Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 November 2016
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta
5:00 pm
Ms Máirín Nic Fhionghuin:
Leanfaidh mise ar aghaidh. Tá roinnt pointí maidir leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta a bheadh ábharach do scéim na gcúntóirí teanga ar bhealach amháin nó bealach eile, cosúil le níos mó ceangail nó leanúnachas a bheith ann idir an naíonra agus an bunscoil. Tá a fhios agam go dtarlaíonn sé sin i roinnt áiteanna, ach ní tharlaíonn sé go forleathan. Dá mbeadh a fhios ag foireann na scoile agus ag an gcúntóir teanga cén páistí atá ag teacht isteach atá tar éis freastal ar naíonra agus cén cumas Gaeilge atá acu, bheadh muid in ann a aithint níos fearr cé hiad ná páistí is mó atá cúnamh ag teastáil uathu ó thaobh chúrsaí teanga de.
Pointe eile ná cúrsaí oiliúna teanga-bhunaithe a chur ar fáil do mhúinteoirí, cosúil le saibhreas teanga, cruinneas agus mar sin de. Tá go leor múinteoir a bhfuil togha na Gaeilge acu, ach cabhair a bheadh ann roinnt cúrsaí mar sin a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeltachta freisin. Ba chóir tacú le scoileanna a bheidh ag iarraidh athrú le bheith ina scoileanna lán-Gaeltachta faoin bpolasaí nua. D'fhéadfaí tacaíocht praiticiúil a chur ar fáil do na scoileanna sin le go mbeidh sé ar chumas na scoileanna na hábhair ar fad a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Bheadh ról láidir ag an gcúntóir teanga ansin.
No comments