Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Radio Broadcasting: Raidió Rí-Rá

5:00 pm

Ms Niamh Ní Chróinín:

Tá mé mar bhainisteoir ar Raidió Rí-Rá, RRR. Tá Julian de Spáinn mar rúnaí ar Raidío Rí-Rá. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht an deis a thabhairt dúinn labhairt leis an gcoiste inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil chomh maith don tacaíocht a bhfuaireamar agus an maoiniú a bhfuaireamar ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ón alt as an gcrannchúr náisiúnta don ceithre fad a bhfuaireamar thar na blianta.

Is cairt-stáisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a sheinneann an ceol is déanaí ó na cairteacha. Mar aon leis sin, tá popcheol ann trí Ghaeilge le cloisteáil ar an stáisiún leithéid í an ceol a thagann ó TG Lurgan, Coláiste Lurgan agus aistriúcháin Gaeilge eile atá déanta. Tá an stáisiún ag díriú ar dhaoine óga idir 12 go 30 go príomha. Faoi láthair, táimid ag craoladh ar líne ag www.rrr.ieagus ar DAB, sin an córas digiteach nua atá ag teacht chun cinn agus atá ag forbairt faoi láthair. Táimid i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Sa cháipéis seo luaitear Port Láirge chomh maith. Bhíomar ar DAB i bPort Láirge ar bhonn trialach ach tá deireadh tagtha leis an triail faoin am seo. Chomh maith leis sin, tá aip ag Raidió Rí-Rá agus táimid ar tí ceann nua a sheoladh go luath agus tá sé ar fáil ar an aip, Seinnteoir Raidío, chomh maith. Chomh maith le sin, gach Máirt go hAoine idir 9 agus 10 istoíche, bíonn an clár "Rí-Rá ar RnaG" le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta. Sin, go bunúsach, uair a chloig de cheol Raidió Rí-Rá atá craolta ar Raidío na Gaeltachta.

Cén fáth a bhfuil RRR ann nó cén fáth a bhfuil gá le Raidió Rí-Rá a bheith ann? Ceann de na rudaí is tábhachtaí a dhéanann RRR ná go ndéanann muid normalú ar an teanga. Nascann sé an Ghaeilge le gnáthrud i saol an duine óg agus an ghnáthcheol a thaitníonn le daoine óga. Spreagann an stáisiún daoine óga éisteacht le níos mó Gaeilge agus, ansin, níos mó Gaeilge a labhairt. Chomh maith le sin, is áis mhúinteoireachta an-luachmhar í. Tá podchraoltaí agus agallaimh ar an suíomh againn agus bíonn múinteoirí ag úsáid an ábhar sin mar léamhthuiscintí agus mar chluasthuiscintí sa seomra ranga go minic.

Nascann an stáisiún an Ghaeilge le rud éigin atá nua-aimseartha. Nuair a smaoiním ar an teanga, feicim é mar theanga bheo agus mar theanga nua-aimseartha. Tá cláir teilifíse ann as Gaeilge, tá daoine cáiliúla ag caint as Gaeilge agus ag foghlaim na Gaeilge agus tá ceol taifeadta as Gaeilge. Nuair a smaoinímid ar na rudaí nua-aimseartha atá sa sochaí faoi láthair, ar leithéidí Facebook, Twitter, Google, na cláir teilifíse agus aipeanna nua, tá siad seo ar fad ar fáil as Gaeilge. Feicim bearna mór amháin faoi láthair agus sin bearna san raidió. Níl stáisiún raidió ann atá ag craoladh trí Ghaeilge ar fáil ar FM go huile-oileánda do dhaoine óga. Tá Raidió Rí-Rá ann. Tá an creathlach ann agus táimid réidh le dul. Táimid réidh le craoladh ar FM.

