Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:00 pm

Mr. Éamonn Ó Dónaill:

Ba mhaith liom ar dtús amharc ar stádas na Gaeilge sa státchóras ó bunaíodh an Stát agus le breis is daichead bliain anuas. Sílim go bhfuil sé tábhachtach díriú ar an chúlra seo le cinntiú go mbeidh sé soiléir do gach duine go bhfuil creimeadh agus ísliú stádais i gceist ó thaobh na Gaeilge de le fada an lá anois. Ní mór dúinn a bheith ábalta é sin a admháil sula dtig linn díriú ar réiteach na faidhbe. Ina dhiaidh sin, ba mhaith liom labhairt faoi na cúrsaí oiliúna atá á dtairiscint ag mo chomhlacht féin, Gaelchultúr, d’eagraíochtaí Stáit le corradh agus deich mbliana anois. Ar deireadh ar fad, luafaidh mé roinnt nithe praiticiúla a d’fhéadfaí a dhéanamh le stádas na Gaeilge a ardú sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí i gcoitinne.

Ó bhunú an Stáit go dtí 1974 bhí cumas sa Ghaeilge ina riachtanas i gcás daoine ar mhian leo post a fháil i státseirbhís na tíre. Thugtaí Gaeilge éigeantach ar an chur chuige seo agus ba mhinic a léiríodh drochmheas air. Iadsan a fuair post sa státseirbhís ag an am nach raibh Gaeilge acu, bhíodh tréimhse trí bliana acu leis an teanga a fhoghlaim sula gceapfaí go buan iad. Ní cosúil go raibh an caighdeán a éilíodh iontach ard agus, de réir dealraimh, is beag duine a briseadh as a phost in imeacht leathchéad bliain de bharr easpa cumais sa Ghaeilge.

Ansin, sa bhliain 1974 shocraigh Rialtas na linne deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach do gach státseirbhíseach agus cuireadh córas nua ina áit a gheall marcanna bónais, 10%, le linn comórtais earcaíochta agus arduithe céime dóibh siúd a raibh dhá theanga oifigiúla an Stáit acu. Cuireadh an córas nua i láthair mar ghníomh ar son na Gaeilge agus dúradh go gcothódh an cur chuige seo dearcadh níos dearfaí i leith na teanga. Leasaíodh an córas arís sa bhliain 1990 agus laghdaíodh na marcanna bónais ó 10% go dtí 6%.

Bhí amhras faoi éifeacht an chórais in imeacht na mblianta agus tháinig sé chun solais dornán blianta ó shin go raibh leath na Ranna nach raibh ag ceadú na marcanna bónais ar chor ar bith i gcomórtais inmheánacha d’arduithe céime. Cuireadh deireadh iomlán leis na marcanna bónais sa bhliain 2013 agus cuireadh córas úrnua in áit an tseanchórais. Faoin chóras sin, an córas atá ann faoi láthair, tráth a bhíonn comórtais earcaíochta ar siúl cruthaítear painéil de dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Deirtear go gceapfar daoine ó na painéil sin i gcás post atá aitheanta mar phoist a mbaineann riachtanas Gaeilge leo. Faoin chóras nua seo is féidir le 6% de na daoine atá cáilithe do phoist sa státseirbhís a bheith ar na painéil Ghaeilge ach ní cheapfar iad gan post a bheith daingnithe go hoifigiúil mar cheann a bhfuil Gaeilge riachtanach ann.

Agus is anseo atá croí na faidhbe. Is cosúil nach bhfuil na Ranna Rialtais éagsúla sásta poist a aithint lena mbaineann riachtanas Gaeilge. Tá taighde déanta ag an suíomh nuachta Tuairisc.iear fhreagraí ar cheisteanna Dála faoin ábhar seo agus is cosúil nach bhfuil ach 15 phost sainaitheanta ag 15 Roinn Rialtais mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Sin 15 phost a mbaineann riachtanas Gaeilge leo as an 18,775 post a bhí gceist sna freagraí Dála seo, sin 0.08% den iomlán. Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go raibh “ag teip go hiomlán” ar na cuspóirí a bhí luaite leis an chóras nua earcaíochta seo don Ghaeilge. Sin mar atá an scéal faoi láthair: córas earcaíochta a chreidtear a bheith iomlán lochtach le daoine a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh i bpoist sa státseirbhís.

