Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht

4:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ceart go leor. Fáiltím roimh an gcoimisinéir agus roimh an obair an-mhór atá á dhéanamh anseo. Rud cinniúnach atá ráite ag an gcoimisinéir maidir leis an gcás cúirte ná gur sheas sé an fód agus gur éirigh leis sa chás cúirte. Molaim é as ucht an seasamh sin a thógáil.

Nuair a bhreathnaítear ar an bpictiúr iomlán, go háirithe i gcás faireacháin, nuair a théann siad isteach agus iad ag seiceáil go bun an bhfuil na heagraíochtaí sin ag comhlíonadh na scéimeanna atá siad féin in ann is á dhéanamh, léirítear go bhfuil neamhaird á thabhairt ag cuid mhaith eagraíochtaí ar obair na hoifige agus, dá bhrí sin, ar an dlí. Tá an Roinn i bhfad ar gcúl ó thaobh dhaingniú scéimeanna agus daingniú na scéimeanna nua ag teacht chun cinn. Ní léir dom go bhfuil aon fheabhas mhór ag teacht ar an Státchóras a bheith ag tacú le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus an obair atá ar bun ag an gcoimisinéir. Dá mbeadh an cás sin ag tarlú le haon duine de na Ombudsmen eile, bheadh raic mhór mhillteacht sna Tithe seo. Bheadh raic sa Dáil agus bheadh díospóireacht mhór mhillteach agus daoine ag rá nach rabhthas ag leanacht dlí na tíre.

Ar chúis amháin nó ar chúis eile, is cuma leis an Stát faoin nGaeilge. Ceaptar gur féidir beag is fiú a dhéanamh de. Chonaic muid é seo roimhe seo i gcás an Roinn Coimirce Sóisialaí nuair a dúradh nach raibh an t-airgead ann agus, dá bhrí sin, ní raibh an Roinn chun aird a thabairt ar bhreith an Ombudsman atá ag plé le cúrsaí Gaeilge. Níl sé sin maith go leor. Cad iad tuairimí an choimisinéara ina leith sin?

Tá an coimisinéir ag leagadh cúpla dualgas os ár gcomhair. Maidir leis na comhlachtaí nach dtagann faoin Acht ar nós an tÚdarás um Shábhailteacht ar Bhóithre agus Uisce Éireann, tá ról againn, b'fhéidir, scríobh chuig an Aire ag iarraidh nuashonrú a dhéanamh ar an liosta sin agus an péire sin ach go háirid a chur ann mar aon le haon chomhlachtaí eile a bhfuil an oifig ag fáil gearán fúthu.

Nuair a chonaic muid cinn Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014, bhí muid an-bhuartha go dtiocfadh sé chun cinn. Ar bhealach, dúirt muid gurb'fhearr linn nach dtiocfaidh sé chun cinn más iad cinn teidil nua a bhí ann a bhí le teacht ar aghaidh, ach tá gá le uasghrádú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. B'fhéidir go ndéarfadh an coimisinéir níos mó linn faoin gá atá ann leis an gcóras caighdeáin seachas na scéimeanna. Is léir gur cineál rud roghnach atá sna scéimeanna agus go bhfuil ag teip ar sin.

B'fhéidir gurb fhiú dúinn labhairt leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis an riachtanas Gaeilge ó thaobh na post. Is é an Roinn san atá i gceannas earcaíocht sa Státseirbhís agus sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh an choiste seo i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Howlin, maidir le daoine le Gaeilge a fhostú sna Ranna Stáit. Mar a deir an coimisinéir, níl sé sách maith nach mbeadh sé sin ag leanacht ar aghaidh.

Tá imscrúdú leagtha ag an gcoimisinéir os comhair na Tithe. Tá an coimisinéir ag leagadh ról os comhair an choiste seo go pointe áirithe. Nuair a leagann an coimisinéir imscrúdú os comhair an dTithe, is fúinne atá sé ag feidhmiú. Bheadh sé feiliúnach go dtiocfadh muide le chéile agus go n-iarrfadh muid ar an Roinn Oideachais agus Scileanna teacht os ár gcomhair maidir leis na ceisteanna atá ardaithe ag an gcoimisinéir maidir leis an imscrúdú áirithe seo.

Luaigh an coimisinéir an cás faoi Eircode. Tá cuid mhaith gearán cloiste againn faoi sin. Tuigim go bhfuil cuing áirithe ar an gcoimisinéir ó thaobh chúrsaí dlí ach an d'fhéadfadh sé míniú a thabhairt dúinn ar na deacrachtaí a chonaic sé ag teacht ós a chomhair. Céard iad na cinéal gearáin atá déanta agus céard iad na céimeanna sa phróiseas a bhéas á leanacht ó thaobh Eircode de?

Scéal mór eile ar baineadh cuid mhaith ábhar as i rith na bliana ná an rud seo faoi na pointí pionóis a chuireadh ar ceal de bharr nach raibh an taifead a tugadh do na dhaoine a bhí tar éis an dlí a shárú, de reir mar a thuig muid, ach i mBéarla amháin agus go bhfuil cinneadh déanta go raibh le bhéas. Ní dóigh liom go bhfuil se sin ina luí i ndáiríre le bun-phrionsabail Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ar féidir aon cheol breise a dhéanamh ar an ábhar sin?

Gabh mo leithscéal ach beidh orm fágáil ar 5 p.m. Má imím, ní drochmheas ar an gcoimisinéir atá ann ach de bharr cúraimí eile atá sé. Fáiltím go mór roimh an gcoimisinéir agus an obair ar fad atá ar bun aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.