Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Tá bealaí chun feabhas a chur ar an scéim seo, cosúil le cuid de na rudaí atáimid fhéin agus an Roinn ag plé le roinnt blianta anuas. Le míniú don choiste, nuair a thosaigh scéim na gcúntóirí teanga go neamh-fhoirmiúil níos mó na 20 bliain ó shin, is i gcúpla scoil i gContae Chiarraí a thosaigh sé. Bhí fadhb ag na scoileanna le gasúir a bhí ag teacht isteach gan aon Ghaeilge acu. Bhí deacrachtaí ag na páistí, mar sin, feidhmiú sa gcóras oideachais Gaeltachta. D'fhás an scéim ó shin ar bhealach neamh-fhoirmeálta ar feadh tamall mhaith, cé gur cuireadh clár oiliúna ar fáil do na cúntóirí teanga agus mar sin de.

Tá roinnt ceisteanna le plé i gcónaí i dtaobh na gcúntóirí agus rudaí mar sin. Tar éis 20 bliain, tá go leor scoileanna breise anois sa scéim, atá i bhformhór na scoileanna Gaeltachta. Ach, tá roinnt rudaí a bhféadfadh muid a dhéanamh chun feabhas a chur ar an scéim, ar nós spriocanna a leagadh amach den líofacht nó leibhéal Gaeilge a bheadh duine ag súil leis ó pháistí in aoisghrúpaí difriúla atá ag obair le cúntóir teanga sa chóras oideachais. Chomh maith le sin, bheadh sé mar bhuntáiste siollabas a leagadh amach don scéim agus an cur chuige a leasú sa gcaoi go mbeadh coibhneas níos fearr idir scoileanna beaga agus scoileanna a bhfuil níos mó páistí iontu, ar nós an méid uair an chloig a bheadh ag na scoileanna agus mar sin de.

Bheadh sé go maith cúrsaí oiliúna a chur ar fáil do na cúntóirí teanga. Tá go leor gearrchúrsaí oiliúna a bhféadfaí a chur ar fáil. Bheadh grúpaí oibre sna réigiúin éagsúla mar bhuntáiste, ionas go mbeadh ionadaíocht ó scoileanna, príomhoidí, múinteoirí ranga, Muintearas agus na cúntóirí iad fhéin chun treoir agus tacaíocht a thabhairt don scéim. Tá go leor deiseanna le hábhair foghlamtha agus tacaíochta a fhorbairt do na cúntóirí, chomh maith le heolas a thabhairt do thuismitheoirí. An rud atáimid ag cloisteáil go minic le roinnt míonna anuas ná nach mbíonn a fhios ag na tuismitheoirí an bhfuil a bpáiste ag freastal ar an gcúntóir teanga sa scoil nó nach bhfuil. Bheadh sé go maith nasc níos láidre a dhéanamh leis na tuismitheoirí. Is é sin scéim na gcúntóirí teanga agus tá mé cinnte go mbeimid ag teacht ar ais go dtí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.