Tuigim go bhfuil suirbhé ar an teanga sa státseirbhís ar siúl ag an chomhchoiste seo agus fáiltím go mór roimhe sin. Is cinnte go mbeidh eolas luachmhar le fáil i dtorthaí an tsuirbhé sin. Ach ní fiú suirbhéanna a dhéanamh mura mbaintear leas astu le polasaithe nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus is léir do gach duine go dteastaíonn polasaí nua sa réimse seo. Teastaíonn polasaí a chinnteoidh go gceapfar an sciar ceart daoine a mbeidh Gaeilge líofa acu ag gach leibhéal sa státseirbhís mura bhfuil muid le géilleadh do pholasaí a fhágfaidh go mbeidh Béarla éigeantach i gceist agus an pobal ag plé leis an státchóras. Sin bun agus barr an scéil.

Is ceart fosta tabhairt faoi scéim cheart oiliúna teanga sa státseirbhís agus, má deirim féin é, sílim go nglactar leis go bhfuil saineolas ag Gaelchultúr sa réimse sin mar gheall ar an obair atá déanta againn le dhá bhliain déag anuas. Tá dlúthcheangal idir cumas Gaeilge na státseirbhíse agus úsáid na Gaeilge i measc an phobail. Ní bheidh éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge mura bhfuil siad ar fáil go furasta. Fágfaidh formhór na ndaoine a rogha teanga ar leataobh má cheapann siad go gcothóidh siad deacracht don státseirbhíseach atá ag plé leo má úsáideann siad an Ghaeilge. Caithfear an fáinne fí sin a bhriseadh.

Cad é is féidir a dhéanamh? Tá freagra na ceiste sin simplí go maith. Caithfear a admháil ar dtús go bhfuil fadhb ann sular féidir leigheas a lorg. Tá an leigheas ann, is é sin polasaí ceart earcaíochta a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go gceapfar daoine a bhfuil Gaeilge acu ag gach leibhéal sa státseirbhís agus scéim cheart oiliúna a fhorbairt le cuidiú leo siúd atá ann cheana féin a gcumas sa teanga a fhorbairt.

Tá an dá rud sin indéanta ach an toil pholaitiúil a bheith ann. Tá seo ag tarlú i ndlínsí eile ar fud an domhain agus ní gá dúinn ach amharc trasna Mhuir Éireann chuig an Bhreatain Bheag le dea-shampla a fheiceáil de chur chun cinn an dátheangachais. Tá an cur chuige nua seo ríthábhachtach anois, go háirithe anois agus cúram pleanála teanga á chur ar phobal na Gaeltachta féin faoi Acht na Gaeltachta 2012. Cén mhaith do ghrúpaí pobail a bheith ag ullmhú pleananna leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ina gceantar féin má tá an státchóras ag brath leanúint air ag brú an Bhéarla orthu? Ní leor, mar a dúradh roimhe seo, a bheith ag rá le muintir na Gaeltachta an Ghaeilge a labhairt ina measc féin ach gan í a labhairt linn.

Déarfaidh mé cúpla focal anois faoin obair atá ar bun ag Gaelchultúr, comhlacht a bhfuil baint agam leis. Tá Gaelchultúr ag cur cúrsaí oiliúna ar fáil don earnáil phoiblí le dhá bhliain déag anois agus tá na mílte fostaí de chuid an Stáit i ndiaidh freastal ar na cúrsaí sin. Cúrsaí gan teastasú a bhí i gceist i dtús ama. Ansin, in 2012, bhain an comhlacht stádas amach mar sholáthraí cúrsaí ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, QQI, agus i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin chuir muid tús leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, an TGG. Ceathrar a d’fhreastail ar an chéad chúrsa sin, a bhí ag leibhéal 4 den chreat náisiúnta cáilíochtaí, NFQ.

