Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 March 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht
5:00 pm
Dr. Niall Comer:
Tá pointe agam i dtaobh an méid a bhí le rá ag an Teachta Ó Cuív maidir le cúrsaí oideachais, na deiseanna atá ann chun daoine a mhealladh agus easpa spéise. A mhalairt ar fad atá ann.
In fhírinne, tagann agus eascraíonn an deacracht is mó atá sa chóras scolaíochta, agus a bhaineann leis an spéis nó easpa spéise atá ag daltaí scoile insan Ghaeilge, go díreach ó neamhaird an Rialtais. In 2004, mar shampla, nuair a tháinig athrú suntasach ar an churaclam agus nach raibh sé riachtanach stáidéar a dhéanamh ar theanga a fhad le leibhéal GCSE, chuir sin an-bhrú ar na scoileanna rogha a dhéanamh. Mar shampla, tá scoileanna ann anois ina mbíonn ar daltaí rogha a ghlacadh idir an Ghaeilge agus an Fhrainicis nó an Spáinnis fiú sula dtosaíonn siad ar an mheánscolaíocht. Tá m'iníon féin ag freastal ar cheann de na scoileanna sin, scoileanna a bhí láidir go traidisiúnta, tráth den saol, agus ní bhíonn ranganna Gaeilge iontu. Mar shampla i gCill Ria, i ndeisceart Dhoire, ní féidir Gaeilge a dhéanamh a fhad le GCSE anois. Ar an Ómaigh, bhí deacrachtaí ann múinteoirí ardleibhéal a fháil anuraidh.
Tá sé seo uilig ag dul siar ar iarracht i ndiaidh iarrachta ag an Rialtas ó Thuaidh, le 100 bliain anuas, an Ghaeilge a chur faoi chois insan córas oideachais. Nuair a d'éirigh linn, i ndiaidh iarrachtaí a mhair b'fhéidir dhá scór bliain, an Gaeloideachas a chur ar fáil do dhaoine agus nuair a d'éirigh linn an stádas sin a bhaint amach, amharc ar na sluaite agus ar na mílte ag tabhairt triail ar na Gaelscoileanna. Níl na deiseanna seo ar fáil sna scoileanna nó insan chóras oideachais, mar a luaigh Mr. Ó Coinn, ach ní mar gheall ar easpa spéise ag na dáltaí ach mar gheall ar easpa spéise an Rialtais. Gan cosaint reachtúil a bheith ann don Ghaeilge ag achan leibhéil, rachaidh sé in olcas. Rachaidh sé ar aghaidh. Bhí titim de beagnach 20% ó 2004 ar an líon dalta a rinne staidéar ar an Ghaeilge. Tá sé íorónta go leor gurb é an t-aon rud a choinnigh cosaint de chineál éigin ar fáil don Ghaeilge insan chóras meanscolaíochta ná go raibh sí ceangailte le modern foreign languages.
No comments