Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Níl mé chun gealltanas a thabhairt don Chathaoirleach faoi bhuiséad an fhorais. Déanaim cásanna ar nós an cás seo a chur roimh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i gcónaí.

Phléigh mé le mo chomhghleacaithe anseo sa Roinn é. Ó thaobh fadhbanna laistigh den fhoras sin de, is ceist é sin do bhord an fhorais sa chéad áit. Caithfidh mé a rá nach bhfuair muid aon eolas ó thaobh na fadhbanna sin de. Chas mé leis an bpríomhfheidhmeannach agus an cathaoirleach roimh an sos agus phléigh muid cúrsaí búséid ach níor phléigh muid an cheist seo. Ní bhfuair mé aon cheist as sin amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.