Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Déanann an Teachta Moynihan agus an Seanadóir Ó Domhnaill pointí spéisiúla ansin, go háirid ó thaobh na hoibrithe deonacha atá sna pobail éagsúla. Tacaím go láidir leis an méid atá an bheirt acu ag rá, ach táimid ag labhairt anseo leis an Stát. Is saoránaigh de chuid Stát na hÉireann na Gaeil sa Ghaeltacht agus tá dualgas ar an Stát freastal orthu. Níl mé ag rá go bhfuil an bheirt acu féin ach á rá seo, ach tá sé fíor-dheachair do ghrúpaí deonacha i bpobal freagracht don phobal ar fad a iompar mara bhfuil siad ag feidhmiú taobh istigh den struchtúr. Aontaím leis an bpointe atá acu go gcaithfimid teacht ag an bpointe go bhfuil a fhios ag an duine aonair agus na grúpaí go bhfuileadar ag feidhmiú taobh istigh de struchtúr atá ag díriú go sonrach ar spriocanna pobail agus go bhfuil a fhios acu go bhfuil tacaíocht acu ón Stát agus ó fhorais eile a bhfuil cumhacht acu ar na cúinsí sóisialta atá acu.

An chaoi a bhfuil sé faoi láthair, is iomaí struchtúir atá againn in Éirinn do Bhéarlóirí atá cumasaithe nó a bhfuil lán cumhacht acu sna réimsí éagsúla sóisialta. Théis ceithre ghlúin, táimid ag teacht anois ar gar go maith go céad bliain don pleanáil teanga in Éirinn agus fós táimid ag an bpointe nach n-airíonn an duine Gaelach i bpobal Gaelach go bhfuil cumasú á dhéanamh air. Airíonn na daoine sin lag go sóisialta sa gcomhthéacs a bhfuil siad ann. Tá sé sin nádúrtha nuair atá sé doiléir, nó nach bhfuil siad cinnte, cén tacaíocht atá acu ó láthair na cumhachta sa Stát a bhfuil cónaí orthu ann.

Aontaím leis an méid atá á rá ag an Teachta Moynihan agus an Seanadóir Ó Domhnaill ach tá céim eile le glacadh roimhe sin. Cén córas sonrach a bheas againn atá soiléir don phobal agus soiléir don Stát atá ag soláthar na seirbhísí tacaíochta don phobal? Sin an folús nó an bhearna atá ann faoi láthair. Leis an gcineál díospóireachta atá inniu ann, déarfainn gur b'shin an raison d'êtrea d'fhéadfadh a bheith ag an gcoiste seo. D'fhéadfadh leis an mbearna straitéiseach sin a líonadh le teacht i gcabhair ar na nGaeil sa Ghaeltacht san éigeandáil ina bhfuil siad ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.