Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an méid atá ráite aige. Baineann an chéad cheist atá agam leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Níl ach fíorbheagán den straitéis á chur i bhfeidhm.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit teacht ar an maoiniú leis an straitéis a chur i bhfeidhm go huile is go hiomlán, mar a bhí aontaithe ag an Rialtas sa bhliain 2010? De réir na meastúcháin atá curtha amach ag leithéidí Conradh na Gaeilge, teastódh suas agus anuas le €5 mhilliún breise an bhliain seo chugainn chun é sin a dhéanamh. An mbeidh an tAire Stáit in ann teacht ar an airgead sin? Gan an maoiniú sin, ní bheimid in ann obair na Gaeilge a dhéanamh i gceart. Tá allúntas breise d'Údarás na Gaeltachta san áireamh ansin, ar ndóigh. Chomh maith leis sin, go sonrach, an féidir leis an Aire Stáit a rá liom an bhfuil sé i gceist aige breis airgid a chur ar fáil don údarás le haghaidh na deontais bainistíochta a thugtar do na comharchumainn agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe? Is it the Minister of State's intention to increase the meagre funding that is made available to community development projects on the offshore non-Gaeltacht islands? Proper funding needs to made available to the development officers there.

Tá €644,000 curtha ar fáil mar bhuiséad caipiteal le haghaidh na hoileáin, ach is léir nach gcaithfear é sin ar Inis Oírr i mbliana. Is beag caiteachas a bheidh ar Inis Oírr ach ar réamhphleanáil agus mar sin de. Ós rud é nach bhfuil an tAire Stáit tar éis tairiscintí a lorg ag an am seo, de réir mar a thuigim, is ar éigean go mbeidh aon chonraitheoir ceaptha roimh dheireadh na bliana. An mbeadh an t-údarás aige an maoiniú seo a chaitheamh ar thograí eile oileánda, nó ar thograí eile Gaeltachta, roimh dheireadh na bliana? Bheadh sé sin an-úsáideach. Tá go leor oibre le déanamh. Is féidir go leor tograí a chur i gcrích ar na hoileáin agus ar an mórthír, ach an t-airgead sin a bheith ar fáil go ginearálta seachas é a bheith coinnithe le haghaidh togra nach tarlóidh i mbliana. Tá súil agam go bhfaighfidh an tAire Stáit allúntas mar a chéile an bhliain seo chugainn agus go mbeidh sé in ann dul ar aghaidh leis na céanna ar Inis Oírr agus ar Inis Meáin. Tá gá le tús a chur leis an bpróiseas pleanála i ndáilcheantar an Aire Stáit, an Teachta Ring, le haghaidh feabhas a chur ar Ché Rú an Átha. Tógfaidh sé thart ar cheithre nó cúig bliana sula mbeidh tógáil ar bun ansin. Is é sin an méid ama a thógann sé anois pleanáil a dhéanamh leis na rialacha ar fad atá ann. Ar ndóigh, tá Cé an Rannaigh le déanamh thuas i dTír Chonaill. D'fhéadfainn go leor tograí beaga eile oileánda agus Gaeltachta a lua. Is ceist ollmhór é sin.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit mar gheall ar an gcruinniú a bhí againn inné. B'fhéidir gur féidir leis a rá linn inniu, anseo ar thaifead na Dála, cén chaoi a seasann muid i dtaobh na haersheirbhíse go hÁrainn. An bhfuil aon dul chun cinn déanta ó shin maidir le comhaontú a dhéanamh le úinéirí an aerfoirt sna Mine? An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit féachaint le hairgead a fháil an bhliain seo chugainn le haghaidh an dá aertheirminéal ar an gCloigeann agus ar Inis Bó Finne agus le haghaidh seirbhísí aeir rialta a chur ar fáil go hInis Bó Finne?

Bhí sé luaite in Acht na Gaeltachta, 2012, a thug an Rialtas deireanach isteach, go mbeadh gréasáin Gaeltachta taobh amuigh den Ghaeltacht; sé sin, in áiteanna ar nós Cluain Dolcáin agus mar sin de. Ní féidir a leithéid a chur i bhfeidhm gan airgead. An bhfuil sé i gceist soláthar ceart airgid a chur ar fáil do na pobail sin, ionas go mbeidís in ann pleananna a leagan amach? Céard a chaitheadh a bheith ar fáil sna pobail seo ionas go mbeadh an stádas sin acu? Iarraim ar an Aire Stáit déanamh cinnte de go gcuirfidh an Stát an t-airgead seo ar fáil leis na saoráidí sin a sholáthar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.