag baint leis an chur chuige sin.

Chomh maith leis sin, molaimid go mbeadh rialtas áitiúil ann a bhfuil mar buanrialtas, más maith linn, ó Thuaidh. Bíonn go leor leor teagmhála ag saoránaigh an Tuaiscirt leis ar bhonn rialta. Molaimid go mbeadh polasaí láidir Gaeilge ag achan comhairle. Rud atá iontach soiléir ó thaobh mholtaí Chomhairle na hEorpa i leith pholasaí teanga de ná go mbeadh oifigigh Gaeilge ann agus go gcuirfeadh siad bunchreatlach seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Molaimid go mbeadh cead againn Gaeilge a úsáid sna cúirteanna. De réir reachtaíocht ársa - iarsma ón stair - tá cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna ó Thuaidh. Tá sé thar am deireadh a chur leis an Acht sin agus go mbeadh cead againn an Ghaeilge a úsáid.

Molaimid go mbeadh líonraí Gaeilge aitheanta ón Fheidhmeannas. Tá cúig líonra ar bhonn uile-oileánda ann. Tá trí cinn acu ó Dheas agus dhá cheann ó Thuaidh. Faoi láthair níl aon stádas reachtúil ag an dhá cheann ó Thuaidh in ainneoin go bhfuil ag an trí líonra ó Dheas. Táimid ag iarraidh é sin a athrú le go mbeadh an pleanáil teanga agus forbairt na teanga ag tarlú ar chomhchéim fud fad an oileáin, Thuaidh agus Theas.

I dtaca le logainmneacha, tá cúpla rud tábhachtach anseo. Molaimid go mbeadh comharthaíocht dhátheangach ar na príomhbóithre agus go mbeadh comharthaíocht dhátheangach ag leibhéal rialtais áitiúil agus ag na comhlachtaí poiblí.

Molaimid go mbeadh athrú agus córas leanúnach ann le haghaidh ainmneacha sráide ó Thuaidh bunaithe ar tromlach na ndaoine atá ag caitheamh vótaí ar na sráideanna seo a bheith báúil do chomharthaíocht dátheangach. Tá sé sin iontach tábhachtach dúinn ar chúpla chúis, ó thaobh feiceálacht na Gaeilge de. Tá sé aitheanta go hidirnáisiúnta go bhfuil feiceálacht mhionteanga rí-thábhachtach ó thaobh shealbhú teanga agus cur chun cinn teanga de. Chomh maith le sin, aithníonn muid go bhfuil sciar maith d'ár bpobal ó Thuaidh atá ar bheagán eolais faoin nGaeilge. Aithnímid fosta ón obair atá déanta againn tríd ár dteanga a roinnt agus roinnt scéimeanna eile gurb iad logainmneacha agus fios ar logainmneacha na bealaí is fusa nó is éifeachtaí le dul i bhfeidhm ar dhaoine chun suim agus meas a chothú sa teanga.

Táimid ag moladh go mbeadh oifigeach coimisinéara teanga ann a dhéanfadh riar ar chur i bhfeidhm na hAchta agus a dhéanfadh moltaí agus scagadh ar Bhillí Rialtais agus eile. Maidir leis na meáin de, tá leithcheal déanta faoi láthair. Tá leatrom ann ó thaobh an mhaoiniú atá á chur ar fáil ag an BBC do Albain agus don Bhreatain Bheag i gcomparáid le pobail na Gaeilge ó Thuaidh. An rud atá tábhachtach faoi sin, de réir an daonáirimh, ná go bhfuil níos mó Gaeilgeoirí ó Thuaidh ann ná mar atá lucht labhartha na Gaidhlige in Albain. Mar sin féin, caithfidh Rialtas na Breataine cúig oiread níos mó airgid a chaitheamh ar Ghaidhlig na hAlban ná mar atá. Tá BBC Alba ann ach níl a mhacasamhail ann ó Thuaidh. Táimid ag iarraidh go ndéanfar comh-imeacht le TG4 agus go mbeadh seirbhís agus infheistíocht ceart déanta i gcúrsaí craoltóireachta ó Thuaidh, mar atá tuillte againn.

Ar deireadh, i dtaca le cúrsaí oideachais de, is é bunchloch nó cuisle na hathbheochana ó Thuaidh an córas Gaeloideachas. Caithfear sainmhíniú dleathach a dhéanamh i leith an dualgais reachtúil. Caithfidh an Gaeloideachas a bheith ar chomhchéim leis an oideachas trí mheán an Bhéarla. Caithfidh teacht éigin laistigh den chóras Béarla a bheith ag daoine ar ranganna Gaeilge. Caithfear cinnte a dhéanamh go mbeidh an obair óige Gaeilge ar chomhchéim leis an obair óige Béarla chomh maith. Is í sin mo chuid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.