Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an obair atá á dhéanamh ag an Aire Stáit. Tréaslaím leis as a chuid oibre. Is dócha gur tháinig sé isteach ag am an-deacair nuair a bhí go leor fadhbanna fágtha dó.

Cuirim fáilte roimh an síneadh atá curtha leis an gconradh le haghaidh seirbhís aeir Árainn go dtí deireadh na bliana. An gceapann an Aire Stáit go mbeidh conradh nua in áit roimh dheireadh na bliana? Tá éiginnteacht á chruthú ag na seirbhísí leighis. Tuigeann an tAire Stáit an scéal - ach an oiread liom féin, tá sé sa Dáilcheantar - leis an éiginnteacht seo. Ar ndóigh, tá chuile dhuine againn ar bís go mbeidh conradh ceithre bliana i bhfeidhm. Is trua é nach ligeann an Aontas Eorpach dúinn conarthaí níos faide a réiteach. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil tairiscint de €6 mhilliún déanta le Comhairle Chontae na Gaillimhe i dtaobh breis chaiteachais ar chéanna Inis Meáin agus Inis Mór. Is í an fhadhb a bhaineann le tógáil céanna ná nach fios go dtí go dtosaíonn an tógáil cén leibhéal caiteachtais a bheidh ann. Ní fios céard atá ar ghrinneall na farraige. Tá dhá cheist bheag agam faoi sin. Cárbh as a tháinig an t-airgead? Conas a fuair an tAire Stáit an sábháil? Ní bhíonn "underspend" riamh ag na Ranna éagsúla - bíonn "savings" acu i gcónaí. Is sean-nós é sin. An bhfuil sé curtha in iúl don Aire Stáit ag lucht an chomhairle chontae go bhfuil siad tar éis glacadh leis sin mar íocaíocht iomlán ar an méid airgid atá ag seasamh amach? An nglanann sé sin an bealach le dul ar aghaidh le tograí eile?

Tá tagairt don Ghaeilge ar leathanach 146 de chlár an Rialtais. I líne leis an socrú a bhí déanta le Fianna Fáil nuair a bhí na cainteanna ar bun idir an dá pháirtí, tá gealltanas i gclár an Rialtais go ndéanfaí breis infheistíochta i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá iarratas déanta ag Conradh na Gaeilge ar €4 mhilliún, agus sé sin gan cúrsaí infreastruchtúr oileánda agus Gaeltachta san áireamh. Cheap mé féin go dteastódh €6 mhilliún, ar a laghad. Is eol dúinn go bhfuil sé soiléir go dtiocfaidh an t-airgead sin as an tsábháil mór ar chaiteachtas 1916 a bheidh ag an Roinn an bhliain seo chugainn. An mbeidh méadú, i líne le clár an Rialtais, ar an gcaiteachas ar an nGaeilge an bhliain seo chugainn? Rinne an tAire Stáit tagairt don an tríú cheist atá agam. An gceapann sé go mbeidh conraitheoir ceaptha an bhliain seo chugainn le haghaidh tógáil agus síneadh na céibhe ar Inis Oírr? An bhfuil sé i gceist aige iarraidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe dul ar aghaidh agus cead pleanála a iarraidh don togra ar Ché Inis Méain - is togra beag é i gcomhthéacs na tograí oileánda - chun an dara chuid den obair ar an gcé sin a dhéanamh? Tá an obair throm déanta. Mar is eol don Aire Stáit, déanfadh beagáinín airgid breise an-difríocht don togra seo. An bhfuil sé i gceist cead a thabhairt don chomhairle chontae dul ar aghaidh agus cead pleanála a lorg? De réir mar a thuigim, tá €500,000 ag an gcomhairle cheana féin don togra seo. Dá bhrí sin, ní bheadh mórán caiteachas i gceist.

Mar is eol don Aire Stáit, tá an-chonspóid ann le tamaillín beag anuas faoi scéim na gcúntóirí teanga. De réir mar a thuigim, tá méadú tagtha ar líon na scoileanna atá clúdaithe faoin scéim agus laghdú tagtha ar an méid airgid atá ar fáil faoin scéim.

Tá an t-airgead laghdaithe ó anuraidh agus ón bhliain roimhe. An féidir leis an Aire Stáit míniú a thabhairt cén fáth a raibh an fógra maidir leis na cúntóirí teanga deireanach i mbliana? Cén fáth go raibh laghdú airgid ann agus muid ag iarraidh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm? Ar ndóigh, táimid, agus Conradh na Gaeilge mar shampla, ag rá go mba cheart go mbeadh €4 milliún breise dó sin an bhliain seo chugainn. An feidir leis an Aire Stáit míniú cén chaoi ar tharla sé seo? An mbeidh sé in ann an breis airgid an-bheag atá i gceist a chur ar fáil leis an scéim a chur ar ais mar a bhí sé do na scoileanna a bhí ann go dtí seo agus le maoiniú breise a thabhairt do na scoileanna breise atá tagtha sa scéim. Mé féin a thosaigh an scéim áirid sin, mar a tharla, ar bhonn náisiúnta agus fáiltím roimh an gcinneadh a rinne an tAire Stáit é a leanúint, ach níl aon mhaith é a leanúint mura mbeidh an t-airgead ann.

An cheist dheireanach atá agam ar an Aire Stáit ná an bhfuil aon eolas aige faoi cén uair a bheidh an t-ionad i dTeach an Phiarsaigh i Ros Muc críochnaithe agus réidh le hoscailt. An bhfuil plean in áit nó comhréiteach déanta leis an OPW le foireann a ceapadh leis an áit a riar ar nós gach ionad eile atá ag an OPW ar fud na tíre?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.