Cá bhfuilimid anois? Táimid ar líne ó 2008, táimid ag craoladh ar DAB ó 2013, tá aip againn le blianta agus tá tréimhsí cúpla seachtain caite againn ag craoladh ar FM chomh maith. Tá breis is 25 craoltóir ag obair go deonach linn go seachtainiúil. Tá duine amháin fostaithe go lán-aimseartha, sin mé féin, ó mhí an Mhárta seo caite. Taobh amuigh dó sin, tá daoine eile timpeall na tíre ag obair linn, ag scríobh don suíomh, ag taifead don suíomh agus ag taifead míreanna a théann amach ar an aer. Tá deich gclár beo á gcraoladh againn go seachtainiúil. Taobh amuigh dó sin, tá cláir réamhthaifeadta á dhéanamh. Idir cláir bheo agus cláir atá réamhthaifeadta, bíonn cláir ag dul amach ar an aer idir 8 ar maidin agus 10 istoíche. Ansin, i rith na hoíche leanann an ceol ar aghaidh ach ní bhíonn láithreoir sa stiúideo. Tá stiúideo beag amháin againn ar Sráid Fhearchair. Tá sé an-ghnóthach faoi láthair, ach is gearán maith é sin is dócha.

Táimid an-láidir ar na meáin shóisialta agus an-bhródúil as seo. Tá nach mór 12,000 leantóir againn ar Facebook, tá beagnach 5,000 leantóir ar Twitter agus os cionn 1,500 leantóir ar Instagram. Go háirithe agus muid ag diriú ar dhaoine óga, tá sé seo an-thábhachtach dúinn. Tugann sé ardán dúinn an Ghaeilge a chur chun cinn agus ceol atá as Gaeilge a chur chun cinn. Braithimid go bhfuilimid ar an bpointe sin nuair nach bhfuil sé chomh aisteach céanna ceol as Gaeilge a chloisteáil ar an aer. Tá daoine i dtaithí air ag an bpointe seo. Nuair a chloiseann siad amhráin as Gaeilge, ní bhíonn an-ionadh orthu. Chomh maith leis sin, táimid ag obair go leanúnach ar na halbaim CEOL. I mbliana táimid ag comhoibriú le 2FM ar seo. Go bunúsach, gach bliain iarraimid ar cheoltóirí agus ar bhannaí mór le rá amhráin a aistriú go Gaeilge agus déanaimid taifead orthu.Táimid tar éis bheith ag obair le roinnt de na ceoltóirí is mó ar domhan ar nós Ed Sheeran agus Kodaline agus táimid ar tí dhlúthdhiosca eile a sheoladh i gceann cúpla seachtain anois.

Sin an áit ina bhfuilimid ach cá bhfuilimid ag iarraidh dul? Táimid ag iarraidh bheith ag craoladh ar FM go lán-aimseartha go huile-oileánda. Sin an sprioc atá againn, a bhí againn i gcónaí agus a bheidh againn i gcónaí go dtí go dtarlaíonn sé. Tá sé iontach bheith ar DAB, ar an aip agus ar líne, ach má táimid dáiríre faoi seo agus má táimid ag iarraidh a bheith ar chomhchaighdeán le stáisiún eile atá ar FM, caithfimid bheith ar na hardáin chéanna leo. Maidir lenár láithreoirí, táimid ag iarraidh go mbeidh leanúnachas ann agus táimid ag iarraidh go n-aithneoidh an pobal na glórtha atá le cloisteáil. Tá na láithreoirí ar fad ag obair go deonach linn faoi láthair. Tá formhór dóibh san ollscoil agus mar sin gach bliain nuair a thagaimid chomh fada leis an samhradh titeann an sceideal as a chéile toisc go dtéann siad abhaile nó go dtéann siad thar lear. Tá sé an-thábhachtach dúinn go mbeidh an leanúnachas sin ann.

Chomh maith leis sin, táimid ag déanamh ceardlanna raidió i meánscoileanna agus i mbunscoileanna faoi láthair. Sin rud atáimid ag diriú air i mbliana i gceart. Tá an-tóir ar na ceardlanna sin agus tá liosta feithimh mhór fhada agam. Tuigim nach mbeidh mé in ann freastal ar na scoileanna ar fad a thagann i dteagmháil linn toisc nach bhfuil ach mé féin ann go lán-aimseartha. Tá sé sin an-díomách mar nuair a théim isteach go dtí na scoileanna, tá deis iontach agam dul i bhfeidhm ar dhaoine óga agus rud éigin spraoiúil a dhéanamh leis an nGaeilge le daoine óga agus deis a thabhairt dóibh nach mbeadh acu. Maidir leis an bhfoireann, bheadh sé i gceist againn bainisteoir, riarthóir agus oifigeach margaíochta a fhostú mar aon le láithreoirí lán-aimseartha a mbeadh ag freastal ar scoileanna, ar choláistí triú leibhéal, ar chlubanna óga agus ar imeachtaí sa phobal. Tá sé an-tábhachtach dúinn chomh maith cur leis an bhfoireann dheonach agus go mbeadh daltaí meánscoile agus mic léinn tríú leibhéal ag fáil taithí raidío linn leis an nGaeilge.