Tá sé d’aidhm ag an TGG an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an phobal i gcomhthéacs na hoibre agus an teanga a úsáid go sóisialta chomh maith.

Cabhraíonn an cúrsa leis na rannpháirtithe seirbhís níos fearr a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge, tá súil againn, rud a chuidíonn leis na comhlachtaí agus na heagraíochtaí ina bhfuil siad ag obair a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.

Mar a luaigh mé, leibhéal amháin a bhí i gceist in 2012 nuair a chuir muid tús leis an teastas sa Ghaeilge ghairmiúil ach tá an clár ar fáil anois ag ceithre leibhéal éagsúla den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, is é sin leibhéil 3 go 6. Go dtí fómhar na bliana anuraidh, bhí breis agus 420 duine ó níos mó ná 50 eagraíocht, idir ranna Stáit, chomhairlí áitiúla agus eagrais eile de chuid na hearnála poiblí, tar éis tabhairt faoin TGG. Bhí sé mar sprioc againn 150 a mhealladh chuig an TGG an fómhar seo caite ach sa deireadh chláraigh níos mó ná 200 duine don chúrsa.

Dála an scéil, Gaelchultúr an soláthraí atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge le sainchúrsaí oiliúna Gaeilge a chur ar fáil don earnáil phoiblí. Roghnaíodh muid tar éis próiseas tairisceana a reáchtáil an Foras in 2011 agus arís in 2015. Tá an maoiniú ón Fhoras tar éis cur ar ár gcumas an TGG a fhorbairt agus a chur ar fáil do 620 duine agus sainchúrsaí eile a chur ar fáil do na mílte fostaí eile de chuid an Stáit.

Le deireadh a chur leis an aighneacht seo, ba mhaith liom roinnt rudaí praiticiúla a lua a d’fhéadfaí a dhéanamh taobh istigh de thréimhse ghairid agus ar chostas measartha íseal chun cumas Gaeilge fhostaithe na státseirbhíse a fheabhsú agus, dá bhrí sin, seirbhís ar chaighdeán níos airde a chinntiú do phobal na Gaeilge. Seo iad: córas oiliúna an-chuimsitheach a fhorbairt d’fhostaithe na hearnála poiblí agus é a bheith mar sprioc oiliúint a chur ar chúpla duine sna rannóga ar fad a bhíonn ag plé leis an phobal; córas feasachta teanga a fhorbairt le cuidiú le fostaithe Stáit tuiscint níos fearr a fháil ar an tábhacht a bhaineann le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus ar an tábhacht a bhaineann le cearta teanga; córas marcanna bónais nua a chur i bhfeidhm i gcás arduithe céime a bheadh ceangailte leis an chóras oiliúna thuasluaite; coimisiún neamhspleách a chur ar bun le hamharc ar an chur chuige atá ag dlínsí eile agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis na poist a mbeadh an Ghaeilge riachtanach dóibh sna ranna éagsúla Rialtais agus, go deimhin, sna heagraíochtaí pobail i gcoitinne; áiseanna ar líne a fhorbairt a rachadh chun sochair dóibhsean a bheadh ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil don phobal agus, an pointe deireanach, fostaithe an Stáit a chur ar an eolas maidir leis na hacmhainní teicneolaíochta agus na seirbhísí ar líne atá ar fáil dóibhsean a bhíonn ag obair trí Ghaeilge.

Beidh mé sásta, gan amhras, na moltaí sin a phlé go mion leis an chomhchoiste anois. Rud amháin eile, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Chomhcoiste as cuireadh a thabhairt do Ghaelchultúr an aighneacht seo a chur i lathair tráthnóna. Is mór againn an deis sin a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.