Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an tUasal Ó Dónaill as an chur i láthair agus as ucht teacht os ár gcomhair. Is léir nach bhfuil alt 13 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag fheidhmiú, mar in alt 13 cuirtear de dhualgas ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a chinntiú go mbeidh dóthain foirne ag gach dream a bhfuil plean acu le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Téann sé ar aghaidh agus deireann sé freisin go mbeidh seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht. Is léir nach bhfuil sé sin á chur i bhfeidhm ag an Roinn ealaíon agus Gaeltachta, tabharfaimid air. Caithfimid é sin a fhiosrú leis an Aire. Cén fáth nach bhfuil sé sin á chur i bhfeidhm? Is dualgas reachtúil ar an Roinn cinntiú go bhfuil sé sin sna pleananna. Ba rud éigin dearfach an 10% ach is dóigh liom go mbeidh sé ceart go mbeidh 20% ann, ach fágfaimid é sin mar atá sé.

Ag dul ar aghaidh go ceist Gaelchultúr agus an leagan amach atá ann, tá cúpla ceist agam go sonrach. Is é Gaelchultúr soláthróir na gcúrsaí. Glacaimid leis sin ach de réir an tuiscint atá agamsa den rud ar léigh an tUasal Ó Dónaill amach, is é Gaelchultúr a dhéanann an scrúdú ar na daoine le haghaidh an teastas. An ceart go mbeidh an dá rud sin scartha óna chéile? Cén bealach a dhéantar cinnte go bhfuil an teastasú suas chun cáighdeáin? Tá cosúlacht an fhéinscrúdaithe air agus tuigimid féin céard a tharlaíonn faoin gcathú a ghabhann le rud mar sin.

Deireann an tUasal Ó Dónaill go bhfuil sé ag leibhéal 4 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Chun leibhéal 4 a bhaint amach, i ndairíre, caithfidh duine bheith in ann a chuid oibre a dhéanamh go compórdach trí mheán na Gaeilge. Tá teastasú spéisiúil, mar shampla, i gCeanada. Tá áit ann don chainteoir dúchasach. Tá A, B agus C agus mar sin de. Sin daoine atá chomh hinniúil sa bhFraincís, mar shampla, agus a bheadh i mBéarla. Chomh maith leis sin, níl aon figiúirí tugtha ag an tUasal Ó Dónaill maidir leis an líon daoine, mar shampla, a bhfuil Gaelchultúr á scrúdú ó leibhéal 3 go 6. Cé mhéad duine atá teastaithe sa seirbhís poiblí ag leibhéal 6, 5, 4 agus 3? Céard a chiallaíonn leibhéal 3, 4, 5 agus 6 ó thaobh chumas duine a bheith in ann gnáthobair an lae a dhéanamh go compórdach trí mheán na Gaeilge?

An nglacfadh leis, má tá An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag dul ag fostú daoine agus riachtanas Gaeilge acu, go gcaithfidh teastasú seachtrach a bheith i gceist, seachas an Roinn nó an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bheith ag déanamh an teastasú agus ag rá go bhfuil dóthain Gaeilge ag duine chun gnó a dhéanamh trí Ghaeilge? An nglacann sé leis go gcaithfimid dul le caighdeán Eorpaigh nó caighdeán seachtrach de shaghas éigin, agus scrúdú seachtrach seachas scrúdú ag an gcóras Stáit, má táimid ag iarraidh bheith dairíre go mbeidh na daoine a cheapfar sna poist seo in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.