Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 4 May 2017
Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement
Acht na Gaeilge: Engagement with Conradh na Gaeilge
2:10 pm
Mr. Julian de Spáinn:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an deis labhairt inniu. Mar eolas don choiste, tá mise chun an caint a dhéanamh chun an rud ginearálta a thabhairt don choiste. Ansin, tá Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin chun beagáinín cúlra a thabhairt don choiste ar an moladh do Acht atá againn atá sna cáipéisí atá ag na baill. Tá leagan Béarla ann. There is an English version of the caint, má tá sé ag teastáil ó aon duine, sna cáipéisí a chuireamar thart freisin.
Táim féin agus Conradh na Gaeilge an-bhuíoch as an deis seo teacht os comhair an choiste inniu le ceist na Gaeilge ó Thuaidh a phlé. Ba mhaith linn buíochas faoi leith a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le cléireach an chomhchoiste as an seisiúin seo a eagrú. Aithnítear dúinn cé chomh tábhachtach is atá Comhaontú Aoine an Chéasta do na pobail ar fad ar an oileán seo, pobal na Gaeilge ach go háirithe, agus aithnítear dúinn fosta an tábhacht a bhaineann leis an gcomhchoiste seo agus muid ar fad ag iarraidh an comhaontú stairiúil sin a chosaint agus a fhorbairt. Tá súil againn inniu go mbeidh muid ábalta cur leis an obair fhiúntach a bhíonn ar bun ag na baill go laethúil anseo.
Ar dtús báire, ba mhaith liom roinnt eolais a thabhairt daoibh maidir le Conradh na Gaeilge, agus go háirithe faoin obair a dhéanann muid ó Thuaidh. Mar is eol don choiste, is fóram daonlathach í Conradh na Gaeilge. Tá breis is 200 craobh againn in Éirinn agus ar fud an domhain agus tá thart ar an ceathrú cuid de sin lonnaithe ó Thuaidh. Táimid an-bhródúil go ndéanann craobhacha agus baill na heagraíochta clár oibre na heagraíochta a stiúradh agus go bhfuil gréasán láidir de dhíograiseoirí deonacha atá ag obair go dian dícheallach don teanga ar bhonn leanúnach. Chomh maith leis sin, is ceann na de na sé cheanneagraíochtaí muid roghnaithe ag Foras na Gaeilge, agus dualgais againn dírithe ar chosaint teanga agus ardú feasachta na teanga.
Bíonn Conradh na Gaeilge ag plé le réimse leathan tionscadail, tograí agus feachtais leis an nGaeilge a chosaint agus a spreagadh ó Thuaidh. Ina measc, tá feachtas chun cearta teanga a bhaint amach do phobal na Gaeilge, agus beidh mé ag teacht ar ais chuige sin níos déanaí. Is clár é Ár dTeanga Roinnte atá ar siúl againn sna scoileanna ó Thuaidh, ach go háirithe scoileanna nach bhfuil aon eolas acu faoin nGaeilge, le heolas a thabhairt dóibh faoin teanga. Díríonn muid ar pholasaithe Gaeilge a fhorbairt sna comhairlí ó Thuaidh. Bíonn muid ag plé leis an nGaeilge agus cúrsaí oideachais sna scoileanna nach bhfeidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus sna Gaeilscoileanna dar ndóigh chomh maith. I gcúrsaí craoltóireachta, tá an-chuid nascanna déanta againn le mionteangacha eile ar fud an domhain, bíodh siad sa Bhreatain Bheag nó san Albain. Táimid mar bhall de chomhghuallaíocht darbh ainm ELEN san Eoraip agus foghlaimíonn muid go leor as sin. Bíonn scéim scoláireachtaí againn ó Thuaidh chomh maith. Le déanaí, gach seans go raibh cuid de na baill páirteach i Seachtain na Gaeilge, ina raibh 750,000 duine páirteach ann.
