Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Tá mé go mór faoi chomaoin ag an gcoiste as cuireadh a thabhairt dom labhairt inniu ag cruinniú den chomhchoiste buan seo. Molaim go háirid iarrachtaí an choiste aird oifigiúil a tharraingt ar cheisteanna na Gaeltachta agus na Gaeilge in athuair go misniúil oscailte. I ngeall ar an mbarrachais ina bhfuil an pléigh poiblí ar an gcomhthéacs seo faoi láthair, is léir go bhfuil riachtanas ar leith le cur chuige tathagach. Ba mhaith liom a rá i ndiaidh sin féin gur beag stát ar domhan ar éirí leis dul chun cinn chomh mór a dhéanamh is a rinne Stát na hÉireann chun líon réasúnta mór foghlaimeoirí mionteanga a chothú agus chun buaine éigin a chur faoi phobail stairiúla Ghaeltachta, trí mhian, beartais agus tacaíochtaí éagsúla.

I bhfianaise chás truamhéalach na mionteangacha ar fud na cruinne agus i bhformhór faoi bhagairt bháis, ní mór a admháil go ndearnadh éachtaí in Éirinn san athréimniú mionteanga agus sa phleanáil teanga. Ba chóir moladh agus buíochas a thabhairt dóibh siúd a chuidigh le cothú agus misniú na bhfoghlaimeoirí cumasacha mionteanga seo. Is iomaí duine a bhí páirteach san obair dhearfach seo, idir mhúinteoirí, lucht institiúide agus polasaí, gan trácht ar na daoine mórchroíocha sna pobail éagsúla Gaeltachta a rinne cúram do riachtanais na gcéadta mílte foghlaimeoirí i gcaitheadh na mblianta ó bunaíodh an Stát.

Ná cuireadh na torthaí fiúnteacha seo, áfach, dallamullóg orainn i dtaobh na laigeachtaí follasacha atá ina bhfuil fágtha de shaol na nGael in Éirinn faoi láthair. Go deimhin féin, tagann cuid shuntasach de na trioblóidí reatha atá ag Gaeil as meascán mí-fheiliúnach polasaí a chuirtear i bhfeidhm. Is minic a mheasctar riachtanais straitéiseach Ghaeil na Gaeltachta agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Is é cur i bhfeidhm curaclam na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta an sampla is suntasaí de dhochar an mheascáin seo. In ainneoin na n-iarrachtaí ar fad, áfach, is léir go bhfuil an gné seo den tionscadal náisiúnta, is é sin pobail na nGaeltachtaí, ar tí ciseadh. Ba chuid shuntasach den aidhm náisiúnta athnuachan agus buanú na Gaeilge sa bpobal Gaeltachta agus ina teanga bhisiúil laismuigh de. Ach, is é fírinne an scéal anois go bhfuil an chuid seo den fhís náisiúnta ar tí titim as a chéile de bharr easpa feidhme sa bpolasaí agus mí-sheasmhacht na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ní mór dhúinn mar náisiún aghaidh a thabhairt ar an bhfíric lom seo go bhfuil pobal Gaeilge na Gaeltachta i mbaol a mbáite i gceannas sóisialta an Bhéarla mar atá sa gcuid eile d'Éirinn. Níl an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana agus níl ach éifeacht fhánach ag cur chuige an Stáit anois. In ainneoin an eolas a tugadh don Stát i dtuarascálacha barántúla taighde le tréimhse anuas, is éard is mó a bhaineann le freagra an Státchórais ar an éigeandáil seo ach an tseachantacht oifigiúil. Sa tréimhse polasaí chomhaimseartha, ba é tuarascáil Sheosamh Mhic Dhonnacha agus a chuid chomhghleacaithe ar staid reatha na scoileanna Gaeltachta a léirigh i 2004 géarchéim an dul i léig sa Ghaeltacht. Is é an An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht an taighde is deireanaí a tharraingíonn aird ar chreimeadh tréan na Gaeilge sa bpobal dúchais. Go deimhin, rinne dhá fhoras Stáit iarracht shonrach próiseas an taighde a chur as a rocht i ndiaidh dóibh dréacht luath den tuarascáil seo a fheiceáil. Léirigh iompar mí-fheiliúnach an Státchórais ina leith seo gur leisce leo macnamh úr a dhéanamh chun easnamh an status quoa shárú.

