Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Rachaidh mé tríd cuid de na réimsí oibre eile an-sciobtha. Ceann de na mór-réimse oibre eile atá ag Muintearas ná luath-oideachas an linbh. Cuireann muid seirbhís iomlán cúraim leanaí ar fáil - cúram lae agus seirbhís iarscoile. Tá dhá naíolann againn, ceann i Leitir Mór agus ceann i nGaoth Dobhair. Tá 21 duine fostaithe idir an dá naíolann sin. Tá 19 páiste cláraithe sa naíolann i Leitir Mór faoi láthair agus 31 páiste cláraithe sa tseirbhís cúraim iarscoile ann. Tá 60 páiste cláraithe i naíolann Ghaoth Dobhair agus 34 páiste cláraithe sa tseirbhís cúraim iarscoile ann. Tá na seirbhísí sin ar fad á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuirimid cúrsaí oiliúna ar fáil i gcúram leanaí freisin ag leibhéal QQI a 5 agus a 6. Is cúrsaí aitheanta iad sin. Cuireann muid cúrsaí ar fáil do chomhlachtaí eile ó am go chéile, mar shampla, chuireamar cúrsa cúraim leanaí leibhéal QQI a 6 ar fáil d'fhoireann Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Faoi láthair, tá cúrsa ar siúl againn i Leitir Mór ar a bhfuil 21 rannpháirtí ag freastal. Ní hamháin ó thaobh chaighdeán an chúraim agus caighdeán an oideachais a chuireann naíolann ar fáil go bhfuil na cúrsaí sin tábhachtach, ach tá siad tábhachtacht ó thaobh chúrsaí teanga freisin, ionas go bhfuil na téarmaí agus na habairtí cuí ag na daoine atá ag obair sna naíolanna agus ionas go bhfuil siad ábalta seirbhís iomlán a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá fíor-thábhacht ag baint le sin.

In iompar óige, tá maoiniú againn ón gcrannchur náisiúnta ó 1998 agus ó Údarás na Gaeltachta le clár imeachtaí do dhaoine óga ó sé bhliana suas go dtí 18 mbliana nó níos sine uaireanta. "Special projects for youth" an t-ainm atá ar an bhfoinse maoinithe a bhaineann leis an gcrannchur náisiúnta. Cuireann muid clár leathan imeachtaí ar fáil do dhaoine óga ansin. Is éard atá i gceist ná deiseanna forbartha pearsanta, cúrsaí cinnireachta, cúrsaí garchabhrach agus spóirt, agus foghlaim neamh-fhoirmeálta tar éis imeachtaí spóirt, ar nós comórtasaí agus rudaí éagsúla. Táimid i mbun an phróisis chaighdeán náisiúnta, quality standards framework, don obair óige i gcomhair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na ETBs, education and training boards, i láthair na huaire.

Ó Mheitheamh anuraidh, tá an comhlacht Óige na Gaeltachta comh-nasctha le Muintearas. Tá an fhoireann ar fad a bhí ag Óige na Gaeltachta fostaithe ag Muintearas ón dáta sin ar aghaidh. Tá bainisteoir i gceist agus trí oifigeach forbartha don trí réigiún éagsúil: Dún na nGall, Gaillimh agus Cúige Laighin, agus Cúige Mumhan. Tá thart ar 40 club óige cláraithe linn i láthair na huaire agus 1,169 ball idir na clubanna sin ar fad. Is iad sin na daoine óga iad féin. Freastalaíonn muid ar dhá aoisghrúpa: seacht go dtí 12 bhliain agus 12 go 18 mbliana. Tugann muid seirbhís riaracháin, árachais agus tacaíochta do na clubanna. Cuireann muid traenáil ar fáil do na hoibrithe deonacha sna clubanna. Bíonn imeachtaí réigiúnda agus náisiúnta i gceist idir na Gaeltachtaí ar fad. Bíonn na clubanna ag freastal ar imeachtaí idir na ceantair Gaeltachta ar fad.

Bíonn deis acu bualadh le chéile agus le déagóirí atá sna ceantair Ghaeltachta eile. Tá clár leathan imeachtaí óige á chur ar fáil againn chomh maith le deiseanna forbartha agus mar sin de. Bíonn go leor imeachtaí agus deiseanna do dhaoine óga as na nGaeltachtaí éagsúla a bheith ag caint agus ag spraoi le chéile agus ag malartú smaointe agus rudaí mar sin. Cuireann muid cúrsaí oiliúna ar fáil do dhaoine óga ar mhaith leo a bheith ag obair mar cheannairí i gclubanna óige nó i gcampaí samhraidh agus mar sin de. Tugann muid tacaíocht do ghrúpaí pobail agus do choistí deonacha imeachtaí a chur ar fáil do ghrúpaí óga nó do dhaoine óga sna ceantair éagsúla - tograí atá spéisiúil do dhaoine óga - agus tá cúnamh faighte againn ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le trealamh a cheannach do chlubanna óige ó am go chéile le cur ar a gcumas imeachtaí ealaín agus spóirt agus mar sin de a dhéanamh.

