Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 December 2016
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Ferry Services to Inis Mór: Discussion
2:15 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá fáilte roimh an bhfinné. Beidh an coiste seo i gcónaí oscailte do Chomhar na nOileán le fadhbanna agus cúiseanna a chur os ár gcomhair. Gabhaim míle buíochas do na finnéithe go léir a tháinig os ár gcomhair inniu. Is rud uafásach tábhachtach é seo. Táimid ag caint ar thodhchaí na n-oileán go léir, i ndáiríre. Is ceist mhór í. Beimid ag coimeád súil ghéar air agus ag stocaireacht ar son na n-oileán freisin. Tá súil agam go n-éiríonn go geal leo chomh luath agus gur féidir.
No comments