Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Gabhaim ár mbuíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as ucht an cuireadh cur i láthair a dhéanamh agus beagánín cainte a dhéanamh ar obair Muintearas. Gabhfaimid tríd an cur i láthair atá réitithe againn. Ansan, pléifidh an tUasal Ó Coisdealbha agus an tUasal Vogel pointí agus ceisteanna áirid.

Is eagraíocht oideachais agus oiliúna pobail é Muintearas, a bunaíodh in 1980. Tá an phríomhoifig againn i dTír an Fhia, Leitir Móir i gceantar na n-oileán ach tá fo-oifigí againn freisin i nGaoth Dobhair, i mBéal an Mhuirthead agus i gCúil Aodha, nó i mBaile Bhuirne, i gCorcaigh. Tá muid ag feidhmiú sna mór-réigiúin Ghaeltachta ar fad. Tá 114 duine fostaithe ag Muintearas i láthair na huaire agus, as sin, tá 22 post lánaimsearach agus 92 post páirtaimsearach i gceist. Is iad na cúntóirí teanga an chuid is mó den dream páirtaimsearach. Tá teacht isteach de thart ar €2.264 milliún agus caiteachas de €2.275 milliún don bhliain anuraidh. Ar an gcéad sleamhnáin eile, tá leide faoi na mór-foinsí maoinithe a bhíonn againn ach bíonn an teacht isteach, an caiteachas agus na foinsí maoinithe ag athrú ó bhliain go bliain de réir na scéimeanna agus tograí a bhíonn ar siúl againn .

Is é scéim na gcúntóirí teanga an príomhgnó atá le plé againn anseo. Tá Muintearas ag reachtáil scéim na gcúntóirí teanga le cúig bliana anuas. An aidhm atá leis an scéim ná an Ghaeilge a sheachadhadh go dtí an chéad ghlúin eile go cruinn, le saibhreas agus leis na canúintí áitiúla láidir i ngach ceantar Gaeltachta. Mar a luaigh an Cathaoirleach, tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag reachtáil na scéime i gCúige Mumhan. Tá Muintearas á reachtáil i nGaillimh agus i Maigh Eo i gCúige Chonnacht, i gContae na Mí agus i nDún na nGall freisin. Mar sin, tá ceantar mór fairsing le clúdach ansin.

Tá an scéim maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Reigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. I mbliana go dtí seo, tá buiséad de thart ar €548,000 againn leis na cúntóirí teanga a fhostú agus le seirbhís a chur ar fáil do na scoileanna atá i gceist. Tá an scéim á reachtáil ag Muintearas ó bhí 2010 ann i dTír Chonaill agus ó bhí 2011 ann i gConamara, i nGaeltachtaí Mhaigh Eo agus i Rath Cairn agus Baile Ghib i gContae na Mí. Tá 68 cúntóir fostaithe faoi láthair i 75 scoil idir Thír Chonaill agus réigiún an iarthair, is é sin Conamara, Maigh Eo agus Contae na Mí. As sin, tá 28 cúntóir agus 29 scoil i gceantar Chonamara. Tá naoi gcúntóir i Maigh Eo agus 11 scoil. Tá trí chúntóir idir Rath Cairn agus Baile Ghib i gContae na Mí agus tá 30 cúntóir ar fad sna Gaeltachtaí éagsúla i dTír Chonaill, ó Ghleann Cholm Cille ó dheas suas go dtí Na Dúnaibh agus Fánaid ó thuaidh. Tá sé mheánscoil ar fad páirteach sa scéim i láthair na huaire. Tá trí cinn acu i gConamara, ceann amháin i gContae Mhaigh Eo agus dhá mheánscoil i dTír Chonaill.

Bíonn uaireanta páirtaimsearacha na gcúntóirí teanga sna scoileanna ag brath ar cé mhéad páiste a bhfuil cabhair ag teastáil uathu nó ar cé mhéad páiste nach bhfuil mórán Ghaeilge acu nuair a théann siad isteach sa scoil. Le ceithre bliana anuas, chuir an Roinn allúntas airgid breise ar fáil do na scoileanna sna ceantair Ghaeltachta is láidre de réir an staidéar teangeolaíochta a rinneadh in 2007 chun saibhriú teanga a dhéanamh leis na cainteoirí dúchais. Tháinig sé sin ó éileamh thuismitheoirí a bhrath nach raibh aon dul chun cinn á dhéanamh ag na páistí acu. Mar sin, cuireadh uaireanta breise ar fáil do roinnt de na scoileanna le saibhriú teanga a dhéanamh leis na cainteoirí dúchais.

