Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Tá sé fiúntach a bheith ag breathnú ar chomhthéacsanna eile ar nós na mBascach agus dreamanna eile. Caithfimid na dúshláin agus na tríoblóidí atá againn féin a thuiscint agus admháil go bhfuil siad mar sin. An cheist atá againn féin anseo ná cén córas atá anois ann le dul i ngleic le na trioblóidí atá againn. Ar bhealach, tá na forais stairiúla Ghaeltachta as dáta. Freagraíonn siad do phobal a bhí ann sna 1960dí, 1970dí agus go pointe sna 1980dí. Níl an dlús pobail ag na Gaeil anois sa nGaeltacht agus níl siad sách láidir le glacadh le cúnamh ar an modh oibre stairiúil sin a bhí againn sa nGaeltacht.

Nílim ag rá go mba cheart Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur ar ceal. Táim ag rá go bhfuil sé sin maith go leor don Ghalltacht. Tá sé maith go leor mar pholasaí d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Cén córas atá againn le tacaíocht a thabhairt do na Gaeil sa nGaeltacht? Níl sé sin soiléir agus níl sé sa gcóras. Níl an Státchóras ag déanamh díospóireacht fholláin ar an gceist sin. Níl ag éirí leis na meáin pléigh poiblí a chothú atá bainteach le hábhair de chineál na ndúshlán atá i measc an phobail anois. Dá n-admhódh muid go bhfuil Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maith go leor don Ghalltacht, d'fhágfadh sé sin an cheist fós ag an Stát maidir le céard a dhéanfar sa Ghaeltacht. Níl an modh oibre stairiúil ag obair níos mó. Tá sé as dáta agus mar sin is féidir teacht ar straitéis réasúnta sciobtha ach beagán cúnaimh straitéiseach a bheith ag an Stát. Is trioblóid eile é sin atá ag an Stát. I réimse eile saoil, faigheann muid cúnamh straitéiseach, cosúil le réimse an leighis agus réimse na bpolasaithe sóisialta. Cén áit a bhfuil an tacaíocht sprioctha ag saineolaithe teanga le cúnamh a thabhairt don Stát cuidiú leis an nGaeltacht faoi láthair? Tá an iomarca amaitéarachais againn agus muid ag déileáil le na ceisteanna seo nuair atá cúnamh proifisiúnta ar fáil don Stát leis an gcóras tacaíochta seo a chur ar bun. Is é sin an rud atáimid féin ag moladh anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.