Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Dr. Brian Ó Curnáin:

Táim buíoch don chomhchoiste cuireadh a thabhairt dom labhairt leo inniu. Is iomaí tuarascáil taighde a cuireadh ar fáil le blianta anuas a thugann le fios nach bhfuil an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana. Le roinnt blianta anuas, tá léiriú doshéanta dosheachanta á fhoilsiú, mar atá sna foilseacháin seo a leanas ó 2005 ar aghaidh: Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach, agus An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011. Sna foilseacháin éagsúla seo, tá dhá phointe shonracha ag teacht chun solais. Tá creimeadh tréan ar dhlús na gcainteoirí Gaeilge sna pobail ina bhfuil bonn sóisialta Gaeilge go fóill, agus tá laghdú suntasach ar chumas agus ar fheidhm na Gaeilge i measc chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta, go háirithe i measc an aosa óig.

I bhfianaise an taighde ar fad, tá deireadh ré na Gaeltachta traidisiúnta agus na Gaeilge traidisiúnta sroichte. Is dhá bhás é sin ag an am céanna: cailleadh pobail Ghaeilge agus cailleadh cumais Ghaeilge. Tá bás ón taobh amuigh agus bás ón taobh istigh i gceist go minic i mbás teanga. Bás ón taobh amuigh is ea cúngú an cheantair agus laghdú ar an líon agus ar an dlús daoine a labhrann an teanga. Bás ón taobh istigh is ea laghdú ar an gcumas teanga agus cumas níos fearr a bheith i dteanga nua, an Béarla i gcás na hÉireann. Dá bhrí sin, mar choincheap pobail logánta, tá formhór na Gaeltachta oifigiúla mífheidhmeach anois, agus mar choincheap cumarsáide, tá an cumas Gaeilge atá ag an dream óg ró-lag le freastal ar na gnáthriachtanais chumarsáide.

Is é seo atá i gceist agam i dteideal an aithisc seo le "hIar-Ghaeltacht", sé sin an méid den Ghaeltacht atá fágtha. Is Gaeltacht sheandaoine den chuid is mó é, ach is Iar-Ghaeltacht é i saol fhormhór na ndaoine óga. An brí le "hIar-Ghaeilge" ná nach bhfuil cumarsáid iomlán ar bun i nGaeilge iomlán, den chuid is mó, ach ag seandaoine anois. Is ionann an fhianaise seo ar fad agus réamhfhógra ar bhás na Gaeltachta mar phobal Gaeilge. Léirítear i staid reatha na Gaeltachta pobal a bhfuil riachtanas acu ar athnuachan.

Ní rogha é an status quo feasta d’inmharthanacht na mionteanga Gaeilge. Dá bhrí sin, táimid ag moladh beartas úr do phobal na nGael. Seachas séanadh a dhéanamh agus neamhaird a thabhairt ar ghéire na héigeandála, iarraimid ar lucht cumhachta agus ar oifigigh chuí Stát na hÉireann, mar aon le ceannairí na bhforas éagsúil Gaeilge agus Gaeltachta, páirt mhacánta oscailte a ghlacadh i ndíospóireacht riachtanach maidir leis an ngéarchéim Ghaeltachta agus maidir leis an mbeartas úr atáimid ag cur chun cinn san aitheasc seo.

Tá gá le smaointeoireacht úr ar fhéiniúlacht na nGael agus le pleanáil fhorásach dá bhfuil de Ghaeil ann. Is athdhearbhú ar an status quoatá i go leor den chur chuige reatha. D’fhonn dóchas agus misneach a chothú ina measc siúd ar mór acu an fhéiniúlacht Ghaelach agus a thaobhaíonn leis an bpobal atá ag iarraidh brí shóisialta a thabhairt don fhéiniúlacht seo, cuirimid moltaí úra ar fáil san aitheasc seo chun díospóireacht nua, fholláin a chothú ar bheartais a dtabharfadh tacaíocht phraiticiúil don phobal bhreac-Ghaeltachta agus dá bhféiniúlacht. Tá na moltaí seo foilsithe sa leabhar Beartas Úr na nGael, Ó Giollagáin agus Ó Curnáin, 2016. Is iad na moltaí atá i mBeartas Úr na nGaelan t-aon iarracht atá ann anois ar chur chuige nua a shainiú atá bunaithe ar anailís mhacra-pholaitiúil chomhaimseartha.

Mura dtiocfar ar mhalairt treo, feicfear toradh thréigean na hathbheochana sna 1970í ag teacht i bhfeidhm ina iomláine sna 2010anna, sé sin anois: imeacht as pobal dúchais na Gaeilge, imeacht as na bhforas Stáit Gaeltachta, creimeadh leanúnach ar thacaíocht institiúideach agus ghréasánach d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge, indibhidiúlú na Gaeilge i dtaobh le cúrsaí imeallacha roghnacha an tsaoil fearacht cúrsaí ealaíne, agus dá bhrí sin iomlánú fheidhm shóisialta an Bhéarla i saol na hÉireann. Dá ghéire an éigeandáil is amhlaidh is géire go minic an gníomh tarrthála. Ó thaobh an Státchórais de, is iad na moltaí úra atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i leith na bunscolaíochta sa Ghaeltacht an t-aon eisceacht ar an mí-fheidhm oifigiúil seo i láthair na huaire.