Tá bunúdar mharbhsháinne chás na Gaeltachta le n-aithint sa tseachantacht agus drogall oifigiúil seo. Ní féidir éalú as laincisí docracha an status quomurar féidir i dtosach báire cur chuige nua a dhearadh agus a chumadh. Mar gheall ar easpa tola agus cumais Stát na hÉireann gníomhú in aghaidh éigeandáil na Gaeltachta, tá misneach na nGael sna ceantair seo á leagan. Seachas cur chuige nua a chruthú agus a chur i bhfeidhm a thabharfadh cúnamh don phobal ina gcúinsí reatha, is é an chaoi ar cuireadh ar seachrán iad le bréag-phlámás na hoifigiúlachta i dtaobh straitéise nua. Is ionann forálacha Ghaeltacht na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus leanacht leis an status quo. Is é sin an cur chuige céanna a dtáinig an ghéarchéim chun cinn ann. I ngeall ar an gciorrú tromchúiseach ar bhuiséad na Gaeilge sna Gaeltachtaí ó 2008 i leith, is feidir a mhaíomh áfach gurb é an status quoatá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach le leath an airgid.

Tá dhá phríomh-locht ar fhorálacha Ghaeltacht na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Níl na forálacha bunaithe ar thuiscint eolaíochtúil ar na cúinsí agus ní léir go bhfuil aon tacaíocht shuntasach ag na forálacha sa bpobal, ach amháin ina measc siúd atá ar phá-rolla an Státchórais. Is beag toradh a bhí ag an stratéis go dtí seo agus is léir nach mbeidh ach lag-éifeacht aige ar chursaí san am atá le teacht. Tá fís shóisialta an mhodh oibre reatha ró-dhoiléir agus ró-fhaiteach le go dtabharfadh na pobail Gaeltachta tacaíocht di. Is ionann neamhaird a dhéanamh ar éigeandáil agus ar dhul i léig phobail eitneach na nGael sa Ghaeltacht agus glacadh le cúinsí reatha i dtreo an bháis. Is mó fuinneamh institiúideach a chaith Stát na hÉireann le himpleachtaí bhás na Gaeilge sa Ghaeltacht a sheachaint seachas aghaidh a thabhairt ar an dúshlán.

Glactar leis go bhfuil na ceisteanna seo casta agus íogair, ach tá an baol ann go mbeidh cuma na soiniciúlachta ar iarrachtaí an Stáit mura féidir leis éirí as an tseachantacht seo. Cén meas ná onóir atá in ann do Stát neamhspleách a dhiúltaíonn glacadh lena chuid freagrachta i gcás pobal atá in éigeandáil agus a mhaíonn san am céanna go bhfuil polasaithe náisiúnta aige i leith na mionteanga náisiúnta?

Ba mhaith liom sliocht as an leabhar nua a d'fhoilsigh muid i mbliana a léamh amach do na comhaltaí agus a chur ar thaifead an choiste seo in Oireachtas Éireann sa gcaoi is go gcuirfí in iúl go soiléir nach bhfuil modhanna oibre an Státchórais sa Ghaeltacht in ann ag an éigeandáil atá ar aon inti.

Maím anseo go bhfuil an Ghaeltacht ag imeacht as go tréan agus gur beag fiúntas atá le hiarrachtaí an chur chuige atá ann faoi láthair. Scríobh muid i mBeartas Úr na nGael:

Seachas tacaíocht a dhíriú ar an bpobal a chuirfeadh ar a gcumas na gnéithe sin den chultúr comónta Gaelach atá fós beo a chaomhnú agus a threisiú, cuirfidh an straitéis seo tacaíocht theoranta ar fáil dóibh siúd ar rogha leo aeistéit phearsanta Ghaeilge a chothú ina hornáid bhreise ar an gcultúr feidhmiúil sa Bhéarla.