Leis sin ráite, ba mhaith liom anois aird a thabhairt ar an gcéad rud a luaigh mé, agus an fáth a bhfuil muid anseo inniu, is é sin, Acht Gaeilge ó Thuaidh mar thosaíocht agus mar riachtanas le muinín i gComhaontú Aoine an Cheasta, Comhaontú Chill Rímhinn agus socruithe aontaithe i ndiaidh sin a chothú sa phobal Gaeilge. Is cinnte go bhfuil dul chun cinn ann ó Thuaidh ó thaobh na Gaeilge de ó síníodh Comhaontú Aoine an Cheasta. Tá borradh tagtha ar líon na gcainteoirí, tá fás mór tagtha ar an nGaeloideachas agus tá gréasán láidir de ghrúpaí pobal-bhunaithe ag feidhmiú trí Ghaeilge, mar shampla. Ach feictear dúinn agus d'ár mbaill go bhfuil bagairtí móra ann don Ghaeilge ó Thuaidh chomh maith. Is minic a dhéantar ionsaithe ar phobal na teanga agus is minic a chuirtear bac ar fhás na teanga, go díreach agus go hindíreach. Bheadh pobal na Gaeilge den bharúil go bhfuil go leor den dul chun cinn a luaigh mé ina thoradh ar a dhíogras féin agus gur tharla sé in ainneoin an Stáit, seachas mar gheall uirthi. Fosta, nuair atá tacaíocht ar fáil ón Stát, go minic bíonn sé ag brath go mór ar cé acu páirtí lena mbaineann an tAire nó cé atá sa chomhairle agus an bhfuil sé nó sí féin báúil don teanga. Cuirtear in aghaidh moltaí dearfacha teanga, agus sa chás go n-éiríonn leis na moltaí sin, is minic a mbíonn iarrachtaí ann iad a tharraingt óna chéile arís i ndiaidh achar beag ama.
Tá ocht bhforáil a dhéanann tagairt don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta. Ina measc tá bearta a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn; le húsáid na teanga a éascú sa chaint agus i scríbhneoireacht; le hiarracht a dhéanamh chun deireadh a chur le srianta ar fhorbairt na teanga; le hidirchaidreamh le pobal na Gaeilge a thógáil; le dualgas reachtúil a chur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna chun oideachas trí mheán na Gaeilge a spreagadh; agus roinnt forálacha tábhachtacha eile bainte le cúrsaí craolacháin.
Tá muid ag teacht leis na forálacha sin uilig. Ar an drochuair, áfach, agus muid 16 bliana ó aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta, feictear dúinn agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne nach guirtear go leor de na forálacha sin i bhfeidhm sa spiorad nó sa chaoi go meastar ag an am agus go bhfuil níos mó ná fóralacha teipe de dhíth. Mar a bhí á rá agam, go minic níl forálacha an chomhaontaithe á chur i bhfeidhm, agus nuair atá, bíonn iarrachtaí láidre ann le haisghairm a dhéanamh orthu. Bíonn ar phobal na Gaeilge i bhfad bharraíocht ama a chaitheamh ag iarraidh iad féin agus an teanga a chosaint, seachas a bheith ag obair ar shaothair dhearfacha chun an teanga a chur chun cinn. Bheadh muid sásta samplaí den cur i gcoinne agus de na hionsaithe sin a thabhairt, ach déanfaidh muid aird an choiste a tharraingt i dtreo an chiorrú a rinneadh ar an scéim sparántachta líofa.
D’fhág sé seo blas searbh i mbéal an phobail. Is féidir linn dul tríd é sin beagánín eile níos déanaí, más mian leis an gcoiste.
Mar a luaigh mé, tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta agus feachtasaíochta le hAcht na Gaeilge a bhaint amach ó Thuaidh le roinnt mhaith de bhlianta anois. Ón taithí atá againn ó a shíníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, creideann muid go láidir go bhfuil géarghá le reachtaíocht leis an nGaeilge agus pobal na Gaeilge a chosaint agus a chothú agus go bhfuil géarghá leis le dul i ngleic leis na fadhbanna atá mé i ndiaidh a lua. Tá an t-éileamh seo bunaithe ar ár dtaithí féin agus ar shaineolas idirnáisiúnta nó sin a bhfuil molta ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Comhairle na hEorpa. Níos suntasaí arís agus de bharr stocaireacht díreach agus leanúnach an Chonartha, is rud é go bhfuil móramh na mball sa Tionól anois ar a son den chéad uair riamh - 50 ball as 90 ball. Táimid an-sásta go bhfuil an dul chun cinn sin déanta.
