Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Dá mbeadh Aire gníomhach sa Roinn, an n-aontódh an coimisinéir liom go bhféadfadh sé, ar an gcéad dul síos, céimeanna a ghlacadh i gcás an 51 scéim teanga atá imithe in éag, agus 600 dóibh níos faide ná seacht mbliana, agus go bhféadfadh sé na daoine sin ar fad a thuairisciú don Dáil - rud nach bhfuil déanta. Bheadh sé suas don choiste seo anois agus is mór an mhaith go bhfuil an coiste ann mar, dar liom, níl muid ach ag tús ár gcuid oibre. Go dtí seo, bhí rudaí ag teacht isteach go dtí an tOireachtas agus - deirim an fhírinne - bhí sé báite san Oireachas agus á fhágáil ar leataobh.

Ag éirí as cruinniú an lae inniu, tá súil agamsa go n-iarróidh muid ar an Aire teacht isteach agus míniú a thabhairt cén fáth nach bhfuil sé ag feidhmiú an Achta. D'fhéadfadh an tAire rud éigin a dhéanamh faoin mhoill ag feidhmiú nó ag tabhairt scéimeanna nua. D'fhéadfadh sé thuairisciú a dhéanamh don Rialtas agus do Thithe an Oireachtais. Sa gcás sin, ba cheart don Taoiseach, atá ceaptha mar chathaoirleach ar an gcoiste comh-Aireachta Gaeilge, ordú a thabhairt do gach Aire agus do gach comhlacht poiblí feidhmiú de réir an Achta.

Maidir le dul siar ar na gealltanais, tá comhairle curtha ormsa nach bhfuil sé sin bunreachtúil. Is léir go bhfuil comhairle eile nach bhfuil ag teacht leis sin agus is mór an trua é sin. Ar ndóigh, fós is féidir leis an Aire diúltú aon scéim a dhaingniú. An bhfuil an ceart agam? An aontaíonn an coimisinéir liom go bhféadfadh an tAire diúltú ar aon scéim a dhaingniú a bhfuil dul siar ar ghealltanais a bhí ann cheana?

Maidir le soláthar seirbhísí sa Ghaeltacht, bheadh an tAire go hiomlán taobh istigh de chearta agus d'fhéadfadh sé tuairisc a chur chuig an Oireachtas dá ndiúltófaí scéim a dhaingniú de bharr nach bhfuil sé ag teacht leis na forálacha atá san Acht maidir le cúrsaí Gaeltachta agus seirbhísí trí Ghaeilge. Fiú mar atá an teacht i láthair na huaire, an rud atá mé ag rá ná go raibh go leor uirlisí ag an Aire scríofa isteach san Acht dá dteastódh uaidh nó uaithi iad a fheidhmiú. Tá cinneadh polaitiúil déanta, áfach, gan iad agus an tAcht a fheidhmiú. Cuireann sé sin an-bhuairt orainn. Is cuma cé chomh láidir is atá sé, muna bhfuil daoine sásta é a fheidhmiú níl aon fheidhm leis an Acht.

Dá mbeadh Aire gníomhach ann, an bhfuil an ceart agam go bhfuil go leor uirlisí ann a bhféadfadh feabhas a chur ar rudaí le hais mar atá siad i láthair na huaire ó thaobh an méid a bheadh sna pleananna agus cén uair a bheadh na pleananna réidh, ach nach bhfuil na huirlisí sin á n-úsáid?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.