Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Yes. Ceadaíodh €719,000 an tseachtain seo caite don togra maidir leis na gcúntóirí teanga. Cé gur laghdú é seo de thart ar €62,000 idir Mhuintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar an soláthar a ceadaíodh le dhá bhliain anuas, níl aon ghearradh siar déanta ar an airgead atá á chur ar fáil don obair a dhéanann na cúntóirí iad féin. Is laghdú é ar an soláthar a íoctar do riaradh na scéimeanna atá déanta ar dhá chúis. Tá na heagraíochtaí i gceist - Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne - ag fáil airgead substaintiúil ón Stát cheana féin i bhfoirm deontais agus a reáchtáil ar bhreis agus €600,000 do Mhuintearas agus breis agus €220,000 i gcás Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá siad ag fáil an t-airgead sin ó Údarás na Gaeltachta.

Chomh maith le sin, tá brú ar leith ar mo Vóta de bharr na méadaithe atá tugtha i mbliana ar an líon daltaí atá ag freastal ar na coláistí Gaeilge. Cé nach bhfuil na figúirí críochnúla ar fáil go fóill, tá thart ar 24,300 aitheanta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge go dáta agus tá roinnt íocaíochtaí le déanamh go fóill. É sin ráite, tá me sásta iarraidh ar mo chuid oifigigh - agus tá sé seo pléite agam leis an Ard-Rúnaí - an cheist a phlé leis an údarás ach ní féidir liom aon ghealltanas a thabhairt faoi láthair faoi sin. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá an scéim agus sin an fáth nach bhfuil aon laghdú ann ó thaobh an méid atá ar fáil ó thaobh phá na gcúntóirí. Tá na hoifigigh sa Roinn agus san údarás chun é seo a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.