Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Photo of Terry BrennanTerry Brennan (Fine Gael) | Oireachtas source

Yes. Dúirt sí liom, agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air, go raibh ár dteanga féin ag fáil bháis. Bhí brón orm é sin a chloisteáil. D’fhiafraigh mé di céard a bhí sise ag déanamh faoi. Dúirt sí liom nach raibh faic á dhéanamh aici. Sin iad na focail a úsáid sí. B’fhéidir go ndéarfaidh mé an rud mícheart, ach ceapaim nach bhfuil an tsuim chéanna ag an chuid is mó de na múinteoirí sna scoileanna náisiúnta is a bhí ag mo mháistir nuair a bhí mise sa scoil náisiúnta.

Tá scéal beag eile agam. Bhí mé ag caint le cailín óg cúpla seachtain ó shin a rugadh agus a tógadh sa Laitvia í. I asked her how she was doing in school and she said she was doing very well. She was in sixth class, about to go to secondary school, so I specifically asked her what languages she could speak. She could speak Latvian, Russian and English. I asked her how she was in Irish. Dúirt sí liom gurb í an cailín is fearr sa Ghaeilge sa scoil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.