Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 November 2016
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta
5:00 pm
Mr. Andreas Vogel:
Ba mhaith liom aird an choiste a tharraingt ar an gcomhcheangal atá ann idir ábhair éagsúla a bhíomar ag plé. Maidir le ceist an mhaoinithe do scéim na gcúntóirí teanga agus an buanú atá leis, tá moill ag baint leis an bpróiseas, rud a chuireann isteach ar an bpleanáil. Níl scéal é sin atá teoranta, faraor, go scéim na gcúntóirí teanga. Tá maoiniú Údarás na Gaeltachta don togra ina iomlán ar an gcaoi chéanna. Táimid anois i lár mí na Samhna. Níl aon eolas againn cén maoiniú a bheidh le fáil againn ó Údarás na Gaeltachta don bhliain 2017. Bhí sé sin mar a chéile anuraidh agus an bhliain roimhe sin. Thart ar mí Mhárta nó mar sin, faigheann muid amach cén maoiniú atá againn don bhliain. Thuigfeadh aon duine go bhfuil sé sin ag cur an-deacracht ar an gcórás phleanáil airgeadais agus mar sin de. Cén chaoi gur féidir linn fios a bheith againn ag tús na bliana cé mhéid foireann atáimid in ann a choinneáil ar an bpá-rolla nuair nach bhfuil a fhios againn cén maoiniú atá ar fáil? Cuireann sé sin isteach ar an gcaighdeán fostaíochta ó am go chéile freisin, mar gheall go gcaithfidh muid, faraor, scaoileadh le daoine ó am go chéile de cheal maoinithe do scéimeanna áirithe atá tagtha chun deiridh nó atá dúnta suas.
Maidir leis an scéal a bhain le maoiniú Pobal ag an am sin, is scéal casta é. Ceapaimse go bhfuil sé sábháilte a rá ag an bpointe seo go bhfuil an rud stairiúil a bhíomar ag plé leis an t-am sin socraithe. Ach, os rud é go bhfuil go leor athruithe tagtha ar na próisis a bhaineann le Pobal agus mar sin de, tá ligeachtaí sa gcóras i gcónaí. Baineann sé sin freisin le pleanáil. Bhí an Seanadóir ag plé na ceiste linn. Tá níos mó eolais aige air ná atá ag an gcuid eile den choiste. Le scéal fada a dhéanamh gearr, i gcóras Pobal, tá an fhadhb chéanna ann. Sa slí nach bhfuil a fhios againn cén maoiniú a bheidh againn do scéim na gcúntóirí teanga roimh an scoilbhliain, mar a chéile le sin níl a fhios againn cé mhéid airgid a bheidh muid ag fáil nuair a thosaíonn an bhliain amach. De réir sin, seans go dtugtar figiúr éigin dúinn agus déantar íoslú air ina dhiaidh sin. Is é sin an rud a tharla an uair cheana.
Tá na fadhbanna maoinithe agus pleanála, more or less, ag baint le chuile ghné de obair Muintearas. Taobh istigh den réimse sin, táimid ag déanamh ár ndícheall a bheith ag obair chomh chúramach agus chomh cheart agus is féidir. Ní féidir linn cuid de na bacanna sin a leigheas agus caithfidh muide mar eagraíocht atá ag brath ar mhaoiniú ó na foinsí sin a bheith ag obair de réir na cúinsí agus na conníollacha a bhaineann leis, faraor. Tá go leor rudaí gur féidir leigheas a chur ar sin, ach tá mé ag iarraidh aird an choiste a tharraingt ar an gceangal atá idir na réimsí sin. Bhíomar ag plé go leor sonraí faoi chás na gcúntóirí teanga, ach baineann sé le maoiniú ón údarás, maoiniú ó Pobal agus go leor scéalta eile freisin.
An bealach atá againn le déileáil leis go hiondúil ná go mbíonn muid b'fhéidir níos cúramaí ná mar is gá a bheith. Bhí fadhbanna againn cheana agus táimid ag iarraidh iad a sheachaint. Ach, ag go leor pointí, is tasc sách deacair é an buiséad a chothromú, ní hamháin ag deireadh na bliana don eagraíocht iomlán, ach le chuile scéim a bhaineann leis. Baineann sé sin ina iomlán le scéim na gcampaí samhraidh chomh maith céanna, cé go bhfuil sé níos fearr ar an taobh sin de toisc go bhfuil tréimhse theoranta ag baint leis.
Nuair a déanann na heagraíochtaí éagsúla iarratais linn ar champaí samhraidh, níl a fhios acu cé mhéad rannpháirtithe a bheidh ann. Tá an deontas atá ag dul dóibh ag deireadh an champa bunaithe ar an méid rannpháirtithe atá ann. Mar sin, tá muide chomh maith céanna leis an scéim sin ag obair ar buile faoi thuairim. Ní féidir linn an iomarca acu a cheadú mar, ag deireadh, b'fhéidir nach mbeidh an t-airgead ann le hiad a n-íoc agus ní féidir linn a bheith ró-chúramach nó beidh airgead fágtha a chead a bheith caite ar an scéim sin ag an deireadh. Tá an deacracht sin ag baint leis. Is rud casta é le láimhseáil ar go leor bealaí. Tá a fhios agam go dtuigeann an coiste beagánín an cúlra a bhaineann leis sin.
No comments