Pléifidh mé na fáthanna a rachfadh Acht Gaeilge i ngleic le go leor de na constaicí atá luaite agam go luath ach ar dtús ba mhaith liom fadhb amháin eile a thógáil leis an gcoiste. Ceist mhór eile a chuireann imní orainn, agus tá a fhios agam gur ceist í seo ata faoi chaibidil ag an gcoiste le roinnt míonna anois, ná ceist na Breatimeachta. Beidh impleachtaí móra ann do phobail agus eagraíochtaí Gaeilge an oileáin mar gheall ar an mBreatimeacht. I measc na n-impleachtaí sin, má dhíríonn muid ar cheist reachtaíochta, gan aon reachtaíocht cosanta intíre, is í an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh an cosaint is mó atá ann don Ghaeilge ó Thuaidh. Tá laigí, dár ndóigh, ag baint le cur i bhfeidhm na cairte, mar atá ráite go leanúnach ag Comhairle na hEorpa, ach is creatlach ceart-bhunaithe idirnaisiúnta gur féidir a úsáid le tomhas a dhéanamh ar chosaint na Gaeilge ó Thuaidh. Cé go mbaineann an chairt le Comhairle na hEorpa agus ní go díreach leis an Aontas Eorpach, tá buaireamh mór ann go mbeidh níos mó spáis ag an stát tarraingt siar a dhéanamh ó threoracha an chairt mar thoradh ar an mBreatimeacht. Ar ndóigh, tá go leor ceisteanna eile ann i dtaca leis na ceanneagraíochtaí, na pobail Ghaeilge ar an Teorann, na heagraíochtaí agus an obair trasTeorainn, an t-infreastruchtúr uile-Éireann a d’eascair ó Chomhaontú Aoine an Céasta, stadás na Gaeilge san Aontas Eorpach agus eile.
Tá mé ag iarraidh patrún a shoiléiriú don choiste inniu agus sin go bhfuil pé dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas ó thaobh na Gaeilge de i mbaol leanúnach. Tá an fhéidearthacht ann i gcónaí go ndéanfar scrios ar an bhforbairt, rud a tharlaíonn go rialta agus go minic i gcaochadh na súl. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear reachtaíocht inmheánach i bhfeidhm le pobal na Gaeilge a chosaint; le forbairt na teanga a chosaint; le cinntiú nach mbeidh tionchar cinniúnach ag Airí aonaracha nó Státseirbhís aineolach nó, i gcásanna áirithe, naimhdeach ar thodhchaí na teanga; agus le cinntiú go dtig le pobal na Gaeilge aird a tharraingt ar an obair a ba mhaith leo a dhéanamh.
Chuige sin, d’fhoilsigh muid plécháipéis i mí an Mhárta ag déanamh briseadh síos ar cad é a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge ó Thuaidh agus an costas a bheadh leis. Rinneadh an-iarracht a bheith airdeallach ar an gcomtheács polaitiúil ó Thuaidh, ach go mbeadh an cáipéis ag freastal ar mhianta an phobail agus ag tógáil ar an saineolas ar fad atá bailithe thar na blianta. Déanfaidh an tUasal Mac Giolla Bhéin cur síos air sin agus, mar sin, ní dhéarfaidh mé mórán eile faoi.
Tá deis ar leith againn sa tréimhse seo cinneadh stairiúil dearfach a bhaint amach don teanga. Creideann muid go daingean go gcabhródh seo le cosaint a thabhairt don teanga roimh pé rud a thiteann amach faoin mBreatimeacht agus fosta go gcuideodh sé go mór le maolú a dhéanamh ar roinnt den achrann a bhaineann leis an nGaeilge ó Thuaidh agus, dar ndóigh, go gcuirfidh sé le rathúlacht Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Bhí muid ag iarraidh dhá rud a bhaint amach ón seisiúin seo inniu. Ar dtús, bhí muid ag iarraidh an deis a bheith againn roinnt ceisteanna a bhaineann le moltaí atá againn d’Acht Gaeilge ó Thuaidh a phlé leis an gcoiste. Síleann muid go bhfuil sé sin fíorthábhachtach. Chomh maith leis sin, ba bhreá linn agus bheadh muid an bhuíoch den choiste dá mbeadh an coiste sásta rún a rith ag tacú leis na moltaí atá muid ag cur chun tosaigh agus go mbeadh an coiste in ann iad a chur os comhair an Taoisigh agus an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
No comments