Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

B'fhéidir gur féidir liomsa cuid de na ceisteanna a chur an Seanadóir faoi dintiúir na scéime, más maith leat, a fhreagairt. An pá a fhaigheann na cúntóirí ná €21.12 san uair. Déarfadh go leor daoine gur phá réasúnta ard é sin, ach ní bhíonn mórán uaireanta a' chloig i gceist acu. Is dóigh gurb é sin an gearán is mó a bhíonn ann. Bíonn sé deacair daoine a choinneáil nuair nach bhfuil acu ach deich n-uaire a' chloig sa tseachtain.

Maidir leis na cáilíochtaí, rinne mé tagairt níos túisce don chaoi ar thosaigh an scéim. B'fhéidir sin ceann de na ceisteanna nó na deacrachtaí atá le roinnt blianta anuas ag teacht chun cinn. Nuair a thosaigh an scéim, bhí na daoine a bhí mar chúntóirí teanga roghnaithe mar gheall ar an gcumas Gaeilge a bhí acu agus ina measc bhí cuid de na cainteoirí is fearr sa pobal ar fad. Nuair a cuireadh ar bhonn uile-Ghaeltachta é ansin, bhí airgead Stáit á chaitheamh leis agus bhí gá poist a fhógairt go poiblí agus mar sin de. Níor tugadh aon eolas dúinn, nuair a thosaigh Muintearas ag plé leis, cén cáilíocht a bhí riachtanach don chúntóir teanga. Bíonn muid ag cuartú dioplóma sa Ghaeilge nó a chomhionann. Tá réimse leathan cáilíochtaí ag na cúntóirí. Tá céim máistreachta sa Ghaeilge ag cuid acu. Bheadh leibhéal dioplóma nó mar sin de ag cuid eile acu. Bíonn muid ag cuartú cáilíocht cúram leanaí nó cáilíocht i dtaobh a bheith ag obair le daoine óga nó rud éigint mar sin. Ní gá go mbeadh sé ann ach is buntáiste d'iarrthóir é sin a bheith acu, nó taithí a bheith ag obair i scoil cheana féin nó ar a bheith ag obair le páistí óga. An bonnleibhéal a bheadh muid ag cuartú ná dioplóma sa Ghaeilge nó a chomhionann.

Maidir leis na scoileanna nua, más buan mo chuimhne, is costas de thart ar €56,000 a bheadh ann don tréimhse 26 seachtain ar fad ar fad. Sin le gach costas san áireamh, idir PRSI fostóra, pá saoire agus mar sin de. Ní airgead ollmhór é nuair a chuimhnítear ar an méid scoileanna a bheadh seirbhís curtha ar fáil dóibh.

Rinne muid cúpla cúrsa oiliúna ar shaibhriú na Gaeilge agus sochtheangeolaíocht leis na cúntóirí ceithre nó cúig bliana ó shin. Module QQI a bhí iontu sin a d'ullmhaigh muid féin i gcomhar le Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta blianta ó shin. Bhí siad dírithe go hiomlán ar a bheith ag obair le páistí le Gaeilge sa gcomhthéacs oideachais nó sa gcomhthéacs naíonra. Bheadh muid ábalta na cúrsaí sin a chur ar fáil arís. Ní bheadh costas ró-mhór ag baint leis. Tá muid ábalta gearrchúrsaí ar nós scileanna teagaisc agus mar sin a chur ar fáil do na cúntóirí freisin. Tá gá le cúrsa oiliúna a chur ar fáil do chúntóirí teanga nua ar nós an cúrsa a bhí ann i bhfad siar. Nuair a thosaigh an scéim i gConamara ar dtús, bhí cúrsa, sílim, i gcomhar le hAcadamh Ollscolaíochta na Gaeilge agus sílim go ndearna Oidhreacht Chorca Dhuibhne cúrsa i gcomhar le DIT. Tá gá leis sin a dhéanamh arís le cúntóirí atá tosaithe le roinnt blianta anuas le oiliúnt níos mó a chur orthu sin agus daoine nua a bheadh suim acu a bheith fostaithe mar chúntóirí amach anseo.

Phléigh muid féin agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne cúpla uair an bhfuil bealach go bhféadfaí é a dhéanamh idir an trí réigiúin Ghaeltachta. Dá mbeadh cúrsa amháin ar fáil, d'fhéadfadh, b'fhéidir, cuid dó a dhéanamh ar-líne agus d'fhéadfadh na rannpháirtithe teacht le chéile. D'fhéadfadh teacht le chéile a bheith ann ó dheas, ceann i gConamara agus ceann ó thuaidh. Ní bheadh gá é a bheith sa gceantar céanna i gcónaí. Tá féidirtheachtaí ansin agus d'fhéadfaí breathnú ar an gcur chuige is fearr nó is eacnamúla chun cúrsa mar sin a chur ar fáil do na réigiúin ar fad.

Níor tháinig aon ardú ar airgead riaracháin le ceithre nó cúig bliana anuas ó thosaigh Muintearas ag plé leis. Fiú go bhfuil scoileanna breise curtha leis le dhá bhliain nó trí bliana anuas, níor tháinig aon ardú ar an airgead riaracháin. D'fhan sé mar a chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.