Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 April 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga
5:00 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
Tá sé soiléir anois céard atá ar siúl agus tá eolas fíriciúil ann faoi céard atá ag tarlú, go mórmhór ó thaobh lagú ar ghealltanais a bhí mar ábhar d'imscrúdú agus cúlú ar ghealltanais sa dara agus sa tríú scéim. De thoradh na tráchtaireachta seo agus de thoradh go bhfuil aird an choiste dírithe air anois, bheinn ag súil go bhféachfaí chuige go bhfuil córas na scéimeanna anois imithe in amhréidh agus go bhfuil sé seo deacair. In ainneoin an dea-chuspóir a bhí leo, is léir go bhfuil fadhbanna ollmhóra ann agus tá gá féachaint ar bhealaí eile ar nós rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí agus rialacháin a leagan síos atá bunaithe orthu sin.
Ó thaobh na tráchtaireachta féin, is de thoradh cruinniú leis an gcoiste seo i Mí Dheireadh Fómhair gur chinn mé an tráchtaireacht a dhéanamh. Cuireadh ceisteanna go sonrach orm faoi chóras na scéimeanna teanga agus iarradh orm samplaí a thabhairt don choiste agus léiriú a thabhairt ar aon phatrún a bhí le brath faoi lagú ar ghealltanais. Is de thoradh sin gur shocraigh mé tabhairt faoin tráchtaireacht. Bhí barúil mhaith agam go mbeadh na torthaí sa tráchtaireacht lom agus go léireofaí go sonrach cé chomh lag is a bhí an córas ach níor thuig mé i ndáiríre go mbeadh siad chomh dona agus chomh lag agus atá. Tá sé sin le feiceáil.
Cuireadh ceist faoin tráchtaireacht eile a rinneadh. Rinne an chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, é in 2011. Rinneadh an tráchtaireacht sin ar fheidhmiú iomlán an Achta seachas cuid amháin sonrach mar atá déanta agamsa le córas na scéimeanna teanga. Bhain an chéad tráchtaireacht le cur i bhfeidhm iomlán an Achta agus moltaí faoin Acht a leasú. D'eascair sé sin as aidhm a bhí ann. Fógraíodh in 2011 go mbeadh leasú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is mar chuid de sin gur cinneadh tráchtaireacht ar fheidhmiú an Achta ina iomláine a fhoilsiú an uair sin. Caithfidh mé a rá go díreodh aird an uair sin chomh maith ar laigeachtaí agus na deacrachtaí a bhain le seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, go mórmhór ó thaobh chóras na scéimeanna.
No comments