Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Mr. Andreas Vogel:

Níl mórán fágtha leis an gcur i láthair. Tá tionscadal foilsitheoireachta - idir foilseacháin oideachais agus foilseacháin cultúrtha agus oidhreachta - ar siúl ag Muintearas chomh maith. Tá réimse leathan ann agus tá leabhra i gceist chomh maith le foilseacháin fuaime, CDs agus ábhair ríomhaireachta, cláracha ríomhaireachta agus mar sin de. Tá liosta mór ar fáil de na foilseacháin atá ann. Tá an t-eolas sin ar fáil ar shuíomh idilín Muintearas.

Bhí muid ag caint go dtí seo ar an luathoideachas agus ag caint go láidir ar an oideachas sa réimse bunscoile agus meánscoile. Maidir le traenáil in réimsí eile, tá go leor ar siúl ag Muintearas sna réimsí oideachais fadsaoil agus cúrsaí éagsúla, go hiondúil an modh is coitianta chun na cúrsaí sin a sholáthar mar, gan dabht, caithfidh maoiniú a bheith ar fáil d'aon chúrsa gur féidir linn a chur ar fáil. Go hiondúil, tagann sé sin tríd na leibhéil éagsúla sna Boird Oideachais agus Oiliúna. Tá polasaí oideachais Gaeltachta anois ag an Roinn. Níl sé i bhfad ann ach tá sé anois ann. Níl na Boird Oideachais agus Oiliúna luaite ann, cé go bhfuil siad ceangailte leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith.

Ta an polasaí oideachais Gaeltachta teoranta do na bunscoileanna agus na meánscoileanna ag an bpointe seo. Is maith ann é go bhfuil siad ag tabhairt aitheantas don chéad uair ar shuíomh na Roinne Oideachais agus Scileanna go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeltacht ann. Araon le go leor Ranna Stáit eile, ní raibh an oiread sin aitheantas á thabhairt don Ghaeltacht mar aonad a bhfuil riachtanais ar leith agus constaicí ar leith bainteach leis. Mar gheall nach bhfuil sé sin sa réimse sin go fóill, tar éis an réimse meánscoile - an oideachas fadsaoil - tá muid faoi bhacanna áirid ansin. Ní féidir linn, mar shampla, an argóint a dhéanamh go bhfuil cúrsa ag teastáil tré mheán na Gaeilge mar gheall ar nach bhfuil na Boird Oideachais agus Oiliúna fiú ar an eolas don chuid is mó den am cen áit a thosaíonn an Ghaeltacht agus cén áit a chríochnaíonn sé agus cé hiad na cúinsí a bhaineann leis. Mar sin féin, déanfaimid iarracht díriú ar cheantair Ghaeltachta agus mar sin de, ach mar gheall go bhfuil muid ag déanamh é sin tríd an córas poiblí tairisceana ní féidir linn a bheith teoranta don Ghaeltacht amháin sa réimse sin agus tá muid ag soláthar cúrsaí taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith céanna. Tá muid aitheanta mar ionad de chuid Quality and Qualifications Ireland, QQI, mar ionad ECDL agus mar ionad City & Guilds. Tá deiseanna ansin le go leor cúrsaí a sholáthar sa réimse Gaeltachta.

Taobh amuigh de na réimsí atá luaite cheana féin, an méid atá fanta le lua ná na réimsí pobail agus seirbhísí pobail. Tá bialann pobail a reachtáil ag Muintearas i dTír an Fhia, rud atá an-tábhachtach sa gcaoi is go bhfuil deis ag an bpobal bualadh isteach. Níl mórán deiseanna den chineál sin ann i gceantair tuaithe ar nós an ceantar a bhfuilimid ag obair ann. Tá ionad garraíodóireachta againn. Tá muid ag cur seirbhísí iompair ar fáil do sheandaoine i gceantar na n-oileán agus mórthimpeall air agus tá muid ag cur ar fáil seirbhísí oifige, seirbhís ríomhaireachta agus seirbhísí chun CVs agus ábhair eile mar sin a chur le chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.