Seoltar freagracht na Gaeilge trí ordlathas struchtúra Stáit agus baineann an tarmligean, nó an delegation seo, ceannscríbe amach i mbronnadh an chúraim seo ar ghrúpaí deonacha sa phobal. Tugann an Rialtas an fhreagracht don Roinn, a chuireann an fhreagracht ar aghaidh chuig aonad polasaí agus straitéise na Roinne, a chuireann an fhreagracht ar aghaidh chuig Údarás na Gaeltachta, a chuireann an fhreagracht ar aghaidh chuig comharchumainn áitiúla, agus tá seans maith ann go gcuirfidh na comharchumainn an fhreagracht ar aghaidh chuig coistí pobail dheonacha. Is cosúil go bhfuil ceist na héigeandála Gaeltachta á chaitheamh ó lámh Stáit amháin go lámh eile, nó go bhfágtar an cúram faoin duine deonach i bpobal Gaeltachta, nuair is léir go dteastaíonn córas sonrach agus struchtúir thacaíochta chuí.

Iarraimid ar an Státchóras cíoradh a dhéanamh in athuair ar mholtaí na dtuarascálacha taighde, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachtaagus An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Thabharfadh cur i bhfeidhm na moltaí sin le fios don phobal go bhfuil an Stát sásta tacaíocht ábhartha a thabhairt dóibh. Go bunúsach, is straitéis don Ghalltacht atá i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Iarraimid ar Stát na hÉireann straitéis 20 bliain don Ghaeltacht a chruthú agus a chur i bhfeidhm go práinneach. Is féidir an straitéis nua Ghaeltachta a bhunú ar na moltaí fiúntacha atá sna tuarascálacha éagsúla. Ba chóir don straitéis nua béim ar chur ar na riachtanais is práinní. Is iad sin scéim nua labhairt na Gaeilge, bunscoileanna Gaeilge, meánscoileanna Gaeilge, ionaid tacaíochta do na teaghlaigh Ghaeilge agus tacaíocht Gaeilge d'óige na Gaeltachta agus a chuid eagraíochtaí.

Maímid sa leabhar Beartas Úr na nGaelgo bhfuil géarghá le hathnuachan pobal sa Ghaeltacht chun an pobal a chumasú mar is cuí. Dar ndóigh, chuir an ghéarchéim reatha airgeadais go mór leis an mbrú atá ar an nGaeltacht, go háirid i bhfianaise an líon mór daoine óga a d'fhág na ceantair seo ó 2008 i leith. Ag an am céanna, ní mór do na forais Ghaeltachta agus Ghaeilge athnuachan a thionscnaimh ina réimse feidhme féin. Ba mhór an seans go gcothófaí misneach i measc an phobail dá bhfógródh an Stát go bhfuil sé le hiarracht mhisniúil a dhéanamh polasaí agus tacaíocht ábhartha a chur i bhfearas sa Ghaeltacht trí straitéis 20 bliain don Ghaeltacht. Rinneadh an oiread sin mheascán mhí-chuí ar pholasaithe Gaeltachta agus Galltachta i gcaitheadh na mblianta go bhfuil sé tábhachtach ag an bpointe seo go mbeadh dhá straitéis atá neamhspleách ar a chéile ach atá ag obair go comhthreomhar lena chéile.

Mar ómos ar iarrachtaí na nglúinte a tháinig romhainn agus mar dhualgas do na glúinte atá le teacht, tá dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh agus iarrachtaí macánta a chur i dtreis le buanú agus le hathbheochan a dhéanamh ar phobail fhírinneacha Ghaeltachta. Ba mhór an feall dá ligeadh muid an deis seo tharainn de bharr seachantacht agus laigí córais. Tá an mhacántacht seo dlite do Ghaeil na hÉireann. Seachas an pobal Gaeltachta a chur ar éadreoir in am seo na héigeandála, ba cheart treoir agus tacaíocht mhacánta a thabhairt dó i straitéis 20 bliain don Ghaeltacht. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an éisteacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.