Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá go bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil ag na finnéithe. Ciallaíonn sé sin, má tá Sinn Féin leo freisin, go bhfuil 66 Teachta Dála leo. Níl uathu ach 79. Bheadh súil agam go ndéarfadh an Cathaoirleach go bhfuil sí leo freisin. Ní bheidh ag teastáil ansan ach 12 duine eile sa Dáil. Sin an chaoi a n-oibríonn an Teach seo. Má tá móramh ann, tá móramh ann. Níl gá gach dream a thabhairt leat.

Tá ceist eile spéisiúil ardaithe ag na finnéithe. Is léir go bhfuil fadhb ollmhór maidir le líon na n-áiteanna atá ar fáil i nGaelscoileanna don dream atá ag iarraidh oideachas trí Ghaeilge. Mar choiste, caithfimid díriú air sin. Dá mbeadh dóthain áiteanna ann, ní éireodh an cheist seo. Ós na figiúirí a thug na finnéithe, glacaim leis nuair a deir siad go raibh éileamh ann ó 1,163 páiste nach raibh siad tar éis cur isteach ar thrí scoil. Is é sin le rá ná go glacaim leis gur fíoréileamh ionracach an 1,163. Má tá sé sin cruinn, tá cuid mhaith acu a fhaigheann iomarca éilimh ag baint le Gaelscoileanna. Caithfimid díriú ar an gceist sin.

Mar mhalairt teicniúil ar an moladh go ndéanfadh an scoil an measúnú, agus b'fhéidir daoine ag ceapadh go mbeadh sé sin éagórach sa mhéid is go mbeadh aithne ag daoine ar a chéile agus mar sin de, bheadh sé an-éasca ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus chuile rud eile faoin spéir scéim nua labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais. Go deimhin féin, nuair a cuireadh deireadh le sean-scéim labhairt na Gaeilge, bhí deis scéim nua a thabhairt isteach a bheadh oscailte do chuile theaghlach ar fud na tíre a bheadh ag labhairt Gaeilge lena gcuid gasúr agus go ndéanfadh dream éigin eile an measúnú. Bheadh de bhuntáiste ag a leithéid de chur chuige go mbeadh sé go hiomlán neamhspleách. Ní fhéadfadh éinne a rá go raibh fábhar i gceist ag scoileanna. Tá contúirt ann i gcónaí go mbeadh daoine muinteartha le múinteoirí agus na rudaí seo ar fad mar is pobail bheaga iad cuid de na pobail seo. D'fhéadfadh sé a tarlú, mar shampla, go mbeadh mac nó iníon le múinteoir i nGaelscoil. Bheadh seans ard go mbeadh sé sin i gceist freisin. Bheadh spéis agam a fháil amach céard a cheapfadh na finnéithe dá mba rud é go raibh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sásta athbhunú a dhéanamh ar scéim a dhéanfadh deimhniú gur teaghlach labhartha Gaeilge a bhfuil ann? Céard a cheapann siad den ghá atá ann déileáil le ceist an éilimh agus an freastal atá á dhéanamh ar scoileanna?

Chun tacú leo, ba mhaith liom a rá rud amháin eile. I gcás na Gaelscoile, is buntáiste agus achmhainn dosháraithe é nó í an páiste a bhfuil Gaeilge aige nó aici. Is acmhainn do na múinteoirí agus do na scoláirí sa scoil mar feictear an Ghaeilge á labhairt taobh amuigh den scoil agus mar theanga nádurtha. Níl aon bhealach níos fearr do ghasúr teanga a shealbhú ach a bheith i dteagmháil le gasúr eile a labhraíonn an teanga go ceart agus go foirfe. Go deimhin féin, tá bagairtí áirid ar Ghaeilge ghasúr a thógtar le Gaeilge sa mbaile nuair a théann siad ar na Gaelscoile mar phiocann siad suas drochnósanna teanga. Bíodh sin mar atá, fásann siad as na rudaí sin freisin. Is dóigh liom go gcaithfimid an-bhéim a chur leis sin.

Mar atá ráite ag an Seanadóir agus ag na finnéithe, is mionlach beag atá i gceist anois le líon na ngasúr a bheadh ag dul ar aon Ghaelscoil ar fud na tíre, cé go mbeadh se níos airde in áiteanna go bhfuil Gaelscoileanna bunaithe le fada ar nós abhantrach Scoil Lorcáin agus mar sin de i mBaile Átha Cliath, ach is mionlach iad mar sin féin. An aidhm a bhí leis an straitéis 20 bliain ná go mbeadh líon na ngasúr sa gcéad ghlúin eile agus sa ghlúin dar gcionn ag méadú agus go mb'fhéidir go dtiocfadh amach anseo an lá go mbeadh leath de na gasúr ann agus an Ghaeilge ó dhúchas acu sa mbaile. Ceann de na rudaí a bhíonn ag déanamh imní ormsa ná go múintear an Ghaeilge chuile ghlúin. De bharr nach dtugann tuismitheoirí do na gasúr é, cailltear é agus faightear ar ais é seachas é a choinneáil ó ghlúin go glúin. Ar ndóigh, tá go leor daoine ón nGaeltacht ag dul ag cónaí sa nGalltacht anois. Bhí sé riamh, ach de bharr TG4 agus rudaí mar sin tá níos mó fonn orthu siúd Gaeilge a labhairt ná mar a bhíodh. Is acmhainn iontach é sin ar nár cheart a chailleadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.