Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
5:00 pm
Mr. Dónall Ó Braonáin:
Freagróidh mé cuid de na ceisteanna atá ag an Teachta Ó Cuív. Maidir leis an leasú a rinneadh ar reacht an Acadaimh sa mbliain 2016, bhí roinnt údair le sin. D'athraíodh stádas an Acadaimh ó aonad riaracháin, mar is é sin an stádas a bhí againn san ollscoil, i dtreo institiúide teagaisc. Is é an córas atá ag an ollscoil ná dul i dtreo coláistí a bhfuil líon mór institiúidí agus scoileanna ag feidhmiú faoina scáth. Tá caint faoi láthair faoi réir údarás na hollscoile faoi athruithe struchtúir a dhéanamh ar an ollscoil le go mbeadh b'fhéidir trí chinn de choláistí móra ann agus go mbeadh institiúidí ag feidhmiú faoi scáth an struchtúir sin. Dá bhrí sin, bhí sé fíor-thábhachtach go mbeadh féiniúlacht ag eintiteas ar leith le reachta dá chuid fhéin aige taobh istigh de Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a dhéanadh freastal ar an ollscolaíocht Ghaeilge.
Maidir leis an moladh agus an cheist a chur an Teachta faoina mbeadh sé inmholta dá ndéanfaí scarúint idir an tAcadamh agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, déarfaidh mé an méid seo: ón mbliain 2011 ar aghaidh, chonaic muide, foireann an Acadaimh, an déine is mó a bhuail an tír seo ariamh i dtéarmaí eacnamaíochta. Tá mise go pearsanta fíor-bhródúil as an bhfoireann atá ag obair in éineacht liom, mar, ó shin i leith, tá siad tar éis oibriú ó dhubh go dubh ag iarraidh go mbeadh forbairt inbhuanaithe i gcroílár chuile shórt atá déanta againn. B'éigean dúinn cinnithe an-deacair a dhéanamh, ach leis an gceart a thabhairt don ollscoil, sheas sé le coincheap na hollscolaíochta Gaeilge. Choinnigh muid leis na hionaid ollscoil sa nGaeltacht, ainneoin chuile bhrú i dtéarmaí eacnamúla agus i dtéarmaí rannpháirtíochta mac léinn go ndéanfaí comhtháthú ar an struchtúr taobh istigh de champas na Gaillimhe. Is é sin an dá chleachtas a bhí á bhrú ó shaineolaithe idirnáisiúnta ar an ollscolaíocht orainn, ach rinneamar cinneadh go bhfágfaidh an bonneagar sin slán agus go mbeadh rochtain ag pobal na Gaeltachta ar an ollscolaíocht Ghaeilge. Ba chinneadh an-fhad-bhreathnaíoch a bhí ann ag an am i gcúinsí a bhí fíor-dheacair.
Ní call domsa a mheabhrú do Theachtaí agus do Sheanadóirí sa Teach seo cén laghdú a tháinig ar vóta Roinn na Gaeltachta agus ar vóta an Údarás um Ard-Oideachas sna blianta sin. Ansin, b'éigean dúinne dul ag fuint de réir na mine. B'éigean dúinne dul le samhail eile ar fad a thógáil agus an t-éadach sin orainn.
No comments