Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Okay. Gabhaim buíochas leis an Aire faoin mhéid sin.

Tá ceist agam, agus muid ag caint faoi eagraíochtaí trasteorann, a bhaineann le Foras na Gaeilge. Fuair mé eolas cúpla lá ó shin mar gheall ar rudaí atá ag titim amach i dtaobh an fhorais. De bharr an gearradh siar airgid nó an cúlú infheistíochta san fhoras, tá na cultúrlanna i nDoire agus i mBéal Feirste i mbaol. Tar éis d'ionadaithe an fhorais agus na cultúrlanna cruinniú a bheith acu, tá siad ag caint anois faoi leath an bhuiséid a fhaigheann an dá chultúrlann a ghearradh siar. Ciallódh sé sin go dtiocfadh bac ar fhás an Cheathrú Ghaeltachta i nDoire agus i mBéal Feirste agus freisin go gcaillfear ceithre phost i nDoire agus trí phost i mBéal Feirste. Tá faitíos ann go mbeidh orthu na háiseanna seo a dhruid. I slí amháin, tá an Tuaisceart i bhfad níos fearr mar gheall ar an nGaeilge a chur chun cinn i measc an phobail lasmuigh den Ghaeltacht. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh cultúrlann i ngach cathair sa Deisceart. Is sampla é seo den tairbhe atá caillte nuair a déantar gearradh siar ar suimeanna airgid sa chaoi seo. An féidir leis an Aire Stáit a rá linn inniu go mbeadh níos mó airgid ag Foras na Gaeilge an bhliain seo chugainn, ionas go mbeidís in ann stop a chur leis an gearradh siar seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.