Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 March 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht
5:00 pm
Ms Janet Muller:
Is maith liom an meafar a d'úsáid an Teachta Tóibín nuair a bhí sé ag caint faoi reachtaíocht insan Tuaisceart, gan ghlacadh le páirtíocht sibhialta nuair atá pósadh ar bhun an comhionannais de dhíth.
Dúradh go bhfuil móramh na bhfeisirí insan Tuaisceart anois ag rá go bhfuil siad ar son Acht na Gaeilge, ach tá sé doiléir a rá cé acu Achta a bhfuil siad ar a son, mar a dúirt an Teachta. Bhuail muidne thar na blianta leis na páirtithe ar fad insan Tuaisceart. Bhí sé ráite acu go minic go bhfuil siad ar son Achta ach níor mhaith leo an tAcht céanna a bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg. Ba mhaith leo rud éigin a chuireann teangacha na mionlaigh eitneacha insan áireamh, mar shampla - nó sin, seo agus siúd eile - nó ba mhaith leo rud éigin nach gcosnaíonn barraíocht nó níor mhaith leo go mbeidh ar na cearta seo áirithe ann.
Sílím gurb é sin an áit a bhfuil an doiléireacht faoi láthair. Ní leor a rá go bhfuilimid ar son Achta de chineál éigin. Chaithfear é a shainmhíniú. Cén saghas cearta atá le leagann síos? Cén saghas Achta atá de dhíth? Tá deis iontach anois ann. Tá roinnt de na coistí comhairleacha ag Comhairle na hEorpa i ndiaidh tacaíocht iontach láidir a thabhairt d'Acht na Gaeilge láidir insan Tuaisceart. Mar a dúirt Dr. Ó Tiarnaigh, tá Teachtaí insan Tuaisceart ag rá go bhfuil siad ar son Achta. Ní hé seo an t-am le glacadh le rud éigin lag nó rud easnamhach a chur chun tosaigh mar go mbeidh maolú ann agus go mbeidh ciorruithe ann. Sílim, ag an an bpointe seo, go bhfuil eiseamláirí againne atá curtha le chéile. Tá roinnt eiseamláirí ann but sílim go gcaithfear glacadh leis na heiseamláirí gur féidir a thaispeáint go raibh siad réasúnta agus readúil, go raibh siad curtha le chéile le comhairle ó shaineolaithe, go bhfuil siad ag tarraingt ar thaithí tíortha eile, taobh istigh den Eoraip agus taobh amuigh, mar a bheas i ndiaidh Breatimeachta - ón Bhreatain Bheag, ó taobh seo na tíre, ó Albain, ó Cheanada, ón Nua-Shéalainn agus taithí mar sin. Tá mé ag teacht leis an mholadh gur cheart rún a rith ag tacú le hAcht insan Tuaisceart, ach go mbeidh an tAcht sin ar an Acht is láidre gur féidir a bhaint amach agus an tAcht atá molta agus comhaontaithe le pobal na Gaeilge insan Tuaisceart.
No comments