Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Dr. Brian Ó Curnáin:

Níl aon cheann de na rudaí atá luaite ag an Seanadóir trioblóideach don Ghaeilge. Ní mar gheall ar Raidió na Gaeltachta a bheith ann atá aon fhadhbanna ann. Mar sin, ní shin é atá i gceist agam leis na 1970í, ach an Gaelachas a bheith i gceannas sa bpobal. Tá samplaí d'athbheochan an-ghann. Sin an fáth go bhfuil mionteangacha an domhain ag fáil báis. Tá sé fíor-dhúslánach agus fíor-trioblóideach. Ní bheadh 5,000 nó 6,000 teangacha, formhór teangacha an domhain, fiú 90% acu, ag fáil báis marach go bhfuil sé an-deacair acu maireachtáil sa saol nua-aoiseach. Mar sin, tá muide an-eisceachtúil go bhfuil an Stát ag tabhairt aire don teanga seo agus í ag fáil báis. Na teangacha eile, tá siad i gcás i bhfad níos measa ná seo.

Tá samplaí ann d'athbheochan teangacha agus tá samplaí ann de mhionteangacha ag maireachtáil. Sa gcomhthéacs aonteangach, is féidir leo maireachtáil go haonteangach agus is féidir leo a bheith i saol na hóige go háirid. Mar sin, caithfear srian a choinneáil ar an dá-theangachas nuair atá daoine óg. Níl aon sampla againn gur féidir le pobal dhá theanga a láimhsiú chomhthreomhar le chéile agus go cothrom. Tá Béarla le bheith i gceannas, mar atá in Éirinn, nó tá Gaeilge le bheith i gceannas, mar a bhí sa Ghaeltacht.

Maidir leis an Státchóras a bheith naimhdeach, caithfidh muid a thuiscint nach féidir le Béarlóirí an phian a aireachtáil a airíonn Gaeilgeoirí. Mara bhfuil siad naimhdeach, ní airíonn siad an cheist agus ní airíonn formhór phobal an domhain an cheist mar is cainteoirí mór-theangacha an formhór. Ní airíonn siad go bhfuil 5,000 teanga ag fáil báis mar labharaíonn siadsan 40 teanga. An chuid eile de na teangacha, is cinn mhóra iad. Labhraíonn siad na teangacha móra, mar shampla, an tSínis nó an Spáinnis, agus is cuma leo faoi na mionteangacha. Agus nuair is cuma le duine faoi rud, ní dhéanfaidh sé tada faoi agus ligfidh sé de é a himeacht. Sin fadhb mhór.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.