Ceann de na príomhdhualgaisí atá ag na cúntóirí teanga ná cabhrú le páistí feidhmiú gan stró sa gcóras oideachais Gaeltachta. Is é atá i gceist anseo ná páistí nach bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas nó nach bhfuil Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin acu nó gurb as tíortha eile iad nó as cúlra teanga éagsúla ar fad iad. Ceann eile de na príomhdhualgaisí ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc pháistí scoile na Gaeltachta. Is é atá i gceist leis seo ná go mbeadh na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí taobh amuigh den seomra ranga ar fad tré mheán na Gaeilge. Ceann eile ná saibhriú teanga, mar a luaigh mé, a dhéanamh leis na páistí atá á dtógáil le Gaeilge sa mbaile - na cainteoirí dúchais - ionas go mbeadh siad ag déanamh forbartha agus dul chun cinn ar a gcumas teanga i gcónaí.

Oibríonn an cúntóir teanga mar bhall foirne den scoil. Tá sé nó sí cosúil le cúntóir riachtanais speisialta nó aon chúntóir eile. Is cuid d'fhoireann na scoile an cúntóir teanga. Bíonn siad ag obair faoi stiúir an mhúinteora nó an phríomhoide. Leagann an scoil amach plean oibre dóibh. Is faoin scoil é na bealaí a bheidh siad ag obair leis na páistí a shocrú i gcomhar le Muintearas. Déanann siad sealbhú na Gaeilge tríd go leor bealaí éagsúla: scéalaíocht, drámaíocht agus rannta ina measc. Bíonn an béim ar spraoi agus, in ionad iad a bheith ag foghlaim ina n-aonar, tógann cuid de na scoileanna grúpaí páistí amach as an seomra ranga agus bíonn an cúntóir teanga ag obair leo. I scoileanna eile, bíonn an cúntóir teanga istigh i gcúinne an seomra ranga. Braitheann sé ar na háiseanna a bhíonn ar fáil ag na scoileanna agus mar sin de. Mar a dúirt mé, bíonn plean oibre leagtha amach gach téarma a bheidh ag leanacht curaclam na scoile ach ag díriú ar chumas Gaeilge. Sa gcaoi sin, níl an páiste ag caill amach ar an obair sa rang nuair atá sé nó sí leis an gcúntóir teanga mar tá an obair a dhéanann an cúntóir bunaithe ar céard atá ar siúl sa rang.

Tá saibhriú teanga ag díriú ar chainteoirí dúchais agus ag iarraidh rud breise a thabhairt dóibh ionas go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh acu ó thaobh a gcumas Gaeilge agus go bhfuil sé á fhorbairt i gcónaí. Tá uaireanta breise ag roinnt de na scoileanna atá sna ceantair Gaeltachta is láidre. Roinnt dóibh, bíonn an cúntóir á dhéanamh. I scoileanna eile, bíonn siad ag déanamh imeachtaí ar nós drámaíocht, scéalaíocht, béaloideas an cheantair, amhránaíocht agus rudaí mar sin atá ag tabhairt rud breise do na páistí agus atá ag cur leis an tuiscint atá acu ar an nGaeilge agus ar an gcultúr agus mórtas cine.

Tá roinnt tagairtí sa pholasaí um oideachas Gaeltachta a foilsíodh le deireanaí do na téamaí a bhíonn scéim na gcúntóirí teanga ag plé leo ar nós cúlraí teanga éagsúla agus mar sin de. De réir mar a thuigimid, tá athbhreithniú le déanamh ar an scéim i bhfianaise an polasaí nua agus déanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta é sin idir seo agus bliain nó bliain go leith eile. Fáiltíonn Muintearas go mór roimh an bpolasaí. Bhí muid páirteach sa phróiseas comhairliúcháin. Fáiltimid go mór roimh an aitheantas atá faighte ag an nGaeltacht mar cheantar nó mar aonad ar leith i dtaobh chúrsaí oideachais. Feiceann muid go dtugann sé an-deis scéim na gcúntóirí teanga a fheabhsú, a dhéanamh níos proifisiúnta agus a thabhairt go leibhéal nó caighdeán níos airde.

Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil na cúlraí teanga éagsúla atá i scoileanna Gaeltachta á aithint ag an polasaí. Bheifí ag súil go dtabharfadh an tumoideachas ar feadh an chéad dhá bhliain don scolaíocht deis do pháistí an teanga a shealbhú níos fearr agus, b'fhéidir, níos luaithe agus níos sciobtha. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil tacaíocht don chainteoir dúchais aithinte sa pholasaí freisin. Is gné an-tábhachtach é d'oideachas Gaeltachta nach mbíonn cainteoir dúchais ag dul ar chúl nó gan deis cur lena scileanna teanga. Aithníonn an polasaí é sin go láidir.

Níl a fhios agam an bhfuil an tUasal Ó Coisdealbha nó an tUasal Vogel ag iarraidh aon ní a chur leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.