Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Dhein mé dearmad fógra a thabhairt a bhfuil orainn a thabhairt i gcónaí. Tá an nóta seo as Béarla ach déanfaidh mé iarracht é a aistriú. Baineann sé le pribhléid parlaiminte, go háirithe agus finné ag tabhairt freagra ar cheisteanna a gcuireann comhaltaí. De réir alt 17(2)(l) den Defamation Act 2009 tá absolute privilege ag na bhfinnéithe maidir lena bhfianaise don choiste. Má iarrann an coiste orthu stad a chur leis an bhfianaise atá á thabhairt acu ar ábhar áirithe agus má leanann siad leis, níl siad ach i dteideal pribhléid cáilithe maidir lena bhfianaise. Iarrtar orthu gan ach fianaise maidir leis an ábhar atá á phlé againn a thabhairt agus aird a bheith acu ar an gcleachtadh parlaiminte nach ndéanfaí líomhaintí in aghaidh daoine atá ainmnithe ar bhealach ar bith.

Beidh ceisteanna againn anois. Tosóimid leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Ansan beidh ceisteanna ón Teachta John Halligan agus ón Seanadóir Susan O'Keeffe. Iarraim ar na comhaltaí gan a bheith ró-fhada mar thiocfaimid ar ais timpeall agus iarraim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh gan na ceisteanna maithe ar fad a sciobadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.