Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá a lán ceisteanna curtha ag an Teachta. Tá a fhios agam nach bhfuil chuile rud atá i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge bainte amach mar a theastódh uainn, ach tá dul chun cinn déanta. Caithfimid an straitéis go léir a chur i bhfeidhm. Tá sé ráite agam gurb é sin ceann de na príomhaidhmeanna atá agam. Beidh mé ag obair ar an aidhm sin. Tá mé ag obair ar phlean gníomhach ionas go mbeidh a fhios againn cén Roinn nó cén eagraíocht a bheidh sé mar phríomhról acu an straitéis a chur i bhfeidhm - b'fhéidir go mbeidh an ról sin ag Foras na Gaeilge nó grúpa eile - agus go mbeimid in ann an t-airgead a fháil ionas go mbeidís ábalta é sin a dhéanamh.

Tá rudaí áirithe bainte amach. Mar shampla, bhí cruinniú againn le Foras na Gaeilge anuraidh maidir leis an bhfoclóir atá ar líne anois. Tá nuachtán ar líne, tuairisc.ie, curtha ar bun freisin. Tá córas ríomhaistriúcháin forbartha ag Fiontar agus Coláiste na Trionóide. Bhí Cathaoirleach an choiste ag an gcruinniú a bhí againn ó thaobh an 62 phost nua a chruthófar tar éis don Rialtas deireanach cinneadh a dhéanamh deireadh a chur leis an maolú a bhíodh ann i dtaobh córas aistriúcháin an Aontais Eorpaigh.

Is é an dúshlán atá againn anois ná go mbeimid in ann daoine a fháil chun na postanna sin a líonadh. Is deascéal é cinneadh an Rialtais ó thaobh cur i bhfeidhm na straitéise. Tá an ceart ag an Teachta nuair a deireann sé go dteastaíonn airgead chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá sé ráite agam go bhfuil sé i gceist agam athbhreithniú a dhéanamh ar sin. Beidh mé sásta oibriú leis an gcoiste seo, nó leis an bhfochoiste nua i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, chun é sin a chur i bhfeidhm.

Beidh an tAire, an Teachta Humphreys, i láthair ag cruinniú idir oifigigh na Roinne agus oifigigh ó Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn. Sílim go mbeidh na hoifigigh ag plé na deiseanna agus na dúshláin atá ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh airgid de. Tá sé ráite agam léi go mbeidh siad ag iarraidh níos mó airgid le haghaidh na pleananna atá acu chun postanna a chruthú agus obair torthúil a dhéanamh ar na pleananna teanga. Is cinnte go dteastaíonn níos mó airgid ón údarás. Tá sé sin ráite leis an Aire agus leis an Taoiseach. Beidh cruinniú idir an Taoiseach agus na hAirí Stáit go léir amárach agus déanfar plé ar na pleananna atá againn sa chomhthéacs sin. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh níos mó airgid ar fáil d'Údarás na Gaeltachta. Cuirim fáilte arís leis an mbreis airgid a fuair muid anuraidh.

I understand that responsibility for the non-Gaeltacht islands has been transferred from another Department. Certainly, the funding streams for such islands must have parity, at least, with the funding streams for the Gaeltacht islands. We will be looking to ensure such parity is there if it is not there already. Tá thart ar €643,000 i gceist mar bhuiséad caipitil agus €307,000 de sa chiste seo. Bhí deal déanta le Comhairle Contae na Gaillimhe ó thaobh €7.4 milliún.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.