Sílim go bhfuilimid tagtha go pointe nuair nach féidir linn mórán sa bhreis a dhéanamh. Tá ocht mbliana caite ag Raidío Rí-Rá ag cur cruth ar an stáisiún agus tá sé in am dúinn, agus is gá dúinn anois an chéad chéim eile a thógáil. Tá a fhios agam go mbeidh éileamh air ó bheith ag labhairt le daltaí, múinteoirí agus mic léinn. Rinneadh suirbhé siar i 2005 leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus Foras na Gaeilge agus léirigh 75% den phobal tacaíocht do stáisiún raidió trí mheán na Gaeilge don aos óg.

As sin, d’eagraigh Conradh na Gaeilge cruinniú beag ag Oireachtas na Samhna le seirbhís raidió don aos óg a phlé agus, as sin, bunaíodh Raidió Rí-Rá. Mar a deirim, is gá anois an chéad chéim eile a thógáil.

Dar ndóigh, an phríomhfhadhb atá ann ná go bhfuil an-chostas ag baint leis an stáisiún a chur ar FM go lán-aimseartha ach bheadh an toradh agus na buntáistí a thiocfadh as iontach agus an-luachmhar don Ghaeilge agus don tír. Measann muid go mbeadh costas de €1.6 milliún ann agus, cinnte, is mór an méid é sin. Táimid ag moladh, áfach, go dtiocfadh an t-airgead sin ón gceadúnas teilifíse reatha agus ní bheadh aon chostas sa bhreis ar an Stát. Sa mhór-chomhthéacs den cheadúnas teilifíse, ní bheadh i gceist leis an stáisiún a fhorbairt ach 0.69% den cheadúnas teilifíse. Tá sé sin bunaithe ar fhigiúirí ó 2014. Is fiú a rá chomh maith go mbeadh €1.1 milliún as an €1.6 milliún atá measta againn don fhorbairt ag dul ar tharchur amháin agus bheadh sé sin le híoc againn le RTE.

Luadh linn, agus muid ag plé é seo thar na blianta, nach mbeadh minicíocht amháin ar fáil ach ní dóigh linn go bhfuil sé seo ró-thábhachtach. Is féidir minicíochtaí éagsúla a bheith againn in áiteanna éagsúla timpeall na tíre. Mar a dúirt mé, chaitheamar tréimhsí ag craoladh ar FM agus bhí minicíochtaí éagsúla in áiteanna difriúla. Ní raibh fadhb ann leis sin in aon chor.

Díreach sula gcríochnaím, sílim go bhfuil sé an-thábhachtach cuimhneamh siar ar cé chomh tábhachtach is atá an ceol don duine óg agus é nó í ag fás aníos. Is féidir leis an gceol dul go mór i bhfeidhm ar dhuine. Braithim go láidir go bhfuilimid ag cailliúint amach ar dheis ollmhór chun dul i bhfeidhm ar dhaoine óga, scoileanna, coláistí samhraidh, coláistrí triú leibhéal, clubanna óige agus cúrsaí Gaeltachta, go bhfuilimid ag cailliúint deis tacaíochta ollmhór a thabhairt do mhúinteoirí agus, níos mó ná aon rud eile, go bhfuilimid ag cailliúint an deis normalú a dhéanamh ar an teanga.

Tá Raidió Rí-Rá ann. Tá an creatlach ann agus táimid réidh an chéad chéim eile a thógáil le tamall anuas ach amháin toil ó na húdaráis a bheith ann chun tacú linn. Fágfaidh mé ansin é. Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dúinn labhairt inniu. Ba bhreá linn go mbeadh an coiste sásta tacaíocht oifigiúil a thabhairt dúinn leis an tseirbhís a fhorbairt ar FM agus go gcabhródh an coiste linn cruinniú a fháil leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.