Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liomsa labhairt faoin straitéis 20 bliain. Is é seo an straitéis is mó atá ag an Rialtas maidir le dul chun cinn na Gaeilge agus méid na gcainteoirí Gaeilge thar timpeall na tíre. Tá sprioc ann sa straitéis go mbeidh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge gach uile lá. Tá sé bhliain ann ó foilsíodh an straitéis in 2010 agus tiocfaidh sé chun críche in 2030. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuilimid ag baint amach na huimhreacha sin agus go mbainfidh muid amach an oll-fhigiúr sin. Ag an móimint, de réir mar a thuigim é, de réir an daonáirimh dheireanaigh bhí 83,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil - taobh amuigh den chóras oideachais - sa tír seo. Ba cheart dúinn a bheith ag druidim le 150,000 duine faoin am seo chun an sprioc a bhaint amach. Tá bearna mhór ann idir an sprioc agus an méid atá bainte amach go dtí seo.

An fhadhb atá agamsa ná, de ghnáth, nuair a bhíonn muid ag caint faoi na figúirí seo, bíonn muid ag caint faoi figúirí agus ní performance indicators. An key performance indicator atá ann ná an méid daoine a bhfuil ag labhairt Gaeilge. Cad iad tuairimí an Aire Stáit faoi sin? Cén fáth nach bhfuilimid ag baint amach na spriocanna? Cad is féidir linn a dhéanamh? Cé mhéad airgead atá de dhíth ar an Roinn chun an sprioc sin a bhaint amach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.