Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Services to Inis Mór: Discussion

2:15 pm

Ms Cathy Ní Ghóill:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an chuiridh seo. Ceapaim go raibh an cruinniú seo an-mhaith. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis na Teachtaí Catherine Connolly, Éamon Ó Cuív, Noel Grealish, Seán Kyne agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Le ceithre bliana anuas, bhí siad thar cinn dúinn. Bhí siad ag chuile chruinniú agus thug siad an oiread tacaíochta dúinn ó thaobh an fheachtais aeir agus báid. Tá sé dochreidte an tacaíocht a thugann siad dúinn agus táimid fíor-bhuíoch.

Maidir le Comhairle Contae na Gaillimhe, ag dul ar aghaidh, tá súil againn go mbeimid in ann an caidreamh a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr. Ceapaim go mbeimid in ann é sin a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh an coiste sin bunaithe arís agus go mbeimid in ann cruinnithe rialta, cé go dtuigim an brú atá orainn uilig, ó thaobh na n-oileán de a reachtáil le Comhairle Chontae na Gaillimhe. Ceapaim gur buntáiste a bheadh ann don chomhairle chontae agus dúinn féin amach anseo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.