Tá ceithre rogha maidir lena bhfuil i ndán don Ghaeltacht mar atá sí. An chéad rogha ná an Ghaeltacht oifigiúil a chur ar ceal. Luath nó mall, béarfaidh an fhíric bhalbh ar an mbolscaireacht - bolscaireacht ar gearr nach mbeidh aon bhonn sóisialta faoi - agus ní bheidh de rogha ag ceannairí an náisiúin Éireannaigh ach an t-aitheantas Gaeltachta a chur ar ceal. An dara rogha ná an status quo oifigiúil a choinneáil ar bun - deonú airgid don Ghaeltacht oifigiúil ón Stát i ngeall go bhfeileann sé do mhianaidhm Ghaeilge neamhréalaíoch an náisiúin. An tríú rogha ná struchtúir neartaithe Gaeltachta a chur i bhfeidhm ina ndéanfar iarrachtaí feabhas a chur ar ghnéithe áirithe de thacaíocht an Stáit, mar shampla, moltaí reatha chun feabhais na Roinne Oideachais agus Scileanna. An ceathrú rogha ná tacaíocht a thabhairt le beartas úr a chur i bhfeidhm. Molaimid an tríú rogha agus an ceathrú rogha. Is é sin an Iar-Ghaeltacht a neartú, an tríú rogha, agus ath-Ghaeltacht a bhunú tríd an mbeartas úr, an ceathrú rogha.

In aon leagan amach tarrthála do mhionteanga, beidh ceithre réimse pleanála i gceist: áit, i leagan tíreolais; caipiteal agus an margadh oibre; teanga - feidhm na mionteanga a bheith ann; agus pobal - rannpháirtíocht a bheith ag daoine. Is é aidhm na moltaí seo an pobal Gaelach a thabhairt ina ndlús arís trí bhíthin meicníochtaí sochaíocha, polaitiúla agus eacnamaíocha a chur i bhfearas. Dá bhrí sin, molaimid go mbunófaí struchtúir thacaíochta a dhéanfaidh cúram de na réimsí seo a leanas: tearmann na nGael, iontaobhas na nGael, dáil na nGael agus acadamh na nGael.

Sinne ar fad mar mhionlaigh teanga ar fud an tsaoil mhóir atá ar thob imeacht as, ní beag sin de léiriú ar na dúshláin atá i gceist, dúshláin atá an beartas úr ag iarraidh a mhaolú agus a láimhsiú. Beidh ceithre pháirt sa gcúram athnuachana seo agus is gá an struchtúr reatha Gaeltachta a athmhúnlú nó a bhabhtáil leis an tsraith áisíneachtaí comhfhreagracha seo a leanas. An chéad phointe ná bunú pobail ina mbeadh dlús sásúil cainteoirí gníomhacha Gaeilge i pobal agus a n-áit ina mbeadh sé sábháilte do Ghaeil Gaeilge a labhairt. Is é sin tearmann na nGael. An dara phointe ná iontaobhas pobail a dhéanfadh bainistiú ar acmhainní socheacnamaíochta. Is é sin iontaobhas na nGael. D’fhéadfadh dhá fhoinse mhaoinithe a bheith i gceist, maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach. An tríú phointe ná córas tionólaithe a thabharfadh deis do na Gaeil fóram ábhartha ceannaireachta a chur chun cinn. Is é sin dáil na nGael. An ceathrú phointe ná foras taighde a chuirfeadh comhairle straitéiseach ar fáil sa bpleanáil phobal mionlaigh. Is é sin acadamh na nGael.

Beidh trí chúram ar acadamh na nGael: taighde, tacaíocht acadúil agus taisce Ghaelach a reáchtáil. Tionscadal pleanála agus soláthar corpais a bheidh sa taisce Ghaelach a mbeidh dhá aidhm aige: doiciméadú ilghnéitheacht na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus soláthar foinsí ilghnéitheacha den chaint, den fheidhm shóisialta, den litríocht, den bhéaloideas, den aisteoireacht, den láithriú oideachasúil, den eolaíocht, agus gnéithe eile nach iad. Tá práinn mhór náisiúnta agus idirnáisiúta le taisce Ghaelach mar seo, mar má leanann meath na Gaeltachta ar aghaidh mar atá, is gearr nach mbeidh cainteoirí cumasacha ann lena leithéid a sholáthar agus is géar a theastóidh a leithéid d’acmhainní ó Ghaeil amach anseo, agus daoine eile a mbeidh suim acu san eitnitheangeolaíocht seo agus i dtaifeadtaí físiúla agus i léirithe feidhmiúla barántúla den chultúr seo ón tréimhse a raibh bonn sóisialta stairiúil leis.

Is mó dóchas a chothóidh modh oibre mar seo, mar atá á mholadh i mbeartas úr na nGael, seachas a bheith ag brath dóchas gan bunús atá sa status quo. Ní straitéis é dóchas gan bonn an chur chuige reatha, ach cothóidh straitéisí an bheartais úir dóchas réalaíoch.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.