Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 17 January 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais
2:10 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus molaim an cur i láthair. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, tá tacaíocht Fhianna Fáil acu. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar chúpla rud. Aontaím go bhfuil sé an-tábhachtach an dalta atá ag teacht ón dtigh le Gaolainn a bheith sa chéad áit ann. Tá mé ag smaoineamh ar scoileanna a bheidh ag glacadh le daoine taobh amuigh den Ghaeltacht. An mbeidh siadsan ábalta brath ar an eolas ón mbunscoil go bhfuil an teaghlach á thógaint le Gaolainn? Tá gach seans ann nach bhfuilid ach teastaíonn uathu teacht isteach sa Ghaeltacht i gcomhair oideachais. Cén sórt tosaíocht a thabharfaí do na daoine sin? Táid gníomhach agus teastaíonn uathu teacht isteach agus a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn, cé nach í an Ghaolainn an teanga sa bhaile. Tá fuílleach samplaí ó Bheanntraí agus ó Chill Áirne ag teacht isteach go Gaeltacht Mhúscraí.
In éineacht leis sin, tá ceist na bunscoileanna. I mo Dháilcheantar féin, tá an-éileamh i gcomhair Gaelscoileanna, go háirithe bunscoileanna. I mBaile an Chollaigh, tógadh isteach 90 dalta agus díultaíodh an méid céanna cheana féin agus tá siad sa tóir anois ar an tarna Gaelscoil ag an mbunleibhéal faoi láthair. Conas a thabharfaí tacaíocht don dream sin nach bhfuil an Ghaolainn acu sa bhaile agus cén tosaíocht a thabarfaí dóibh agus iad ag teacht isteach sa scoil?
An bhfuil aon bhaol ann go dtiocfadh na samplaí atá ag na finnéithe salach ar na daoine sin a theastaíonn uathu teacht isteach sna scoileanna Gaolainne agus Gaeltachta?
No comments