I láthair na huaire, tá muid ag réiteach straitéis óige do na ceantair Ghaeltachta. Mar chuid den cónasc, d'iarr Údarás na Gaeltachta orainn taighde a dhéanamh le daoine óga agus straitéis a réiteach chun a fháil amach céard atá uathu agus céard iad na háiseanna, na himeachtaí agus na deiseanna ar mhaith leo a bheith acu agus cén chaoi a bhraitheann siad ó thaobh thodhchaí na teanga. Tá go leor ceisteanna a bhaineann leis an teanga sa taighde atá déanta againn. Tá coiste curtha le chéile againn atá ionadaíoch ar na mór-réigiúin Ghaeltachta agus tá ceistneoirí déanta le grúpaí daoine óga tríd na scoileanna agus na clubanna. Bhí deis ag daoine óga an ceistneoir a fhreagairt ar chóras ar-líne freisin.

I láthair na huaire, tá muid ag déanamh anailís ar na torthaí ar fad atá faighte againn agus tabharfaidh sé léargas ar céard a cheapann daoine óga sna ceantair Ghaeltachta iad féin agus céard a theastaíonn uathu. Is minic a bhíonn eagraíochtaí nó coistí ag rá gur gceapann siad gur b'in an rud a theastaíonn ón duine óg ach ní chuirtear ceist ar an duine óg é nó í féin an t-am ar fad. Tá ceardlann le déanamh le coistí agus eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine óga, clubanna spóirt agus cumainn agus mar sin de. Nuair a bheidh sé sin ar fad déanta, beidh straitéis á fhoilsiú againn a bheidh úsáideach go maith d'eagraíochtaí ar nós ár n-eagraíocht féin, rannóga Stáit agus mar sin de agus iad ag caint ar áiseanna agus maoiniú a chur ar fáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta.

Gabhfaimid tríd na campaí samhraidh an-sciobtha. Táimid ag riaradh scéim na gcampaí samhraidh sna ceantair Gaeltachta ar fad thar ceann na Roinne ó mhí Bhealtaine 2015. Anuraidh bhí 201 campa reachtáilte sna ceantair Ghaeltachta ar fad agus i mbliana bhí 183 campa samhraidh ann. Déanann muid monatóireacht ar na campaí ar fad le cinntiú go bhfuil caighdeán ceart ó thaobh sláinte agus sábhailteachta, ó thaobh na himeachtaí a chuireann siad ar fáil agus ó thaobh chúrsaí teanga ann. Tá muid, go bunúsach, ag riaradh scéim na gcampaí samhraidh do na ceantair Ghaeltachta ar fad don dara bliain i mbliana. Beidh muid á dhéanamh arís an bhliain seo chugainn de réir mar a thuigeann muid agus ansin beidh le feiceáil.

Tá cúpla cairt ar fáil a thugann léargas ar an líon campaí a bhí ann i mbliana, an tinreamh, líon na n-eagraíochtaí a reachtáil campaí agus na deontais a n-íocadh. Go bunúsach, bhí 74 campa samhraidh idir na Gaeltachtaí ar fad i nDún na nGall, 75 i nGaillimh, sé champa i gCorcaigh agus 11 i gCiarraí. Bhí deich gcinn de gcampaí i nGaeltacht Mhaigh Eo, sé cinn i bPort Láirge agus ceann amháin i gContae na Mí. Tá seirbhís á cur ar fáil do dhaoine óga, do pháistí agus do thuismitheoirí i rith an tsamhraidh agus is féidir leo freastal ar na campaí sin. Tá ceantair ann nach bhfuil an oiread sin campaí ar siúl iontu, ar nós Contae na Mí. Ba mhaith linn é sin a láidriú amach anseo agus níos mó tacaíocht a thabhairt do dhreamanna ansin le campaí samhraidh a chur ar fáil.

Tá scéim eile maidir le seirbhísí spóirt maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Feidhmíonn an scéim seo i gConamara amháin. Is clár aclaíochta agus oideachais é atá á reachtáil sna bunscoileanna i gConamara. Tá dhá theagascóir spóirt cáilithe fostaithe againn a théann isteach sna bunscoileanna agus a chuireann seirbhís aclaíochta agus spóirt ar fáil do na gasúir tré mheán na Gaeilge. Cuireann siad béim ar chúrsaí sláinte agus aclaíochta agus tugann siad deis do na páistí. Ní hiad na gnáth-spóirt nó na gnáth-imeachtaí a bheadh deis ag gasúr a dhéanamh sa pobal ar nós GAA atá i gceist ach go leor rudaí agus cluichí éagsúla agus go leor cineál spórt chun blas a thabhairt do na gasúir orthu siúd.

Bíonn an scéim ar siúl ar feadh 36 seachtaine, ceithre lá sa tseachtain. Sa scoilbhliain seo caite, d'fhreastail 1,153 gasúr ar an scéim idir 22 scoil i gConamara. B'fhéidir gur mhaith leis an an Uasal Vogel píosa a dhéanamh faoin forbairt ábhair agus an rannóg eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.