Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Bhí conradh Aer Árann fíor-thábhachtach do mhuintir na n-oileán agus tá An Oifig um Sholáthar Rialtais ag déileáil leis na tairiscintí faoi láthair. Tá mé dóchasach go mbeidh cinneadh ann go luath. Tá an próiseas ag dul ar aghaidh agus tá mé dóchasach go mbeidh muid in ann conradh ceithre bliana a shíniú i mbliana. Sin an aidhm atá agam. Mar a dúirt mé, beidh mo Roinn agus An Oifig um Sholáthar Rialtais ag obair air sin ach, mar mar is eol don Teachta Ó Cuív, tá próiseas ar bun faoi láthair ó thaobh na dtairiscintí.

Maidir leis an gcinneadh a rinne mé an tseachtain seo caite ó thaobh an €6 mhilliún a thabhairt do Comhairle Chontae na Gaillimhe mar réiteach iomlán agus críochnúil, mar chuid de na coinníollacha a bhí ag baint leis an airgead bhí ar an gcomhairle contae glacadh leis an gcinneadh. Bhí muid ag plé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi sin. Sin na coinníollacha a leagadh síos an Roinn sin don airgead sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.